Dhá oiread státseirbhíseach ag tabhairt faoi theastas Gaeilge an fómhar seo

Déanfar cinneadh an bhliain seo chugainn cé acu ar chóir nó nár chóir cúrsa Gaeilge nua do thosaitheoirí a chur ar siúl do státseirbhísigh

Dhá oiread státseirbhíseach ag tabhairt faoi theastas Gaeilge an fómhar seo

Stiúrthóír OIdeachais Gaelchultúr Éamonn Ó Dónaill. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá dúbailt tagtha ar líon na státseirbhíseach atá ag tabhairt faoin Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil an fómhar seo, in ainneoin srianta na paindéime.

Ag an am seo anuraidh thug 149 fostaí stáit faoin teastas ach tá breis agus 300 cláraithe le Gaelchultúr do chúrsa an fhómhair i mbliana.

“Tá an-rath ar an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil le cúpla bliain anuas agus níl laghdú ar bith tagtha ar an ráchairt atá ar an chúrsa in ainneoin na srianta ar fad atá i bhfeidhm sa tír faoi láthair,” a deir Éamon Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Gaelchultúr.

“Tá an cúrsa á thairiscint againn sa seomra ranga agus ar líne araon le cúig bliana anuas, mar sin ní raibh mórán stró ag baint le gach mac léinn a aistriú chuig an mhúnla ar líne an fómhar seo.”

Idir an dá linn, tá ráite ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Michael McGrath go ndéanfar cinneadh an bhliain seo chugainn cé acu ar chóir nó nár chóir cúrsa Gaeilge nua do thosaitheoirí a chur ar siúl do státseirbhísigh.

Faoi láthair cuirtear cúrsaí ar fáil d’fhoghlaimeoirí ar meánleibhéal agus ardleibhéal faoin gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí ach níl a leithéid de chúrsa ar fáil do thosaitheoirí.

Ón mbliain 2018 tá ceithre chúrsa á gcur ar fáil ag Gaelchultúr do státseirbhísigh agus cáilíochtaí á mbronnadh acu ag leibhéal 3,4,5, agus 6 den Chreat Náisiúnta.

Chuirfeadh Stiúrthóir Oideachais Gaelchultúr, Éamon Ó Dónaill, fáilte roimh chúrsaí Gaeilge do thosaitheoirí.

“Níl cúrsaí do ghlantosaitheoirí mar chuid den chonradh atá againn le OneLearning ach cuireann muid cúrsaí dá leithéid ar fáil mar sin féin le freastal orthusan nach bhfuil an caighdeán cuí acu go fóill le dul i mbun Leibhéal 3 den TGG.

“Tá súil againn go mbeidh an cúrsa ullmhúcháin sin mar chuid de sholáthar OneLearning ón bhliain seo chugainn ar aghaidh,” arsa Éamon Ó Dónaill.

D’fhiafraigh an Teachta Dála Mick Barry den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Michael McGrath sa Dáil le déanaí cad iad na ranganna a bhí ar fáil do státseirbhísigh.

OneLearning, Ionad Forbartha agus Foghlama na Státseirbhíse, atá lonnaithe sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a dhéanfaidh cinneadh faoi na ranganna Gaeilge.

Is é OneLearning atá freagrach as cúrsaí oiliúna i réimsí éagsúla a chur ar fáil sa Státseirbhís ar fad agus dúirt an tAire go rachaidís i gcomhairle leis na haonaid oiliúna sa Státseirbhís faoi chúrsaí na bliana seo chugainn 2021 “lena fháil amach an bhfuil éileamh ann ar bhunchúrsa Gaeilge”.

Fág freagra ar 'Dhá oiread státseirbhíseach ag tabhairt faoi theastas Gaeilge an fómhar seo'