Dhá phost le cruthú in OÉG chun cabhrú le soláthar múinteoirí do pholasaí Gaeltachta ach scéal ar bith faoi chlár oiliúna nua

Gealladh sa Pholasaí Oideachais nua don Ghaeltacht go mbeadh 30 múinteoir bunscoile agus 30 múinteoir iarbhunscoile breise ar fáil do scoileanna Gaeltachta ón scoilbhliain 2018/19 ar aghaidh

Dhá phost le cruthú in OÉG chun cabhrú le soláthar múinteoirí do pholasaí Gaeltachta ach scéal ar bith faoi chlár oiliúna nua

Agus feidhm á tabhairt inniu don Pholasaí Oideachais Gaeltachta, d’fhógair an tAire Oideachais Richard Bruton go raibh dhá phost nua á gcruthú in OÉ Gaillimh “ar bhonn iasachta” chun “an soláthar de mhúinteoirí iar- bhunoideachais don teagasc trí mheán na Gaeilge a neartú”.

Gealladh sa Pholasaí Oideachais nua don Ghaeltacht go mbeadh 30 múinteoir bunscoile agus 30 múinteoir iarbhunscoile breise ar fáil do scoileanna Gaeltachta ón scoilbhliain 2018/19 ar aghaidh. 

Chuige sin tá foráil sa Pholasaí le clár nua oiliúna a chur ar fáil do mhúinteoirí a bheadh ag teagasc na n-ábhar éagsúil i scoileanna Gaeltachta.

Níor luaigh an tAire ina ráiteas inniu, áfach, an clár nua oiliúna atá geallta sa Pholasaí Oideachais, An Clár Oideachais Tosaigh Múinteoirí, a seoladh anuraidh.

Thug an tAire Bruton le fios sa Dáil i mí an Mhárta go mbeadh an clár oilliúna ag brath “ar acmhainní”.

Tá imní léirithe ag lucht an ghaeloideachais cheana nach mbeidh an soláthar cuí múinteoirí ann chun feidhm a thabhairt don pholasaí nua Gaeltachta nua toisc nach bhfuil ach clár amháin ann, faoi láthair, a chuireann oiliúint i nGaeilge ar fáil do mhúinteoirí iarbhunscoile – An Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO), in OÉ, Gaillimh.

Thug an tAire Bruton le fios sa Dáil i mí an Mhárta go mbeadh múinteoirí breise ar fáil “go hidéalach ó 2018/19”.

Faoin bplean oideachais, bronnfar stádas ‘scoil Ghaeltachta’ ar scoileanna sa Ghaeltacht a bhíonn ag teagasc go hiomlán i nGaeilge. Chuige sin, le cur le líon na múinteoirí atá in ann teagasc i nGaeilge, agus le feabhas a chur ar chaighdeán an teagaisc sin, gealltar sa Pholasaí go gcuirfear clár nua oiliúna ar bun.

Chuir an tAire Bruton trí cinn de choinníollacha leis an ngeallúint sin, áfach.

“Tá na spriocdhátaí don chúrsa seo ag brath go mór ar thoradh rathúil an phróisis tairisceana, acmhainní a bheith ar fáil agus líon na ndaoine a roghnóidh an clár oideachais tosaigh múinteoirí seo,” a dúirt an tAire Oideachais.

Dúirt sé go rabhthas “ag súil” go mbeadh an chéad ghrúpa d’iarchéimithe cáilithe faoin gclár oideachais tosaigh múinteoirí in am do thús na scoilbhliana 2020.

Is thar thréimhse ceithre bliana, ag tosú in 2018/19, a chuirfí na múinteoirí ar fáil, a dúirt sé, ach níl aon chinnteacht ann fós go gcuirfear tús leis an soláthar in 2018/19.

Fág freagra ar 'Dhá phost le cruthú in OÉG chun cabhrú le soláthar múinteoirí do pholasaí Gaeltachta ach scéal ar bith faoi chlár oiliúna nua'

  • Máire

    Is maith ann iad na poist bhreise seo in OÉG agus tá gá leo. Ach tá níos mó gá fós le múinteoirí breise a bheith sna scoileanna Gaeltachta.