Dhá phictiúr agus dhá shaol – dóchas seachas gruaim anois sa Ghaeltacht

Insíonn dhá phictiúr san irisleabhar bliantúil  ‘Iorras Aithneach’ dhá scéal an-éagsúil faoi dhá shaol an-éagsúil

Dhá phictiúr agus dhá shaol – dóchas seachas gruaim anois sa Ghaeltacht

Dhá shaol agus dhá phictiúr. Tá dhá phictiúr mar sin san irisleabhar bliantúil Iorras Aithneach 2024. San áit chéanna a tógadh na pictiúir – Carna in iarthar Ghaeltacht Chonamara.

Gasúir na haimsire a caitheadh atá i gceann acu. ‘Going to Carna National School’ an teideal atá ar an bpictiúir sin. Grianghrafadóir a bhí ag dul anonn agus anall i gConamara céad bliain ó shin a thóg an ceann sin. Insíonn an pictiúir scéal faoin mbail a bhí ar an tír seo agus ar cheantair Ghaeltachta san am sin.

An pictiúr eile, is pictiúr éagsúil ar fad é. Daltaí as Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna agus iad gléasta go hildaite agus go péacach. Daltaí Ardteiste agus iad réitithe le dhul chuig ócáid Debs na bliana seo. Tógadh an pictiúr in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltacht atá lonnaithe anois san áit ar raibh an ‘Carna National School’ tráth den saol.

Na gasúir a bhí ag dul chun na scoile sin ar chiumhais na mara san aimsir a caitheadh bhíodar cosnochta agus sách gioblach. Chuile sheans go raibh cuid de mo shinsir féin ina measc. Ní raibh cosúlacht meangadh gáirí ar an oiread agus duine amháin acu. Bhíodar cuthaileach agus gann ar fhéinmhuinín. Gasúir áille, na daoine a chuaigh romhainn, ach an ganntan agus an treampán scríofa ar a gceannaghaidh.

Sé a mhalairt uilig é i gcás na ndéagóirí ag Debs 2024. Dea-ghléasta, gealgháireach, fógra féinmhuiníne agus dóchais ag splancadh amach as clár a n-éadain.

Dhá phictiúr agus dhá shaol.

Tháinig na pictiúir sin chun cuimhne dom lá an Olltoghcháin agus mé ar tí cóipeanna d’irisleabhar Iorras Aithneach 2024 a leagan isteach i siopa ar an gCeathrú Rua. Aniar an bóthar ar a rothar le fear a bhí teannta amach sna blianta. Rothar den seandéanamh a bhí aige, gan giar agus gan ‘carrier’. Bhí a mháilín siopadóireachta ar na hanlaí. Bheannaigh sé dom. “An raibh tú ag vótáil fós?” arsa mise. Shocraigh an fear a rothar go cúramach in aghaidh an bhalla. Thuig mé óna chuid iompair agus a chuid ullmhúcháin go mba dhuine é a raibh an dá shaol feicthe aige. ‘Ó chaith mé vóta ag teacht aniar dom.; Ansin gan cuireadh gan caidéis uaimse thug sé tuilleadh eolais. ‘D’Fhianna Fáil a vótáil mé. Bhí muid leo ariamh.’ Arsa mise ansin: ‘Tá an tír sách maith ar bhealach.’ Bhreathnaigh sé uaidh. ‘Ní fhaca mise chomh maith ariamh í,’ ar seisean. ‘Tá sí go maith domsa ar aon nós.’

Bhí athrú scéil romham ar mo chosán sa gClochán an oíche dár gcionn, oíche an chomhairimh. Bean óg a raibh sála arda fúithi agus beagán talún fúithi freisin, déarfainn. ‘Cén sórt paca amadáin agus óinseacha a chaith na vótaí inniu? An ‘same old, same old’ aríst!’ Bhain sí torann as a carr ildaite le teann feirge agus í ag dúnadh an dorais. Céard a d’fhéadfá a rá léi ach an dá fhocal seo a sheansáil. ‘Bhuel, is dóigh go bhfuil go leor acu sásta go maith leis an saol,’ a dúirt mé féin. ‘A… is furasta iad a shásaimh,’ a d’fhreagair sise agus faobhar ar na focla.

Ní raibh an dá phictiúr ná an dá shaol feicthe aici. Agus cén chaoi a bhfeicfeadh sí an dá shaol fós. Ní féidir na blianta a cheannacht agus – céad faraor – ní féidir na blianta a dhíol.

Beag beann ar na fadhbanna atá ann – agus beidh fadhbanna ann i gcónaí – tá an saol i bhfad níos fearr ná a bhí nuair a bhí fear gnaíúil na Ceathrún Rua ag éirí aníos i gConamara. Is leor súil a chaitheamh ar an méid airgid atá curtha i dtaisce sa dá Chomhar Creidmheasa i gConamara anois, sin €75 milliún. Nuair a bhí mo leithéid féin ag plé le Comhair Chreidmheasa sna 1980idí ba dheacair iasachtaí a choinneáil íoctha amach mar gur beag airgid a bhí á chur i dtaisce; ní raibh an t-airgead ann. B’in é an pictiúr agus b’in é an saol san am sin.

Ach ní féidir an óige a lochtú as a bheith mífhoighdeach agus beag is fiú á dhéanamh acu scaití de thuairim, agus de vóta, na ndaoine atá ag teannadh amach sna blianta. Go n-éirí le bean óg an Chlocháin; tá súil ag chuile dhuine ar suim leo leas Chonamara, agus leas na tíre seo, go mairfidh an saol nua atá cleachta aici, agus go leigheasfar fadhbanna an 21ú haois.

Ach céard faoin ‘same old, same old’? Ó thaobh na polaitíochta de, céard a d’athródh torthaí Olltoghcháin sna blianta amach romhainn? Mar is é firinne an scéil go bhfuil an ceangal idir Fianna Fáil agus Fine Gael, agus grúpa neamhspleách atá gaolmhar leo, tar éis Sinn Féin agus páirtithe beaga a chur ar shuíocháin an fhreasúra ar feadh na mblianta amach romhainn. Cá fhaid [cáide] go mbeidh Sinn Féin agus comhghuaillíocht éigin eile in ann iad a chorraí anois?

Ar bhealach ait agus aisteach, ní dóigh go bhfeicfidh bean óg an Chlocháin an t-athrú ón ‘same old, same old’ mura dtarlóidh cúlú agus corraíl eacnamaíochta i bPoblacht na hÉireann a d’athródh meon polaitiúil an mhóraimh.

Agus iad siúd a chonaic an dá phictiúr, agus an dá shaol, níl siadsan ag iarraidh saol agus pictiúr eile.

Fág freagra ar 'Dhá phictiúr agus dhá shaol – dóchas seachas gruaim anois sa Ghaeltacht'