Dhá theanga Cheilteacha curtha le liosta Bluesky

Tá an t-ardán meán sóisialta Bluesky ar fáil anois sa Ghaeilge, sa Bhreatnais agus sa Ghàidhlig

Dhá theanga Cheilteacha curtha le liosta Bluesky

Tá dhá theanga Cheilteacha eile curtha le liosta na dteangacha atá ar fáil ar an ardán meán sóisialta Bluesky. Aistríodh comhéadan Bluesky go Gaeilge roimhe seo ach fágann an t-uasdátú is deireanaí ar an suíomh go bhfuil trí theanga Cheilteacha anois ar fáil do lucht a úsáide – an Ghaeilge, an Bhreatnais agus an Ghàidhlig.

D’fhógair foireann Bluesky an t-uasdátú ar an ardán an tseachtain seo. Is é Bluesky 1.99 is ainm don leagan is deireanaí den aip agus cuireadh roinnt áiseanna nua leis. Is féidir anois físeán suas le trí nóiméad ar fad a uaslódáil; cuirfear teachtaireachtaí díreacha ó chuntas anaithnid i mbosca ar leith; agus beifear in ann cuntais a bhalbhú níos tapúla.

Ba é an t-aistritheoir Mìcheal Bauer a chuir Gàidhlig ar chomhéadan Bluesky, fear a raibh baint mhór aige le logánú bogearraí eile go Gàidhlig – leithéidí Mozilla, LibreOffice, agus VLC.

Dúirt Bauer le Tuairisc go ndeachaigh sé i dteagmháil le Bluesky ar dtús faoi aistriúchán Gàidhlig a dhéanamh don suíomh i mí Mheán Fómhair na bliana 2023.

“D’fhiafraigh mé díobh i mí Mheán Fómhair 2023 cén próiseas a bhí acu leis an suíomh a logánú agus i ndáiríre ní raibh ceann ceart acu, chaithfeadh ardscileanna ríomhaireachta a bheith ag duine lena dhéanamh.

“D’fhan mé tamall fada mar sin, agus bhí mé fós ar Twitter. D’fhág mé Twitter i mo dhiaidh go luath sa bhliain 2024 agus bhí níos mó brú ar Bluesky trí chéile córas níos fearr a chur ar bun don aistriúchán i ngach teanga. Chuaigh siad leis an gcóras Crowdin, córas a dhéanann an logánú i bhfad níos éasca, agus thug mé faoin aistriúchán i gceart i mí Feabhra na bliana seo,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh an t-aistriúchán, a rinne sé go deonach, críochnaithe aige taobh istigh de mhí nó mar sin agus go raibh Bluesky sásta glacadh leis nuair a bhí “95% déanta” mar nach raibh sa 5% eile ach cúpla rud “a dearadh don Bhéarla agus nár fheil do theangacha eile”.

Dúirt Bauer, ar Gearmánach ó dhúchas é ach atá ina chónaí in Albain le fada an lá, go measann sé go bhfuil pobal na Gàidhlig ar Bluesky tar éis fáilte a chur roimh an aistriúchán nua. Dúirt sé go bhfuil pobal na Gàidhlig réasúnta bríomhar ar Bluesky anois agus go bhfuil “idir 50 agus 100” duine a bhíonn ag postáil go rialta sa teanga ar an suíomh.

“Tá go leor de na ‘seanéadain’ tar éis teacht anall go Bluesky [ó X], go háirithe le cúpla mí anuas agus tá an Ghàidhlig beo bríomhar ann. Is cinnte nach bhfuil mé i mo chadhan aonair ann! Is dóigh go bhfuil idir leathchéad agus céad duine a bhíonn ag postáil go rialta ann.

“Ba é a bhrúigh ó Twitter mé, níos mó ná na srianta teicneolaíochta a bhí ag teacht i bhfeidhm, ach an sleamhnú i dtreo na heite deise ar an rud ar fad. Tháinig laghdú ar an monatóireacht a bhíothas a dhéanamh, agus cé nár thug mé mórán de faoi deara i mbolgán beag na Gàidhlig bhí sé le mothú tríd an suíomh ar fad,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur chuir gníomhartha úinéir X, Elon Musk, isteach go mór air agus gur in olcas a bhí cúrsaí ag dul. D’fhág sé an t-ardán ag tús na bliana seo caite.

“Anus ar an gclaonadh i dtreo na heite deise, bhí na rudaí a bhí Musk féin a dhéanamh. Is in olcas a chuaigh sé, agus bhí daoine i measc mo mhuintire féin a dúnmharaíodh sna campaí géibhinn sa Dara Cogadh Domhanda. Nuair thosaíonn daoine ag caitheamh an Hitlergruß thart, ní mé ag iarraidh baint ná páirt a bheith agam leis sin.

“Measaim go bhfuil Bluesky níos fearr, agus go bhféadfadh sé a bheith cosúil le Twitter nuair a bhí Twitter i mbarr a réime. Ní raibh Twitter riamh mór, ainneoin an méid a deirtear sa lá atá inniu ann, ní raibh céatadán an-mhór den daonra ar Twitter riamh,” a dúirt sé.

Tá an teanga chumtha Esperanto ar fáil mar chuid den uasdátú seo freisin. Is í an Esperanto an teanga chumtha (nó ‘conlang’) is mó a labhraítear ar domhan. Chum an Polannach LL Zamenhof an teanga in 1873 agus tá sí ag fás agus ag forbairt léi ó shin. Maíonn lucht a labhartha go bhfuil thart ar dhá mhilliún cainteoir Esperanto ar fud an domhain anois.

Bunaíodh Bluesky mar ardán neamhspleách sóisialta in 2021 – tar éis do leagan luath de a bheith ar fáil trí Twitter, mar a thugtaí ar X ag an am, ó 2019. Ach nuair a cheannaigh an billiúnaí Elon Musk Twitter ar $44 billiún in 2022, bheartaigh daoine áirithe an t-ardán a thréigean agus a n-aghaidh a thabhairt ar mhachairí nua.

Ar dhuine de na daoine sin bhí an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri, agus beirt a bhí go mór chun cinn ar Twitter na nGael – Aonghus Ó hAlmhain atá ina chónaí i gCill Mhantáin agus Dennis King atá ina chónaí in Seattle in Washington sna Stáit Aontaithe. Ba iad an triúr seo a rinne an t-aistriúchán Gaeilge ar Bluesky.

Tá os cionn 33,000,000 úsáideoir cláraithe ar Bluesky anois agus iad ag dul i líonmhaire i gcónaí.

Fág freagra ar 'Dhá theanga Cheilteacha curtha le liosta Bluesky'