Cruinniú cinniúnach ag NPHET agus ardú suntasach ar líon na gcásanna Covid-19

Don cheathrú lá as a chéile níor fógraíodh aon bhás eile de dheasca na paindéime inné, ach fógraíodh 144 cás nua de Covid-19 ag an deireadh seachtaine fada

Cruinniú cinniúnach ag NPHET agus ardú suntasach ar líon na gcásanna Covid-19

Beidh cruinniú ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) inniu agus súil ghéar á coinneáil acu ar an ardú suntasach atá tagtha ar líon na gcásanna nua den Covid-19 le seachtain anuas.

I ndiaidh an chruinnithe, meastar go gcuirfidh NPHET faoi bhráid an Rialtais a moladh maidir leis an bplean bogadh ar aghaidh go dtí Céim 4 den phlean díchuibhrithe an tseachtain seo chugainn.

Bhí sé i gceist cead oscailte a thabhairt don chuid eile de thithe tábhairne na tíre seachtain ón lá inniu ach tá amhras faoin bplean sin mar gheall ar an ardú ar líon na gcásanna le tamall.

Ní fios go fóill an gcloífidh an Rialtas leis an bplean dul ar aghaidh go dtí Céim 4 den phlean díchuibhrithe ar an 10 Lúnasa.

Cinneadh an mhí seo caite nach mbeadh cead athoscailte ag clubanna oíche ná ag tithe ósta nach mbíonn bia ar fáil iontu go dtí Dé Luain seo chugainn cé go raibh siad ceaptha oscailt ar an 20 Iúil.

Don cheathrú lá as a chéile níor fógraíodh aon bhás eile de dheasca na paindéime inné, ach fógraíodh 144 cás nua de Covid-19 le linn deireadh seachtaine na saoire bainc.

46 cás nua den ghalar a fógraíodh ó dheas tráthnóna inné, 53 cás a fógraíodh Dé Domhnaigh agus 45 cás a bhí i gceist Dé Sathairn.

Bhain thart ar 60% de na cásanna nua a fógraíodh le trí lá anuas le trí chontae – Cill Dara, Baile Átha Cliath agus Laois.

Fógraíodh a dhá oiread cásanna an tseachtain seo caite is a fógraíodh an tseachtain roimhe sin agus fógraíodh 85 cás Déardaoin seo caite, an líon is mó cásanna a fógraíodh aon lá le breis is dhá mhí.

Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí na Roinne Sláinte do na contaetha Gaeltachta go raibh a dhá oiread cásanna sna contaetha sin mí Iúil is a bhí mí an Mheithimh.

Tá imní ar oifigigh sláinte phoiblí faoin ardú seo ar líon na gcásanna tráth a bhfuiltear ar tí cinneadh a dhéanamh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé sábháilte bogadh ar aghaidh go dtí céim 4 den phlean díchuibhrithe seachtain ón lá inniu.

40 cás nua den ghalar a chuir Roinn Sláinte an Tuaiscirt ar an taifead le linn an deireadh seachtaine.

2,319 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,763 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

32,196 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 26,208 cás ó dheas agus 5,988 cás ó thuaidh.

Den 46 cás nua den ghalar a fógraíodh ó dheas inné, bhain 32 ceann acu le ráigeanna den ghalar nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a bhí buailte ag an ngalar. Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal a bhí i gceist le cúig cinn, is é sin le rá nach eol cén tsiocair a bhí leo.

Bhí 85% den 46 duine faoi bhun 45 bliain d’aois.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, go raibh formhór mór daoine óga ag cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí agus go raibh “íobairtí móra” déanta acu chun iad féin agus daoine eile a chosaint.

“Rachaidh daoine de gach aois amú ó am go chéile de réir mar atá siad ag foghlaim conas maireachtáil go sábháilte in éineacht leis an víreas seo.

“In áit an locht a chur ar aon duine, ba chóir dúinn spreagadh a thabhairt dá chéile tógáil ar na hiarrachtaí mór atá déanta againn go dtí seo.”

Bhain 90% de na 53 cás a fógraíodh Dé Domhnaigh le ráigeanna nó le gartheagmháil le duine eile a raibh sé deimhnithe an galar a bheith air. Tá na húdaráis ag súil gur comhartha an céatadán ard sin go bhfuil ag éirí leis an gcóras tástála agus cuardaigh.

Faoi mheán oíche Dé Sathairn, an 1 Lúnasa, ní raibh aon athrú tagtha ar líon na gcásanna Covid-19 i nGaillimh (498) i gCiarraí (317), i gCorcaigh (1,567) i nDún na nGall (473), i bPort Láirge (166), i gcontae na Mí (830) ná i Maigh Eo (583).

Dhá cás nua a bhí i nDún na nGall (476).

Tá NPHET ag iarraidh ar dhaoine cloí le sé phíosa comhairle:

  • Scaradh sóisialta a chleachtadh agus fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile
  • Casadh le daoine amuigh faoin aer chomh fada agus is féidir
  • Gan fanacht rófhada i gcomhluadar daoine
  • Na lámha a ní go maith agus go minic
  • Clúdach aghaidhe a chaitheamh nuair is cuí
  • Aip rianaithe Covid-19 a íoslódáil

Aimsíodh a dhá oiread cásanna nua de Covid-19 sna contaetha Gaeltachta mí Iúil ná mar a aimsíodh sna contaetha céanna mí an Mheithimh.

Léiríonn na figiúirí is deireanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur aimsíodh 77 cás nua den choróinvíreas sa seacht gcontae Gaeltachta an mhí seo caite, i gcomparáid le hardú 39 cás idir tús agus deireadh mhí Mheithimh.

Bhog an tír ar aghaidh go dtí Céim 3 den phlean díchuibhrithe ar an 29 Meitheamh, tráth ar tugadh cead do dhaoine taisteal ar fud na tíre agus cead oscailte d’fhormhór ghnóthaí an stáit.

Beidh cruinniú inniu ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí mar a ndéanfar plé faoi cibé an mbeadh sé sábháilte a bheith ag pleanáil ar bhogadh ar aghaidh go dtí Céim 4 de scaoileadh na dianghlasála an tseachtain seo chugainn.

Cé go raibh líon na gcásanna ag titim ar fud na tíre nuair a cuireadh tús le Céim 3, a mhalairt atá tarlaithe ó shin.

As na contaetha Gaeltachta go léir, is i gCorcaigh a tháinig an t-ardú is mó ó thaobh líon na gcásanna agus 23 cás breise a deimhníodh sa chontae an mhí seo caite.

Is i bPort Láirge a tháinig an t-ardú is mó ó thaobh céatadáin de, áfach. Aimsíodh ocht gcás nua i bPort Láirge i rith mhí Iúil, ardú os cionn 5% in aon mhí amháin ar líon na gcásanna a deimhníodh sa chontae.

Ardú 1.78% ar líon na gcásanna Covid-19 a chonacthas sa 26 contae ar fad i rith mhí Iúil, ó 25,489 cás go dtí 25,942 cás.

Ocht gcás a aimsíodh i nDún na nGall mí Iúil (+1.72%), naoi gcás a deimhníodh i nGaillimh (+1.85%), seacht gcás a bhí i gceist i gCiarraí (+2.26%), ceithre cinn a bhí i Maigh Eo (+0.7%) agus 18 cás nua a deimhníodh i gcontae na Mí (+2.23%).

Mar sin féin, tá na contaetha Gaeltachta uile fós go maith faoi bhun an mheáin maidir le líon na ndaoine a bhfuil Covid-19 tolgtha acu.

 

Fág freagra ar 'Cruinniú cinniúnach ag NPHET agus ardú suntasach ar líon na gcásanna Covid-19'