Dhá theachtaireacht ag Biden faoina phacáiste $1.3 trilliún

Tá $1.9 trilliún ceadaithe le teacht i gcabhair ar na teaghlaigh is boichte sna Stáit Aontaithe

Dhá theachtaireacht ag Biden faoina phacáiste $1.3 trilliún

Cuirtear an-bhéim i bpolaitíocht na Stát Aontaithe ar an méid a éiríonn le hUachtarán a chur i gcrích san chéad céad lá aige in oifig. 

Tá baint nach beag aige sin leis an bhfeachtasaíocht leanúnach atá mar chomhartha sóirt ag an gcóras thall – ní túisce toradh na vótála i dtoghchán amháin ná tá an chéad fheachtas eile  faoi lán seoil. 

Tá sé curtha rompu ag na Poblachtánaigh go nglacfaidh siad seilbh in athuair ar an móramh i dTithe na Comhdhála bliain ó mhí na Samhna seo chugainn. 

Chuige sin tá rún acu an oiread dochair agus is féidir a dhéanamh do mhianta an Uachtaráin Biden san idirlinn.

Cuireann sin leis an tábhacht a bhaineann leis an reachtaíocht a ritheadh an tseachtain seo le feidhm a thabhairt do phacáiste fóirithinte agus téarnaimh Joe Biden. 

Tá $1.9 trilliún ceadaithe le teacht i gcabhair ar na teaghlaigh is boichte sna Stáit Aontaithe, go háirithe an dream is mó atá ag fulaingt de bharr na géarchéime sláinte agus eacnamaíochta atá tarlaithe de bharr an Covid-19.  

Gheobhaidh teaghlaigh seic $3000 le cuidiú leo ach tá i bhfad níos mó ná sin i gceist leis an reachtaíocht seo cé go bhfuil roinnt taobh istigh dá pháirtí féin a cheapann nach bhfuil an oiread sa mbille agus ba mhaith leo.

Bíodh sin mar atá, dúirt Bernie Sanders an tseachtain seo gurb í seo an reachtaíocht is tábhachtaí sna Stát Aontaithe leis na glúnta. 

Is beag a cheapfadh go mbeadh a leithéid le rá ag an seanadóir as Vermont faoina chomhghleacaí sa bPáirtí Daonlathach. Creideann Sanders agus roinnt mhaith eile i measc na nDaonlathach nach bhfuil Biden sách radacach sa gcur chuige atá aige. Cé gurbh éigean dó géilleadh nach mbeadh ardú ar an íosráta pá sna Stát Aontaithe, deir Biden gurb in cath do lá eile nuair a bheidh an reachtaíocht seo á feidhmiú. Cuimhnigh go gcreideann Poblachtánaigh gur comhcheilg Shóisialach den eite chlé a thionscain dréachtú na reachtaíochta seo. 

Tá go leor i measc na nDaonlathach a chaithfidh bheith ar a n-aire nach dtéann an argóint sin i bhfeidhm ar an bpobal ina dtoghcheantar roimh an toghchán lár téarma.

Tá níos mó i gceist ná cúpla seic do theaghlaigh bhochta, áfach. Tá airgead breise ceadaithe do liúntais leasa shóisialaigh, tacaíocht bhreise do ghnólachtaí beaga, tacaíocht le scoileanna a thógáil agus d’fhéadfadh na teaghlaigh is boichte sna Stáit Aontaithe ardú suas le 20% a fheiceáil ar a gcuid ioncaim.  Agus tá sé i gceist ag Joe Biden chuile leas polaitiúil is féidir leis a bhaint as an mbua seo dá rialtas. Tá sé le dul ar thuras ar fud na tíre leis na suáilcí a bhaineann leis an bpacáiste fóirithinte seo a chur in iúl do phobal na Stát Aontaithe.

Beidh dhá theachtaireacht aige le linn an turais sin. Don phobal – féach an tromlach Daonlathach ag obair ar bhur son agus chun bhur leasa. 

Do lucht a cháinte ina pháirtí féin – breathnaigh ar a bhfuil bainte amach agam agus gan mé ach leathchéad lá in oifig. Cuirigí bhur muinín ionamsa agus de réir a chéile tógfaidh muid na caisleáin.

Fág freagra ar 'Dhá theachtaireacht ag Biden faoina phacáiste $1.3 trilliún'