Dhá fhadscannán Gaeilge i measc na saothar a bheidh chugainn in 2021

Seo cuid de na scannáin a bhfuil léirmheastóir an tí seo ag súil leo in 2021

Dhá fhadscannán Gaeilge i measc na saothar a bheidh chugainn in 2021

Ní nach ionadh beidh tionchar ag corraíl agus streachailt phaindéim 2020 ar thionscal na scannánaíochta in 2021.

Ní fios cén uair a bheidh na ceártaí móra faoi lán seoil arís, ach mar chúiteamh air sin tá go leor saothar ó 2020 le seoladh go fóill. Táthar in amhras go bhfuil buille eile buailte ar thionscal na bpictiúrlann agus ar an earnáil ó tharla an lucht féachana a bheith sáite tuilleadh i dtreo na n-ardán sruthaithe. Go deimhin d’fhógair Warner Brothers le déanaí go bhfuil sé i gceist acu a gcuid scannán ar fad a sheoladh ar HBO Max agus sna pictiúrlanna ag an am céanna in 2021. Ach oiread le blianta eile tá meascán mearaí de shaothair chugainn ó scannáin leantacha agus saothair na sárlaochra go saothair níos machnamhaí agus níos ealaíonta. Seo cúpla scannán a bhfuil léirmheastóir an tí seo ag súil leo.

Cine 4

Bríd Ní Neachtain i Mo Ghrá Buan

Tá dhá fhadscannán le teacht as scéim Cine4 in 2021. Tá Mo Ghrá Buan suite i nGaeltacht na Rinne agus dírítear ar scéal Róise (Bríd Ní Neachtain) atá ag caoineadh bás a fir. Lá de na laethanta tagann gadhar go leac a dorais agus cuireann a iompar a fear i gcuimhne di. An bhfuil athionchollú i gceist nó an bhfuil Róise ag imeacht le craobhacha? Is iad Rachel Moriarty agus Peter Murphy a scrígh is a stiúraigh an saothar agus tá Cillian Ó Gairbhí agus Lorcan Cranitch sna príomhróil eile. Tá Foscadh bunaithe ar úrscéal le Dónal Ryan agus é suite i gConamara an lae inniu. Insíonn sé scéal John Cunliffe (Dónall Ó Héalaí), aonarán agus éan corr. Tá air dul i ngleic le daoine eile agus leis an saol nuair a imíonn a thuismitheoirí ar shlí na fírinne. Lena chois sin tá comhlacht muilte gaoithe ag iarraidh feirm ghaoithe a thógaint ar thalamh a mhuintire. Seán Breathnach a scrígh is a stiúraigh agus is iad Fionnuala Flaherty, Macdara Ó Fátharta agus Diarmuid de Faoite na haisteoirí.

Dónall Ó Héalaí i Foscadh

The Last Duel

Seo an saothar a d’fhág Matt Damon bocht sáinnithe i nDeilginis i rith na dianghlasála. Scéal ón tréimhse Éadbhardach atá againn anseo is é bunaithe ar leabhar Eric Jager The Last Duel: A True Story of Trial by Combat in Medieval France. Sa Fhrainc sa cheathrú haois déag tugann na dlúthchairde Jean De Carrouges (Matt Damon) agus Jacques Le Gris (Adram Driver) faoi chomhrac aonair nuair a chuireann De Carrouges i leith Le Gris gur éignigh sé a bhean. Bhí Matt Damon agus Ben Affleck sa mheitheal a sholáthraigh an script agus sé Ridley Scott a bhí ar an stiúir.

The Many Saints of Newark

Tá uisce le fiacla lucht leanta The Sopranos ó fógraíodh go rabhthas le tabhairt faoi réamhscannán bunaithe ar mhaifia New Jersey. D’fhill ceardaí na sraithe teilifíse, David Chase, le dul i mbun pinn agus beidh eachtraí an scannáin lonnaithe i rith chíréibeacha Newark i 1967. Tá fathach na sraithe, James Gandolfini, imithe ar shlí na fírinne agus is é a mhac siúd, Michael, a dhéanfaidh léiriú ar an Tony Soprano óg. Beidh Dickie Moltisanti (Jon Bernthal), athair Christopher na sraithe, i lár an aonaigh agus déanfar cíoradh ar an ngaol le Tony óg. I measc na cléire, tá Vera Farmiga, Billy Magnussen, Ray Liotta, Corey Stoll, Alessandro Nivola.

Herself

Sa saothar Éireannach seo, díreofar ar an drochíde baile agus an ghéarchéim tithíochta. Saothar é a mbeidh ardú croí ag baint leis chomh maith céanna.
Tá Sandra (Clare Dunne) ag iarraidh teitheadh óna páirtí a thugann drochíde di. Sáinnítear í agus a clann i gcóiríocht éigeandála. Agus í i ndeireadh na feide déanann sí iarracht a teach féin a thógaint. Sí Dunne féin agus Malcolm Campbell a bhí ar an bpeann agus sí Phyllida Lloyd a stiúraigh. I measc na n-aisteoirí, tá Harriet Walter agus Conleth Hill.

Dune

Seo ceann de scannáin mhóréilimh 2021. Sa saothar seo déanfaidh Denis Villeneuve iarracht leabhar ficsin eolaíochta fairsing le Frank Herbert a thabhairt chuig an scáileán mór. Dhein David Lynch a léamh scáileáin féin air breis agus tríocha bliain ó shin, ach dhein sé cac sleaidí den chúram. Táthar ag súil go n-éireoidh le stiúrthóir Sicario (2015) agus Blade Runner 2049 (2017) an breac áirithe seo a thabhairt ar an bport. Ní haon dóithín é an leabhar seo áfach – taisteal ar luas an tsolais, druga a chuireann le saol agus meabhair chinn an duine, léimt ó phláinéad go pláinéad, gníomhartha fill, aicsin agus péisteanna gainimh ollmhóra. Timothée Chalamet, Josh Brolin, Rebecca Ferguson, Oscar Isaac, Javier Bardem, Jason Momoa, Dave Bautista agus Zendaya sa chliar.

Fadscannáin faisnéise faoi fhathaigh an cheoil

Tabharfaidh an fadscannán faisnéise Songs For While I’m Away cuntas ar shaol is ar shaothar Phil Lynott. D’éirigh leis an mBleá Cliathach seo de chine measctha agus ó chúlra lucht oibre cáil idirnáisiúnta a bhaint amach mar phríomhamhránaí Thin Lizzy. Tabharfaidh an saothar cuntas ar ghaiscí agus anró a shaoil. Beidh Peter Jackson ag rómhar in iomaire an cheoil chomh maith lena shaothar The Beatles: Get Back. De réir dealraimh tá greim faighte aige ar phíosaí scannánaíochta nach bhfacthas cheana agus díreofar ar an tréimhse 1969 /1970 mar a dtugadar taispeántas ar dhíon Apple Records agus mar a raibh an t-albam Let it Be á thaifeadadh acu.

Scannáin mhóreachtraíochta gur fiú féachaint orthu (b’fhéidir)

Tá Daniel Craig ag filleadh den chúigiú huair, agus don uair dheireanach, mar James Bond in No Time to Die, an cúigiú scannán Bond is fiche. Sé stiúrthóir True Detective a bhí ar an stiúir agus is cinnte nach loicfidh Séamus in eachtraíocht is éalúchas a sholáthar dúinn. Ralph Fiennes, Naomie Harris, Lea Seydoux, Ben Whishaw, Rory Kinnear agus Jeffrey Wright fillte is Rami Malek earcaithe mar bhithiúnach. Tháinig saothar John Krasinksi, A Quiet Place, aniar aduaidh ar mhórán dhá bhliain ó shin. Scéinséir, scannán uafáis agus scannán eachtraíochta in éineacht. Bhí Krasinksi féin i gceann de na príomróil (Lee) agus Emily Blunt (Evelyn), a bhean sa bhfíorshaol agus sa scannán, taobh leis. Bhásaigh Lee sa chéad scannán agus sa saothar seo beidh ar Evelyn agus a clann aghaidh a thabhairt ar na harrachtaí agus uafáis eile taobh amuigh de chríocha réasúnta sábháilte a bhfeirme. Ní fhéadfainn gan Top Gun: Maverick a lua. Breis agus tríocha bliain i ndiaidh amaidí, alfraitsíocht agus áiféis Top Gun, tá Tom Cruise, atá ag tarraingt ar na trí scór, ag suí i gcór an phíolóta aon uair amháin eile. Tony Scott fillte mar stiúrthóir agus Val Kilmer fillte mar Iceman. Ní éalúchas go dtí é.

Fág freagra ar 'Dhá fhadscannán Gaeilge i measc na saothar a bheidh chugainn in 2021'