Scoilt idir na deartháireacha Xhaka
Deirtear go minic go mbíonn na himreoirí ar an bhfoireann náisiúnta chomh gar dá chéile agus a bheadh deartháireacha ach beidh sé sin fíor ar aon nós i gcás seisear a bheidh páirteach sna cluichí sa bhFrainc. Le linn an deireadh seachtaine d’imir Vasili and Aleksei Berezutski don Rúis; bhí Jonny agus Corry Evans ina mbaill d’fhoireann Thuaisceart Éireann agus beidh an scéal céanna fíor i gcás na Beilge anocht agus Romelu agus Jordan Lukaku mar bhaill den scuad.
Tá beirt deartháireacha eile ag an gcomórtas ach bhí orthu an ceangal clainne a chur ar leataobh ar feadh 90 nóiméad ar an Satharn mar gur ag imirt in aghaidh a chéile a bhí siad.
Rugadh Granit agus Taulant Xhaka i Basel na hEilvéise ach cé go n-imríonn Xhaka don tír inar rugadh é, rinne Taulant an cinneadh imirt don Albáin, tír a mhuintire. Thosaigh an bheirt an cluiche i nGrúpa A le linn an deireadh seachtaine ach ba é Granit amháin a bhí ag ceiliúradh ag an deireadh; bhí bua 1-0 faighte ag an Eilvéis.
Ceacht staire ag teastáil don FAI
Irish history, as “played” by the @FAIreland (source: https://t.co/FQpjz6SjZ8).
#Fail #COYBIG #GAWA #EURO2016 pic.twitter.com/NSS7FKlOpx— Damian Mac Con Uladh (@damomac) June 11, 2016
Ina leabhrán ar líne ‘The Cool Kids Guide to Euro 2016’, déanann an FAI iarracht stair agus fíricí a thabhairt faoi na tíortha ar fad atá ag glacadh páirt in EURO 2016. Faraor, tá ceacht staire ag teastáil ón té a chuir an leabhrán le chéile; ní amháin go raibh botún ann ach bhain an botún sin le stair na tíre seo. Scríobhadh “After years of civil war, Ireland became a republic in 1921. At this time, Britain negotiated with Ireland to keep the six counties in the north-east of Ireland”. Dar ndóigh, ba é Cogadh na Saoirse a chríochnaigh i 1921 seachas an Cogadh Cathartha, agus níor fógraíodh an tír ina poblacht go dtí 1948. I mbliana, thar aon bhliain eile, cheapfá go mbeadh stair na hÉireann i gceart acu! Is léir gur ndearna lucht an FAI suntas do na botúin tar éis do na meáin shóisialta aird a tharraingt orthu agus tá leasuithe déanta ar an sliocht ó shin.
Níl cuma ná caoi ar chúil báire EURO 2016
Cé gur scóráil Dmitri Payet ceann de na cúil is fearr a fheicfimid sa chomórtas seo i gcluiche na Fraince ar an Aoine, is beag a chuimhneoidh ar an gcéad chúl a scóráladh i gcluichí EURO 2016. Botún de chuid Ciprian Tatarusanu, cúl báire na Rómáine a thug an deis do Olivier Giroud an cúl a aimsiú agus ní hé seo an t-aon cheann atá feicthe againn a tharla de bharr botún a rinne cúl báire.
Ar an Satharn, theip ar chúl báire na hAlbáine liathróid a ghlanadh amach óna chearnóg agus tugadh deis don Eilvéis an t-aon chúl sa chluiche sin a fháil. Fiú na cúil mhaithe atá feicthe againn, seachas ceann Payet, is cinnte go bhféadfadh na báireoirí uile iarracht níos fearr a bheith déanta acu. Rinne cúl báire na Slóvaice praiseach dá iarracht cic saor Gareth Bale a stopadh; bhí an balla cosanta curtha san áit mhícheart ag Igor Akinfeev na Rúise nuair a scóráil Sasana agus, fiú inné, is buille den chéad scoth a bhí i gcúl Luka Modric don Chróit ach fós chuaigh sé isteach faoi lámh chúl báire na Tuirce, Volkan Babacan. Ba dheas linn dá leanfaí leis na botúin sin i gcás na bhfoirne a bheidh in iomaíocht le hÉirinn ach thairis sin nár bhreá an rud é cúl a fheiceáil nach dtarraingeodh 10 nóiméad plé faoi laigí nó láidreachtaí an chúil báire.
An Tvuít is fearr
You had ONE job, E! pic.twitter.com/uTDdwwkybr — Iain Macintosh (@iainmacintosh) June 11, 2016
Concubhar
Is i 1849 a fógraíodh na 26 contae ina poblacht. Ach an poblacht í?
Concubhar
Doh! 1949