Dhá phota airgid nua fógartha ag TG4 chun an tionscal teilifíse ‘a choinneáil ag imeacht’

Tá ciste maoinithe ar fiú €400,000 sa bhliain ar feadh ceithre bliana é fógartha ag TG4

Dhá phota airgid nua fógartha ag TG4 chun an tionscal teilifíse ‘a choinneáil ag imeacht’

Tá dhá bhabhta coimisiúnaithe nua fógartha ag TG4 chun tacú leis an earnáil chlosamhairc le linn ghéarchéim Covid-19. 

‘Pota ollsoláthair ilbhliantúil’ atáthar a thabhairt ar an gcéad chiste ar fiú €400,000 sa bhliain ar feadh ceithre bliana é don chomhlacht léiriúcháin a n-éireoidh leo.

Deirtear go bhfuil iarratais á lorg ar chláir a dhéanamh sna seánraí “Fíorasach, Stair Fhíorasach, Siamsaíocht Fhíorasach, agus Siamsaíocht Cheoil Thraidisiúnta”.

Is é an dara ciste nua atá fógartha ná ciste ‘forbartha clár’ agus €5,000 d’fhorbairt clár a bheidh le fáil ag comhlachtaí as an gciste sin.

De réir an chórais nua a thug TG4 isteach roinnt blianta sínítear conarthaí fadtéarmacha le líon teoranta comhlachtaí chun cláir a sholáthar agus ag brath ar an gconradh atá acu déanann na comhlachtaí éagsúla cláir i seánraí ar leith.

Tiocfaidh deireadh an bhliain seo chugainn leis na socruithe atá déanta ag TG4 le sé cinn déag de chomhlachtaí léiriúcháin agus cuirfear na conarthaí sin amach ar tairiscint don tréimhse 2022-2026 roimh dheireadh na bliana seo.

Fógraíodh inné freisin an cúigiú babhta de Cine4, an scéim mhaoinithe d’fhadscannáin Gaeilge atá á reáchtáil ag TG4, Bord Scannán na hÉireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

Beidh €25,000 á chur ar fáil faoin scéim ‘Cine4’ d’fhorbairt chúig thogra agus cuirfear buiséad €1.2 milliún ar fáil amach anseo do dhá cheann acu sin chun fadscannán Gaeilge a dhéanamh.

I ráiteas  a chuir TG4 amach, dúirt Ardstiúrthóir an stáisiúin Allen Esslemont, go raibh na babhtaí is déanaí seo fógartha chun an “geilleagar scannán a choinneáil ag imeacht”.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 go raibh sé buíoch as na hiarrachtaí a bhí á ndéanamh ag foireann choimisiúnaithe TG4 agus an earnáil neamhspleách chun an tionchar a bheadh ag an ngéarchéim COVID-19 ar an tionscal “a laghdú”.

“Táim thar a bheith buíoch d’fhoireann choimisiúnaithe TG4 agus do na léiritheoirí neamhspleácha ar fad as an tslí a bhfuil siad ag obair le chéile féachaint le tionchar geilleagrach COVID-19 a laghdú, agus an bhéim a choinneáil ar an lucht féachana a bhfuil, in am seo na héigeandála, craoltóireacht seirbhíse poiblí níos tábhachtaí ná riamh dóibh,” a dúirt Alan Esslemont.

Fág freagra ar 'Dhá phota airgid nua fógartha ag TG4 chun an tionscal teilifíse ‘a choinneáil ag imeacht’'