Tá sé rídheacair an cinneadh a dhéanamh do thír dhúchais a thréigean. Ach sin cinneadh a rinne mise in 2009, chun aghaidh a thabhairt ar an mBruiséil mar aistritheoir. Cé go n-airím uaim cúrsaí ag an mbaile caithfidh mé a admháil nach bhfuil aon áiféala orm fén gcinneadh céanna. Mar a rinne na proinsiasaigh a d’fhág aimsir na ngéanna fiáine agus a chuir fúthu i Leuven, d’fhágas an seanfhód im’ dhiadh, Ó Dónaill, De Bhaldraithe agus Dinneen i mo ghlac agam chun an teanga a chaomhnú thar lear. Cé go bhfuil an tírghrá go smior ionam, tá mé sásta fanacht ar deoraíocht ón áit is cóngaraí dom’ chroí. Cén fáth sin?
Bhuel, tá pobal mór Éireannach anseo sa mBruiséil. Deirtear go bhfuil tuairim is 10,000 Gael lonnaithe anseo. Ní beag an líon ina measc a bhfuil Gaeilge acu ach an oiread. Nuair a thagann an cumha ag cnagadh ar an doras, tagann an pobal seo i gcabhair ort. D’fhéadfaí feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge anseo. ‘Sí an Ghaeilge teanga an aonaid. Sa chlub CLG, ‘An Chraobh Rua’ cloistear Gaeilge. Bíonn an teanga le clos ag na seisiúin cheoil a eagraítear go mion minic. Má tá ceapaire agus comhrá uait agus tú i lár an bhaile is féidir bualadh isteach chuig ‘Delish’. I Séipéal Naomh Antaine tá Gaeilge ag na sagairt. Géanna fiáine agus proinsiasaigh iad beirt, mar a tháinig rompu.
Dea-scéal amach is amach don teanga go mbeidh deireadh leis an maolú ar an nGaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha agus go n-osclófar na geataí chun cúpla céad duine breise a earcú idir é seo agus 2022. Beidh impleachtaí móra aige sin ar fhorbairt ‘Ghaeltacht na Bruiséile’. Beidh níos mó daoine ag freastal ar na himeachtaí a eagraíonn grúpaí diongbháilte amhail Coiste Sheachtain na Gaeilge agus Na Gaeil i gcéin. Iad siúd a thagann agus a bhfuil páistí acu, cuirfidh siad go mór le líon na daltaí sna ranganna Gaeilge sna scoileanna Eorpacha agus deimhneofar leis sin áit níos lárnaí ar an gclár ama don teanga. Beidh páistí á dtógáil le Gaeilge i bpáirceanna glasa na Bruiséile.
Tá uaillmhian agus dúshlán ag baint le líonadh an méid postanna atá fógartha ach tá sé indéanta. Tá a lán cúrsaí ar an bhfód anois idir nua agus seanbhunaithe agus beidh sé fíorspéisiúil breathnú ar na hollscoileanna/coláistí agus iad ag iarraidh an móréileamh seo a shásamh. Beidh sé ina ghéarchoimhlint eatarthu agus beidh orthu nithe éagsúla a shníomh isteach sa mhullach ar an méid a bhíonn ar na gnáthchúrsaí, amhail Trados, EPSO, teangacha, cuairteanna ar na hinstitiúidí srl.
Caithfidh an rialtas níos mó tacaíochta a chur ar fáil do na cúrsaí seo mar cuireann sé borradh faoin teanga sa bhaile agus thar lear.
Is cúis mhór bróid é bheith lonnaithe anseo sa mBruiséil agus lorg laochra áirithe a leanúint. Daoine ar nós Maolmhaodhóg Ó Ruairc ó Co. Fhear Manach, a chuir an-chuid lón léitheoireachta ar fáil d’ábhair aistritheoirí. Nó Seán Ó Luing ó Bhaile an Fheirtéaraigh a tháinig ar iasacht ó Rannóg an Aistriúcháin luath sna seachtóidí chun na chéad chonarthaí aontachais a aistriú. Tá léargas maith ar a thréimhse anseo sa leabhar ‘In Ardchathair na hEorpa’. Tá an lóchrann a d’adhain siad fós ar lasadh.
San obair fhéin, tá an-éagsúlacht i gceist. In aon lá amháin d’fhéadfaí tosnú amach le píosa Fraincise go Gaeilge ar maidin. Ansin roimh an lón, b’fhéidir píosa reachtaíochta. Teanga dhocht a bhíonn sna Rialacháin ina gcloítear leis na fasaigh. Théis an lóin d’fhéadfaí píosa a aistriú don suíomh idirlín, réim níos scaoilte ná an reachtaíocht agus roimh imeacht b’fhéidir go mbeadh scil eile le cleachtadh má thagann óráid isteach. Is minic a bhíonn siad foclach, meafarach agus bheadh imeartas focal ag teastáil nó caint fhileata. Taobh amuigh den aistriúcháin tá neart deiseanna chun cur le do cv trí theangacha nua a fhoghlaim nó freastal ar sheimineáir éagsúla.
Tríd is tríd, tá an-saol anseo sa mBruiséil. Post maith agus comhluadar maith. I gcaoch na súl, is féidir bheith i bPáras nó Amstardam, sa Ghearmáin nó aon áit san Eoraip. Áit éagsúil gach deireadh seachtaine má tá fonn bóthair ort. Éinne a bhfuil leathshúil acu ar an mBruiséil agus iad idir eatarthu fé theacht, mholfainn go mór é.
– Is Aistritheoir i gComhairle an Aontais Eorpaigh é Ciarán Ó Ceallaigh
– Ag eascairt as rialachán a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh i mí na Nollag seo a chuaigh thart (Rialachán ón gComhairle 2015/2264), tiocfaidh méadú ar líon na foirne Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha as seo go dtí tús na bliana 2022, tráth a bheidh an fhoireann Ghaeilge ar aon mhéid le foirne na dteangacha oifigiúla eile. Seolfaidh an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) comórtas oscailte d’aistritheoirí Gaeilge ar an 9 Meitheamh 2016. Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas oscailte d’aistritheoirí ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO. Is fiú freisin súil a choinneáil ar mheáin shóisialta na n-insititiúidí Eorpacha: tá An Coimisiún Eorpach anseo, Parlaimint na hEorpa anseo agus An Chomhairle anseo
Seán Ó Floinn
Cur amú airgid agus ama is ea aistriúchán sa Bhruiséil: ní thuigim cén fáth a gcaitheann Gaeilgeoirí an oiread sin fuinnimh agus ama leis an AE, in áit díriú ar chás na Gaeilge sa bhaile. Cur amú tallainn agus cumas na nGaeilgeoirí san AE is ea é – bheidís i bhfad níos fearr as sa bhaile ag tacú le cás na Gaeilge abhus.
Seán Ó Floinn
A Chiaráin, ar mhiste leat a rá linn cén fiúntas a bhaineann leis an AE do chás na Gaeilge? Is aisteach an rud é go bhfuil Gaeilgeoirí áirithe sásta an méid sin ama a chaitheamh ag plé leis an nGaeilge san AE – ní dhéantar é ach ar mhaithe le poist a chur ar fáil dá chéile is cosúil chun airgead éasca a dhéanamh. Ach is margadh leis an diabhal é seo – caithfear d’anam a dhíol ag aistriú truflaise chun stór airgid a fháil ón gcáiníocóir Eorpach. Is mar gheall ar obair in aisce den chineál seo go bhfuil daoine ag éirí amach i gcoinne an AE – feictear dóibh go bhfuil go leor post den chineál seo nach bhfuil fiúntas ná brí ag baint leo á maoiniú ag an gcáiníocóir Eorpach.
Dáithí Mac Cárthaigh
Is dlúthchuid de Dhlí na hÉireann é Dlí an Aontais Eorpaigh.
An teanga nach bhfuil Dlí na tíre ar fáil inti, níl in ann di ach an bás.
Cheana féin tá dea-thionchar an ardú stádais san AE don Ghaeilge le feiceáil leis an mborradh faoin bhfoclóireacht.
Leanfar den bhorradh seo.
Ní beag sin ar 2 € sa bhliain in aghaidh an tsaoránaigh do 24 teanga oifigiúil. Cur amú airgid go deimhin!
Seán Ó Floinn
Má tá foclóir uasdátaithe ag teastáil ba cheart dúinn an chiall a bheith againn féin airgead a chaitheamh air sin seachas bheith ag brath ar fhlaithiúlacht an AE. Bheadh aistritheoirí a bhfuil saineolas acu san fhoclóireacht i bhfad níos fearr as sa bhaile in Éirinn ag tabhairt misnigh don chuid eile againn in áit a bheith thall sa Bhruiséil i mbun stocaireachta. Anuas air sin, roinnt mhaith dá bhfoilsíonn an AE tá sé dothuigthe fiú sa Bhéarla – cén fiúntas é a leithéid a aistriú go Gaeilge? Rud amháin atá tar éis go leor frustrachais a chothú i gcás an AE ná doléireacht na teanga: tá grúpaí ag impí ar institiúidí an AE teanga intuigthe a úsáid (https://www.euractiv.com/section/languages-culture/news/new-campaign-seeks-end-to-impenetrable-euro-speak/)
Níl fheictear domsa cén mhaith a dhéanann ‘ardú stádais’ don Ghaeilge san AE – is róchuma le páistí scoile faoi stádas na Gaeilge san AE agus is iadsan a chaithfear a spreagadh lena foghlaim. Anuas air sin, ní teanga oifigiúil í an Chatalóinis agus tá staid i bhfad níos sláintiúla aici ná mar atá ag an nGaeilge. Níl aon fhianaise ann go gcabhraíonn ‘stádas oifigiúil’ le teanga fás nó forbairt a dhéanamh – tá éirithe níos fearr le muintir na Breataine Bige an Bhreatnais a chaomhnú cé nach raibh stádas oifigiúil ag a dteanga siúd sa Bhreatain go dtí le déanaí.
Seán Ó Floinn
Dála an scéil, is cuma mura gcosnaíonn sé mórán más obair in aisce é. Ní fiú a bheith ag rá nach gcosnaíonn sé 2 Euro an duine – mbeifeá sásta é sin a rá faoi rudaí a aistriú go hAraibeach agus teangacha eile na n-imirceach freisin?
Cuireann sé i gcuimhne dom rud éigin a chuala mé in gcomhrá i Meiriceá. Deir an chéad duine ‘When you break it down, it only costs sixty cents per person’. Deir an dara duine: ‘No it doesn’t, it costs three fucking billion dollars’.
Ciarán
Is teanga dhomhanda í an teanga s’againne. Tá Gaeilgeoirí sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, san Astráil, roinnt Yu Mings sa tSín, sa tseapáin agus ar fud na hEorpa. Pé rud a chothaíonn sin, tá sé fiúntach. Ar cheart dúinn deireadh a chur le Gaeltacht na Bruiséile? Ní dóigh liom é. Glacaim le do phointe go bhfuil sé truamhéileach don teanga go bhfuil daoine ardoilte sa teanga ag fágáil na tíre in ionad bheith ag treabhadh leo i ngort na teangan ag an mbaile. Ach nuair a fhágann daoine, bíonn siad fós páirteach lena lán coistí agus forais sa bhaile. Tá comhoibriú ar bun an t-am ar fad idir na hInstitiúidí Eorpacha, Fiontar, an Coiste Téarmaíochta, Rannóg an Aistrúcháin agus na hOllscoileanna/Coláistí in Éirinn. Bíonn torthaí an-dearfach ag eascairt as an bplé sin agus múnlaítear téarmaíocht bunaithe air sin agus cothaítear leanúnachas.
Muna mbíonn postanna le Gaeilge ar fáil ag deireadh an phróisis oideachais ní bheidh daoine in ann feidhmiú trid an teanga ag an obair. Bhí ísliú stádais tugtha don Ghaeilge ar feadh na mblianta siar sa stair ach tá an ré sin thart anois agus ní mór dúinn seasamh lena chéile chun an stádas luachmhar sin a chosaint.Tá fostaíocht ar fáil do léachtóirí srl sna hollscoileanna agus nach bhfuil sé go hiontach go bhfuil na hollscoileanna ag líonadh suas le mic léinn chun dianstaidéar a dhéanamh ar an teanga. Faigheann na mná tí fostaíocht leis na daltaí ar fad a théann chuig an nGaeltacht chun cúrsaí aistriúcháin a dhéanamh agus cuireann na daltaí sin go mór le geilleagair na nGaeltachtaí i gcoitinne. Fostaítear an-chuid múinteoirí Gaeilge sna scoileanna Eorpacha sa mBruiséil. An mbeadh sé chun tairbhe na teangan deireadh a chur leis sin ar fad agus na daoine ar fad a chaitheamh ar an dól in Éirinn. Gan na postanna aistriúcháin, ní bheadh an borradh seo ag tarlú ar chor ar bith.
Is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil in Éirinn agus tá tosaíocht tugtha don reachtaíocht sa teanga sin. An bhfuilimid ag rá gur cheart éirí as an “truflais” a aistriú sna hinstitiúidí Eorpacha agus sa Rannóg mar tá an reachtaíocht ar chomhchéim sa dá háit agus má tá easaontas idir Dlí AE agus Dlí na hÉireann, tá ceannas ag Dlí na hEorpa? Caithfidh sé bheith aistrithe.
Tuigim céard tá á rá agat a Sheáin, cgl, ach má chailleann an teanga stádas nó munar féidir an maolú a bhaint i gceart beidh an teanga thíos leis agus beidh deireadh leis an mborradh atá trí thine faoi láthair. Bhíos ag fóram spéisiúl an lá cheana sa Pharlaimint Eorpach faoi stiúir Liadh Ní Riada faoin tábhacht a bhaineann le mionteangacha na hEorpa agus bhíos an-bhródúil mar Ghael i measc na ndaoine ar fad atá ag iarraidh stádas a bhaint amach dá gcuid teangacha, an Bhreatnais, Gaedhailig na hAlban, an Bhriotáinis, an Bhascais, an Chatalóinis srl. Is cás eiseamlárach muid agus bhí siad ag éisteacht go géar leis an méid a bhí á rá ag na Gaeil. Bhí cainteoirí ann ó Tuairisc.ie, TG4, Conradh na Gaeilge, an tOireachtas, an Coimisinéir teanga srl agus ní raibh éinne den tuairim gur cur amú airgid/ama atá i gceist le haitheantas don Ghaeilge san AE. Lá stairiúil a bhí ann don teanga nuair a fuaireamar stádas AE agus ba cheart do Ghaeilgeoirí tacú leis an méid sin.
Níl aon chur amú airgid i gceist mar a luaigh Dáithí leis an €2 in aghaidh na bliana. Ní bhfaighfeá buidéal uisce ar an €2 céanna agus tá tú ag rá, mar Ghaeilgeoir, gur cur amú airgid é sin. Agus ní mór dúinn an t-airgead sin a íoc isteach sa phota Eorpach ar aon nós beag beann ar má tá an Ghaeilge ann nó as mar theanga oifigiúil. Arbh fhearr leat mar cháiníocóir Eorpach an €2 a íoc do na teangacha eile agus an Ghaeilge a fhágáil ar lár?
Agus aon rud a thacaíonn leis an teanga ní chur amú ama é.
Ar scáth a chéile a mhaireanns lucht na teangan!