Dhá údarás áitiúl as 34 a chloígh le rialacháin teanga maidir le teachtaireachtaí fóin

Formhór d’údaráis áitiúla na tíre ag déanamh neamhaird ar a ndualgas teachtaireachtaí fóin i nGaeilge a bheith acu, dar le hOifig an Choimisinéara Teanga

Answering machine

Theip ar 32 as 34 údarás áitiúil cloí leis an dlí faoi úsáid na Gaeilge ar a gcuid seirbhísí teileafóin i dtástáil a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga anuraidh.

Ba iad Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Contae Laoise an t-aon phéire ar éirigh leo cloí go hiomlán leis na rialacháin a threoraíonn gur gá go mbeadh na teachtaireachtaí teileafóin a bhíonn le cloisteáil ag an bpobal ar fáil go dátheangach.

Tá tuairisc ar an taighde a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga faoin ábhar i dtuarascáil bhliantúil na hoifige sin a fhoilseofar inniu.

Rinneadh tástáil ar an tseirbhís teileafóin Gaeilge i rannóga tithíochta, leabharlanna agus glaodh freisin ar phríomhuimhreacha na n-údarás áitiúil.

Rinneadh na glaonna ar oifigí na n-údarás le linn ghnáthuaireanta oibre agus tar éis gnáthuaireanta oibre le fáil amach cén caighdeán seirbhíse a bhí á chur ar fáil acu. Ba é an toradh a bhí ar an tástáil nach raibh formhór mór na n-údarás áitiúil ag cloí leis an gcuid seo den reachtaíocht teanga.

Tugadh tréimhse ama do na húdaráis sin le hathbhreithniú a dhéanamh ar an tseirbhís taifeadta teileafóin a bhíothas a chur ar fáil. D’iarr an Coimisinéir Teanga orthu céimeanna a thabhairt lena chinntiú go gcloifí leis na rialacháin gan mhoill.

Déanfaidh Oifig an Choimisinéara Teanga athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta ag na húdaráis áitiúla ar an ábhar seo faoi dheireadh na bliana seo.

Fág freagra ar 'Dhá údarás áitiúl as 34 a chloígh le rialacháin teanga maidir le teachtaireachtaí fóin'