Dhá uair a bhí mise i stáisiún Gardaí mar chrann taca ag mná a bhí ag tuairisciú éigniú…

Múinimis do chuile bhuachaillín óg nach arm é a bhod, múinimis do chuile chailín beag gur léi féin amháin a hintinn agus a colainn

crying victim violence abuse

Tá díocas ar thráchtairí sna meáin agus ar pholaiteoirí ag ríomh na gcosúlachtaí atá idir an freagra a thug bainistíocht Shinn Féin agus bainistíocht na hEaglaise Caitlicí ar an mí-úsáid a rinneadh ar dhaoine óga a raibh údarás acu orthu féin agus ar a muintir. Buail cos ar an scéal nó is duit féin is measa é agus díbreoidh muide as d’amharc an té a rinne an mhí-úsáid an polasaí a bhí i réim ag an dá dhream.

Ach cén fáth go mbeifí ag súil lena mhalairt sa tír seo? Aon fhadhb a bhí sa teaghlach nó sa bpobal, nár dúradh linn cos a bhualadh air nó an dá shúil a dhúnadh air ach amháin mar ábhar béadáin is cúlchainte cois tine? Deir na síceolaithe linn go bhfuil cuimhne chianda againn a mbíonn tionchar aici ar ár saol agus ár n-iompar. Luaitear an chiontacht atá ionainne ar tháinig ár sinsir slán ón nGorta nuair a bhásaigh a gcomharsana. Ar chlis ár sinsir orthu, ar sciob siad a gcuid talún, ar dhún siad an doras orthu? Ceann eile de na bóithríní cuimhní nach mian le mórán againn a shiúl.

Go dtí le blianta beaga anuas ní raibh cur chuige ná treoracha soiléire i bhfeidhm dúinne ar casadh daoine orainn inár saol oibre a ndearnadh mí-úsáid orthu agus a d’iarr ár gcabhair. Go minic ní raibh siad féin ná a muintir sásta dul chun dlí – easpa féinmhuiníne agus tacaíochta óna muintir cuid den chúis ach easpa muiníne sa gcóras cúis eile. D’ainneoin próiseas soiléir reachtúil againn anois faoinár ndualgas tuairiscithe, ní hé sin le rá go dtabharfar gach mí-úsáideoir chun cúirte ní áirím iad a chiontú.

Dhá uair a bhí mise i stáisiún Gardaí mar chrann taca ag mná a bhí ag tuairisciú éigniú. Bhí na Gardaí tuisceanach lách fiú má bhí na seomraí thiar agus thoir fuar doicheallach. Is cuimhin liom tráthnóna tais amháin i stáisiún gardaí sraimlí a rá liom féin gur chosúil é le bheith istigh mar gheall ar mhadra strae in áit saol mná óige a scriosadh agus ar thóg sé deich mbliana de chúirteanna cangarú lena muintir agus a gaolta agus cual comhairleoireachta í a thabhairt chomh fada leis an bprochóg de stáisiún seo. D’fhág an fear sin an tír lena bhean agus a chlann agus níor lean sí leis an gcás. Tá triúr ina leaba ó shin, a céile agus a cuid feirge.

Feicim an fear eile agus a chlann ionúin go rialta, feiceann an bhean a d’éignigh sé é. Ar chomhairle dlí faoin méid ama a bhí caite, fasach cás dá leithéid a bhí sna cúirteanna ag an tráth céanna, easpa finnéithe agus cumas bréagadóireachta a mhuintire agus a sláinte meabhrach féin, níor leanadh leis an gcás sin ach an oiread. Ar chuir an líomhain sin aon scamall ar shaol an éignitheora? Ar sheachain a chomharsana é? Ar thug a mhuintir tópar dó? Ar imigh sé i leataobh ón gcomhluadar? An mbíonn ceann faoi air agus é ag tiomáint thairsti? Beag an baol. An bod mar sheod an meon a léirigh an bheirt éignitheoirí sin, fiú más in aghaidh do thola a bhrúfar ort é.

Cumhacht bun agus barr an éignithe – éigneoidh mé thú mar gur féidir liom agus dáiríre is maith leat beagán den fhoréigean ach níl a fhios agat, a óinseachaín bhoicht céard is maith leat. IRA, sagairt, aithreacha, deartháireacha – an dream a raibh an chumhacht agus an smacht acu – déithe a ngairme, a mbod a n-armailít, a mbachall agus a slat. Faraor níl rudaí athraithe fós – máinlia san Astráil ag rá le dochtúirí óga ban bod na ndochtúirí sinsearacha a dhiúl más fúthu dul chun cinn ina ngairm, níos éasca agus níos éifeachtaí ná dul chun cúirte. Na fir óga atá ciontaithe san India as bean óg a éigniú ar bhus, ionsaí a thug a bás, deir ceann acu gur uirthi féin an locht faoi bheith amuigh ar bhus deireanach san oíche agus murach gur throid sí iad in áit cead a héignithe a thabhairt dóibh nach mbeidís chomh garbh léi.

Tá a fhios againn uilig faoin éigniú agus an fuadach atá á ndéanamh inniu i gcogaí agus i gcampaí teifeach, éigniú is dóigh a rinneadh in Éirinn le linn chogadh uasal na saoirse dá luafaí sa seanchas ná sa stair é. Nach bhfuil scannán ag mealladh na sluaite ban faoi láthair ag breathnú ar fhear saibhir a bhfuil bean mar sclábhaí aige agus nach bhfuil meáin chumarsáide phoiblí is phríobháideach na tíre sna sodair ag tuairisciú gach cor coscrach i gcás cúirte faoi dhiansmacht fir ar a sclábhaí.

Cén fáth mar sin gur údar iontais dúinn go mbeadh daoine sa tír seo a bheadh doicheallach roimh scéalta Mháiria Cahill agus Phaudie McGahon agus nach dtuigfidís agus nach mian leo a thuiscint cé chomh deacair agus atá sé dul trín spídiúlacht choirp agus anama sin arís, go poiblí an uair seo, ar mhaithe leis an gceart? Ní thuigeann an dream atá ag déanamh bál polaitiúil den scéal é ach an oiread leo agus is gaire dá gcroí sin an chéad toghchán eile ná crá croí na ndaoine uilig a éigníodh. Múinimis do chuile bhuachaillín óg nach arm é a bhod, múinimis do chuile chailín beag gur léi féin amháin a hintinn agus a colainn agus cuirimis tua ghéar i chuile mhála láimhe.

Fág freagra ar 'Dhá uair a bhí mise i stáisiún Gardaí mar chrann taca ag mná a bhí ag tuairisciú éigniú…'

  • Mise Áine

    @ an dream a raibh an chumhacht agus an smacht acu – déithe a ngairme, a mbod a n-armailít, a mbachall agus a slat

    Sin é, go díreach, a Mháire!

    An rud a chuireann iontas ormsa ná go bhfuil mná fós ina mbaill d’eagraíochtaí/eaglaisí ina bhfuil/ina raibh ‘slat’ tomhais dá gcuid féin acu, beag beann ar chearta duine ná dlí..:-(

    Alt an-mhaith. Maith thú!

  • Sorcha

    Ceann des na hailt is cumhachtaí agus is misniúla atá léite agam in aon teanga le fada. Maith thú a Mháire.

  • Bríd

    Go bhfága Dia an tsláinte ag Máire. Cur síos chomh soiléir is a chonaic mé ariamh ar an ábhar tromchúiseach seo

  • sean mac carthaigh

    Piosa croga. piosa láidir le rian na firinne le blaiseadh. Cumhacht na hudarais, cumhacht ira,cumhacht na heaglaise. Ach mothaim go bhfuil scamall na hamhraise curtha thar fir go ginearalta. Tuillte? Gniomhachtai deisteanacha an mionlaigh bhig ag dathu an phictiuir iomlan is docha

  • Mise Åine

    Tráchtanna ó mhná amháin… suimiúil…

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    Is dócha go bhfuil freagra ar an méid atá ráite agat i gceist Sheáin, a Áine.

    Drogall ar fir a ladar a chuir isteach i bpíosa mar seo d’fhonn “Ní gach fear” a sheachaint. Ní gach fear cinnte ach is dúshlán don bpobal trí chéile, fir agus mná aghaidh a thabhairt ar an mí iompar seo. Dualgas a thiteann níos troime air fir toisc gur fear go hiondúil an dochtúir, an breitheamh, an dlíodóir, an oide meánscoile (i scoil buachaillí), … agus i gcónaí an athair.

    Aontaím le tátal Mháire cé go bhfuil amhras orm faoin dtua!

    “Múinimis do chuile bhuachaillín óg nach arm é a bhod, múinimis do chuile chailín beag gur léi féin amháin a hintinn agus a colainn”

    An rud a chíonn an leanbh, níonn an leanbh.

  • Mise Áine

    @ dúshlán don bpobal trí chéile

    Aontaím leat, a Aonghuis…ní raibh trácht Sheáin, thuas, istigh, nuair a scríobh mé mo thrácht féin ‘ó mhná amháin’ agus tuigim do thrácht maidir le ‘Ní gach fear..’

    @ An rud a chíonn an leanbh, níonn an leanbh.

    Fíor.

    Ach, níl éigniú riamh ceart ná cóir, agus caithfear an teachtaireacht láidir sin a bheith le feiceáil, go soiléir, agus i gcónaí…sna meáin, sna cúirteanna, sa mbaile srl.