Tá dhá leabhar Gaeilge curtha ar an ngearrliosta do Ghradaim Leabhar na Bliana CBI a fógraíodh inné. Is iad sin Haiku Más é do thoil é! le Gabriel Rosenstock, agus Daideo le Áine Ní Ghlinn.
Beidh gach ceann de na deich leabhar ar an ngearrliosta san iomaíocht do na gradaim, a áiríonn an gradam nuálaíoch Rogha na bPáistí a gcaitheann léitheoirí óga ar fud na tíre vóta air.
Seo thíos an liosta iomlán:
Only Ever Yours le Louise O’Neill
The Apple Tart of Hope le Sarah Moore Fitzgerald
When Mr Dog Bites le Brian Conaghan
Apple and Rain le Sarah Crossan
Haiku Más é do thoil é! le Gabriel Rosenstock, maisithe ag Brian Fitzgerald
Shh! We Have a Plan le Chris Haughton
Primperfect le Deirdre Sullivan
Beyond the Stars tiomsaithe ag Sarah Webb
Once Upon an Alphabet le Oliver Jeffers
Daideo le Áine Ní Ghlinn
Bunaíodh Gradaim Leabhar na Bliana CBI i 1990 chun ceiliúradh a dhéanamh ar litríocht do leanaí. Cuimsíonn siad leabhair i mBéarla agus i nGaeilge do gach aoisghrúpa.
I measc na mbuaiteoirí a bhí ann roimhe seo, tá John Boyne do The Boy in the Striped Pyjamas; Sheena Wilkinson do Grounded, Marie Louise Fitzpatrick do There agus Hagwitch agus Kate Thompson do The New Policeman, Annan Water agus The Alchemist’s Apprentice.
Dúirt Ciara Ní Bhroin, cathaoirleach phainéal na moltóirí go rabhthas an-shásta le caighdeán na saothar ar an ngearrliosta.
“Cuireann an gearrliosta seo eispéireas léithreoireachta saibhir agus thar a bheith sásúil ar fáil do gach páiste. Tá an Béarla agus an Ghaeilge araon ann agus bhí mé féin agus moltóirí Ghradaim Leabhar na Bliana CBI thar a bheith sásta teacht ar líon mór leabhar a dhéileálann le réimse éagsúil eispéireas,” a dúirt sí.
Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas a bheidh ar siúl ar an 19 Bealtaine na bliana seo sa Light House Cinema i mBaile Átha Cliath.
Fág freagra ar 'Dhá leabhar Ghaeilge ar ghearrliosta do Ghradaim Leabhar na Bliana CBI'