Dhá thrá Ghaeltachta luaite mar ‘láithreacha maithe don snámh lomnocht’ i dtreoirleabhar nua

Tá seacht dtrá Ghaeltachta luaite mar láithreacha maithe le dul ag snámh i leabhar nua a chuireann síos ar leathchéad láthair shnámha ar fud na hÉireann

Dhá thrá Ghaeltachta luaite mar ‘láithreacha maithe don snámh lomnocht’ i dtreoirleabhar nua

Cuirtear síos ar dhá thrá Ghaeltachta mar “láithreacha maithe don snámh lomnocht” i dtreoirleabhar nua faoin snámh faoin spéir in Éirinn.

Luaitear Trá Sáilín in Indreabhán i nGaeltacht na Gaillimhe agus Trá Pholl an Chapaill i mBéal an Mhuirthead i nGaeltacht Mhaigh Eo sa leabhar Wild Swimming in Ireland mar láithreacha maithe don snámh lomnocht.

Tá seacht dtrá Ghaeltachta luaite mar láithreacha maithe le dul ag snámh ann sa leabhar nua a chuireann síos ar leathchéad láthair shnámha ar fud na hÉireann.

Cuireann Wild Swimming in Ireland síos ar áiteanna ar fud na tíre, idir thránna, lochanna agus aibhneacha, nach mbíonn “plódaithe ag na céadta duine” agus a mheallfadh snámhaithe a bhfuil “fonn spraoi agus eachtraíochta” orthu.

Tá na tránna roinnte de réir contae sa leabhar leis an snámhaí Maureen McCoy agus an grianghrafadóir Paul McCambridge, agus tugtar mioneolas faoi na tránna uilig atá roghnaithe acu.

Ar na tránna Gaeltachta atá sa leabhar tá, Trá Bhaile an Sceilg in Uíbh Ráthach, Trá Sáilín in Indreabhán, Trá an Dóilín ar an gCeathrú Rua, Trá Chuan an Mhada, an trá ag Glasoileán in iarthar Chonamara, Trá Pholl an Chapaill i mBéal an Mhuirthead, agus an trá ag Málainn Bhig i nGaeltacht Thír Chonaill.

Tugtar eolas faoi na háiseanna atá ar fáil agus na gníomhaíochtaí is féidir a dhéanamh ag na láithreacha éagsúla snámha. Cuirtear síos ar Thrá Bhaile an Sceilg, mar shampla, mar láthair shnámha atá go maith do theaghlaigh óga, agus ar Thrá an Dóilín mar láthair mhaith snorclála.

Is treoirleabhar é Wild Swimming in Ireland atá dírithe ar shnámhaithe a bhfuil taithí mhaith acu ar an snámh faoin aer agus ar shnámhaithe nach bhfuil.

Bronnadh an Bhratach Ghorm inné ar phéire de na tránna atá luaite sa leabhar — Trá an Dóilín ar an gCeathrú Rua agus Trá Bhaile an Sceilg.

Tá an Bhratach Ghorm ar cheann de na gradaim is mó aitheantas ar domhan ó thaobh cúrsaí timpeallachta de. De réir chóras na Brataí Goirme, leagtar síos critéir lena ndéantar measúnú ar chaighdeán an uisce, ar sholáthar eolas agus oideachas comhshaoil, ar shábháilteacht agus ar bhainistiú na trá.

Fág freagra ar 'Dhá thrá Ghaeltachta luaite mar ‘láithreacha maithe don snámh lomnocht’ i dtreoirleabhar nua'