DIALANN AE: Níl aon dá lá mar an gcéanna sa Bhruiséil

Bhí sé i gceist agam trí mhí a chaitheamh ann, agus go bhfillfinn abhaile le carn taithí ina dhiaidh sin. Ach is mó cor a bhíonn sa saol – 11 bliain ina dhiaidh sin agus táim fós ag obair don Pharlaimint

DIALANN AE 2

8.00: Maidin Dé Luain agus aghaidh á tabhairt agam ar naíolann na Parlaiminte le mo bheirt iníonacha. Tá an té is sine, trí bliana go leith, in ardfhoirm agus í ag casadh amhráin Fraincise:

‘Cours, cours, petit cochon, tu n’est pas loin de ta maison… Cours, cours, petit cochon….’

Tá a deirfiúr bheag, bliain go leith, suite trasna uaithi sa bhugaí ag gáirí agus í ag déanamh aithrise uirthi. Gaolainn atá acu ó Mhamaí, Béarla ó Dhaidí ach is i bhFraincis a labhraíonn siad lena chéile den chuid is mó. Ní haon iontas an méid seo ós rud é gur i dtimpeallacht Fhraincise a chaitheann siad formhór an lae i gcaitheamh na seachtaine. Beidh an té is sine ag tosnú sa bhfómhar ar scoil Bheilgeach nach bhfuil ach 100 slat nó mar sin ó bhaile. Cabhraíonn a ghaire dhuit is atá gach aon ní sa Bhruiséil go mór leat.

8.10: Beirim barróg mhór ar an mbeirt acu á rá go mbeidh Daidí chucu tráthnóna. Má bhíonn an aimsir go breá, rachaimid go dtí an pháirc le chéile. Buailim bóthar ansan chun aghaidh a thabhairt ar m’oifig i bParlaimint na hEorpa, atá 20 nóiméad siúil uaim.

8.30: Logálaim isteach agus seiceálaim na cruinnithe don mhaidin: cruinniú foirne físchomhdhála le Lucsamburg ar 9.30 agus, ar 11.00, tabharfad cur i láthair ar an aistriúchán i bParlaimint na hEorpa do ghrúpa cuairteoirí. Chím go mbeidh grúpa ó m’alma mater féin, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, ina measc. Ní minic a bhíonn cuairteoirí chugainn ó Éirinn, mar sin táim ag súil go mór leis an gcuairt áirithe seo.

8.45: Caithim súil ar shuíomhanna mheáin shóisialta na Parlaiminte agus ullmhaím cúpla tvuít agus míreanna do Facebook faoi na comórtais aistriúcháin EPSO don Chróitis, don Danmhairgis, don Ghaeilge, don Liotuáinis agus don Mháltais.

Is mó cúram éagsúil atá orm sa phost seo mar Oifigeach Caidrimh Phoiblí do Sheirbhís Aistriúcháin Pharlaimint na hEorpa, an Pharlaimint is ilteangaí ar domhan. Níl aon dá lá mar an gcéanna. Agus mé síoraí i dteagmháil leis an bpobal, bím ag obair lena lán seirbhísí éagsúla laistigh den Pharlaimint. Is ábhar mórtais dom é gur do Pharlaimint na hEorpa atáim ag obair – an t-aon institiúid Eorpach atá tofa go díreach ag muintir na hEorpa gach cúig bliana – áit ina bhfuil an chumarsáid leis an bpobal ina croílár i ngach aon ní a dhéantar. Craoltar na díospóireachtaí i 23 teanga oifigiúil, agus is féidir leis an bpobal eolas a fháil faoi obair na Parlaiminte mar aon le cuairt a thabhairt uirthi.

Roisin Hemi copy

Thosnaigh mo shaol sa Pharlaimint in 2005 nuair a thánag go Lucsamburg, mar oiliúnaí i Roinn Aistriúcháin an Bhéarla, chun tréimhse trí mhí a chaitheamh ag aistriú ón bhFraincis, ón nGearmáinis agus ón Spáinnis go Béarla. Bhí sé i gceist agam na trí mhí sin a chaitheamh ann, agus go bhfillfinn abhaile le carn taithí ina dhiaidh sin. Ach is mó cor a bhíonn sa saol – 11 bliain ina dhiaidh sin agus táim fós ag obair don Pharlaimint, ach sa Bhruiséil anois seachas i Lucsamburg. I dtosach, ghlacas le conradh mar an chéad aistritheoir Gaeilge sa Pharlaimint. Roinnt blianta ina dhiaidh sin ceapadh mar Cheann Roinne do Sheirbhís Aistriúcháin na Gaeilge mé. In 2015 bhogas go dtí an Bhruiséil don phost atá agam fé láthair. Cé gur breá liom saol na Bruiséile, fanfaidh na naoi mbliana i Lucsamburg liom go deo – thaitin an saol ann go mór liom.

13.30: Cuirim slacht ar aitheasc a scríobhas don Ardstiúrthóir a thabharfaidh sé i Vín níos déanaí sa tseachtain.

14.00: Tá físeán á thaifeadadh againn do shuíomh Facebook na Parlaiminte ar na deiseanna d’oiliúnaithe aistriúcháin i Lucsamburg do na teangacha oifigiúla go léir. Deis iontach is ea tréimhse oiliúna d’éinne a bhfuil céim bainte amach aige nó aici in aon ábhar, mar aon le heolas maith ar dhá theanga anuas ar a t(h)eanga dhúchais.

17.30: Fágaim cruinniú pleanála do Lá Eorpach na dTeangacha a cheiliúrtar an 26 Meán Fómhair gach bliain ar fud na hEorpa. Freagraím cúpla ríomhphost sara mbuailim bóthar ar 17.45.

18.00: Sroichim Le Parc du Cinquantenaire agus an ghrian ag spalpadh anuas. Is mó páirc dheas atá sa Bhruiséil ina bhfuil áiseanna iontacha do gach éinne, idir óg agus aosta. Is minic a bhíonn picnic againn lenár gcairde ann, idir Bheilgigh agus eachtrannaigh eile. Agus sinn i bhfad ó bhaile, is mór againn é go bhfuil an-chuid cairde againn anseo sa Bhruiséil.

Gan amhras, mothaímid uainn ár muintir sa bhaile. Is minic a théimid abhaile agus is minice fós a thagann daoine ar cuairt chugainn. Caithfimid roinnt seachtainí in Éirinn i mí Lúnasa agus táimid ag súil go mór leis sin. Is cinnte gur mó amhrán Gaolainne agus Béarla a bheidh ag na cailíní i ndiaidh na tréimhse sin i measc ár muintire.

– Is Oifigeach Caidrimh Phoiblí i bParlaimint na hEorpa í Róisín Ní Úrdail. Tá cónaí uirthi sa Bhruiséil. Chaith sí 9 mbliana i Lucsamburg mar aistritheoir Béarla agus Gaeilge agus, ina dhiaidh sin, mar Cheann Roinne ar Sheirbhís Aistriúcháin na Gaeilge

Fág freagra ar 'DIALANN AE: Níl aon dá lá mar an gcéanna sa Bhruiséil'

  • Síle de Paor

    Alt deas, suimiúil, le cur amach maith ar an obair agus an saol sa Bhruiséil.

  • Seán Ó Floinn

    Ní thuigim cén fáth nár fhoilsigh sibh mo thrácht – ní raibh mé ach ag tarraignt airde ar an dochar a dhéanann naíolann do pháistí óga, dearcadh a bhfuil go leor fianaise agus taighde ar fáil dó. Mura dtaitníonn an tuairim seo libh nó má tá fianaise éigin agaibh ina choinne, cén fáth nach roineann sibh an t-eolas sin liom ionas gur féidir liom agus léitheoirí eile machnamh a dhéanamh ar an scéal agus ár n-intinn féin a dhéanamh suas.

    Ní dhearna mé ionsaí pearsanta ar bith ar an údar.

    Ach in ionad sin scriosann sibh mo thrácht, rud a léiríonn go bhfuil meon laginntineach agus cúng-aigeanta ar an suíomh seo. Níl sibh sásta díospóireacht nó plé a dhéanamh ar an gceist. Toisc nár aontaigh sibh leis an trácht scriosann sibh é. Trí chinsireacht den chineál sin a chur i bhfeidhm ar an tuairim a nocht mé is ag cur ceartaiseacht pholaitiúil an lae i bhfeidhm atá sibh. Is dócha go gceapann sibh gur meon coimeádach réamhchlaonta atá agam ach ní cúis mhaith é sin chun trácht a chur faoi chois.

  • Seán Ó Floinn

    Leagann an AE rialacha síos i dtaobh an méid cócó atá ceadaithe i seacláid. Seafóid den chineál seo a chuireann olc ar dhaoine. Bain taitneamh as a leithéid de rud a aistriú: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=URISERV%3Al21122b