DIALANN EURO 2016: Ceannaireacht Ronaldo agus cóisir chlainne na Breataine Bige

Tá tuilleadh scéalta aite ón bhFrainc ag ár gcolúnaí

An Phortaingéil ag lorg a gcéad bhua taobh istigh de 90 nóiméad

Cristiano Ronaldo. INPHO/Action Images/Paul Thomas
Cristiano Ronaldo. INPHO/Action Images/Paul Thomas

Anocht, tabharfaidh an Phortaingéil aghaidh ar an mBreatain Bheag i gcluiche leathcheannais EURO 2016. Cé go bhfuil duine de na himreoirí is fearr ar domhan acu, Cristiano Ronaldo, tá an t-ádh ar an bPortaingéil go bhfuil an babhta seo den chomórtas bainte amach acu mar níor bhuaigh siad cluiche ar bith go fóill taobh istigh de 90 nóiméad.

I mbabhta na ngrúpaí, ba ar comhscór a chríochnaigh na trí chluiche a bhí acu. Ina dhiaidh sin, bhí am breise ag teastáil uathu chun an ceann is fearr a fháil ar an gCróit agus bhí ciceanna éirice ann ina gcluiche ceathrú ceannais in aghaidh na Polainne.

Go deimhin, díbríodh an Pholainn féin ó EURO 2016 cé nach raibh siad chun deiridh riamh le linn an chomórtais.

Ronaldo an ceann feadhna

Ag trácht dúinn ar an bPortaingéil agus Ronaldo, léirigh sé arís le linn na gciceanna éirice in aghaidh na Polainne gurb é ceannaire na foirne é.

Agus na himreoirí ag fáil faoi réir do na ciceanna éirice, dhiúltaigh an t-imreoir lár páirce Joao Moutinho ceann a thógáil. Tá Moutinho ar cheann de na himreoirí is mó taithí ar an bhfoireann ach is léir nach raibh an misneach aige cic éirice a thógáil, go háirithe tar éis dó ceann a chuir amú in aghaidh na Spáinne le linn EURO 2012.

Nuair a chonaic Ronaldo go raibh drogall air, áfach, dhírigh sé ar Moutinho agus dúirt leis cic a thógáil. “Buaileann tú go maith iad. Má chailleann muid, bíodh an diabhal aige,” a dúirt Ronaldo.  Is léir go raibh feidhm leis caint spreagúil mar scóráil Moutinho a chic éirice. Níl a fhios againn, áfach, an mbeadh Ronaldo chomh tuisceanach céanna dá mbeadh a iarracht curtha amú ag a chomhghleacaí.

‘Ní cóisir chlainne é seo…’

Cl0jySUWQAAM9Mk
Gareth Bale agus a iníon, Alba

Bhí na pictiúir d’imreoirí na Breataine Bige ag ceiliúradh ar an bpáirc lena gcuid páistí i measc na n-íomhánna is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine i EURO 2016. Tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Thuaisceart Éireann agus an Bheilg, thug imreoirí na Breataine Bige a gcuid páistí amach ar an bpáirc chun ceiliúradh leo. Ach tá deireadh curtha anois ag UEFA leis an nós sin.

“Craobh na hEorpa atá anseo, ní cóisir chlainne,” a deir lucht eagraithe an chomórtais. Deir siad gur mar gheall ar an innealra a bhíonn ar an bpáirc i ndiaidh ma gcluichí atá siad ag cur cosc ar na gasúir.

Ar a laghad, cuirfidh cinneadh UEFA deireadh le tuairiscí míchruinne sna nuachtán. Agus na himreoirí agus a gcuid gasúr ar an bpáirc i ndiaidh a mbua ar Thuaisceart Éireann, scaip an Telegraph físeán ar Twitter ag cur síos ar an gcúl a scóráil iníon Gareth Bale i rith an cheiliúrtha. Faraor, ní hamháin nach í iníon Bale a bhí ann ach buachaill ab ea an té a d’aimsigh an cúl. Imreoir eile de chuid na Breataine Bige, Dave Edwards, athair an bhuachalla, a chuir a mbotún ar a súile do lucht an nuachtáin.

Screen Shot 2016-07-06 at 19.05.34

Ná luaigh ciceanna éirice leis na Gearmánaigh

Thomas Müller. INPHO/Dan Sheridan
Thomas Müller. INPHO/Dan Sheridan

Bhí ciceanna éirice ag teastáil freisin chun na foirne a scaradh óna chéile sa chluiche ceathrú ceannais idir an Ghearmáin agus an Iodáil. Ba dheacair buaiteoir a roghnú sa cheann seo mar, cé nach raibh cluiche caillte ag an Ghearmáin ar chiceanna éirice le 40 bliain, ní raibh an Iodáil buailte acu riamh i gcluiche comórtais. Agus captaein na bhfoirne ag socrú a thógfadh an chéad chic agus cén cúl a bheadh rompu, roghnaigh Bastian Schweinsteiger an cúl a raibh lucht tacaíochta na hIodáile taobh thiar de. Is léir gur chuir sé seo iontas ar an réiteoir, Viktor Kassai, mar chuir sé an cheist ar an nGearmánach faoi dhó ar thuig sé an rogha a bhí déanta aige. Bhí an lá le Schweinsteiger áfach agus an bua ag an nGearmáin 6-5 ar deireadh.