Dialann EURO 2016: Cuimhne CLG Coleman agus díbirt Shasana

Cumas Coleman sa pheil Ghaelach, Buffon ag luascadh leis arís agus scéalta aite eile ón bhFrainc le cúpla lá anuas

2016 UEFA European Championship Group E, Grand Stade Lille Métropole, Villeneuve d'Ascq, Lille, France 22/6/2016 Republic of Ireland vs Italy Ireland's Seamus Coleman celebrates at the final whistle Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cumas Coleman sa pheil Ghaelach le feiceáil sa Fhrainc

Agus é ag ullmhú don chluiche in aghaidh na Fraince, seans go raibh leathshúil ag Seamus Coleman ar an gcluiche i gCraobh Peile Uladh idir Dún na nGall agus Muineachán oíche Dé Sathairn. Bhreathnaigh sé go raibh an cluiche sin ar a intinn fós aige agus é ag imirt d’Éirinn ar an Domhnach mar fuair muid spléachadh ar a chumas peile agus é ag fáil réidh chun an liathróid a chaitheamh isteach.

Bhí cur chuige Coleman gan locht agus é ag ardú na liathróide mar a dhéanfadh imreoir peile. É cromtha síos mar is ceart, a chos go tréan faoin liathróid agus an dá lámh in úsáid aige chun í a bhreith chuige féin. Bheadh a iarthraenálaí peile sna Cealla Beaga bródúil as. Seans maith gur chas Coleman le cuid mhaith de chumann CLG na gCealla Beaga oíche Luain nuair a tháinig sé abhaile. Tháinig muintir an bhaile ar fad amach chun fáilte a chur roimh fhear Everton agus mórshiúl eagraithe acu in ómós dó. Cá bhfios cad a dhéanfadh siad dá mbeadh an comórtas buaite aige!

Níor chaill fear an mhisnigh riamh é

Ag tús an chomórtais, sa chluiche inar bhuaigh an Iodáil ar an mBeilg, thit cúl báire na hIodáile ar a thóin agus é ag luascadh ón trasnán mar chuid dá cheiliúradh. Chuireamar beagáinín comhairle an uair sin ar fhear Juventus a bheith níos cúramaí, go háirithe agus é beagnach daichead bliain d’aois.

Is léir nár thug Buffon aird ar an gcomhairle sin, áfach. Nuair a bhuaigh an Iodáil ar an Spáinn Dé Luain, rith Buffon ar ais i dtreo an trasnáin ach, an uair seo, ní dhearna sé ceap magaidh de féin.

Flatley na Breataine Bige ar ais ar stáitse

Fear eile a bhfuil áit bainte amach don dara huair aige inár nDialann EURO 2016 ná Joe Ledley. Chonaic muid ag damhsa é tar éis don Bhreatain Bheag áit a bhaint amach sa dara babhta ach thug sé taispeántas níos fearr fós sa seomra feistis tar éis dá fhoireann an ceann is fearr a fháil ar Thuaisceart Éireann ag an deireadh seachtaine.

Bhí an scuad uile ag ceiliúradh agus iad ag breathnú ar bhua na hÍoslainne in aghaidh Shasana. Imríonn cuid d’imreoirí na Breataine Bige leis na Sasanaigh chéanna, a díbríodh as an gcomórtas i Nice, ach is beag trua a bhí acu dá gcomhghleacaithe Príomhroinne.

Fág freagra ar 'Dialann EURO 2016: Cuimhne CLG Coleman agus díbirt Shasana'