Cosaint déanta ag an Taoiseach ar pholasaí Gaeilge an Rialtais roimh a fhógra go raibh faoi éirí as ceannaireacht FG

Beidh cruinniú an tseachtain seo chugainn de Choiste Rialtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, an coiste is sinsearaí sa státchóras atá ag plé le cás na teanga agus coiste a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air

Cosaint déanta ag an Taoiseach ar pholasaí Gaeilge an Rialtais roimh a fhógra go raibh faoi éirí as ceannaireacht FG

Beidh cruinniú amháin eile ag Enda Kenny mar Chathaoirleach ar Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Rialtais sula n-éireoidh sé as ceannaireacht Fhine Gael agus cruinniú den choiste sin beartaithe don Déardaoin seo chugainn.

Ní raibh ach dhá chruinniú ag an gcoiste ardleibhéil Gaeilge agus Gaeltachta, a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air, ó cuireadh tús leis an 32ú Dáil breis is bliain ó shin.

Cúpla uair a chloig sular fhógair sé go raibh sé i gceist aige éirí as ceannaireacht Fhine Gael, dhein an Taoiseach cosaint sa Dáil inné ar an méid atá á dhéanamh ag an Rialtas ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Mháigh an Taoiseach go raibh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á cur i bhfeidhm ar bhonn “céimneach” agus thagair sé don phróiseas “cuimsitheach” pleanála teanga atá curtha ar bun sa Ghaeltacht. Luaigh sé chomh maith an polasaí oideachais nua don Ghaeltacht a d’fhoilsigh a Rialtas anuraidh, an chéad phlean dá leithéid ó bhunú an Stáit. “Sílim gur maith an rud é sin,” a dúirt Enda Kenny.

Ba é an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Donnchadh Ó Laoghaire, a cheistigh an Taoiseach maidir leis an gcoiste ardleibhéil rialtais.

Dúirt Ó Laoghaire go bhfuil “go leor imní” ann faoi pholasaí Gaeilge an Rialtais agus go bhfuil  go leor “imní” ann freisin faoi thorthaí Dhaonáireamh 2016 a léirigh go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht.

“Tar éis 70 bliain d’fhás – fás measartha, b’fhéidir – tá sé tagtha chun deiridh leis an Rialtas seo. Is dóigh liomsa go bhfuil faillí á dhéanamh ag an Rialtas maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá ocht mbliana di sin nach mór caite agus is beag dul chun cinn atá déanta. Fiú ó thaobh na Gaeltachta, agus is ábhar mór imní í sin, tá an méid daoine atá ag caint na Gaolainne go laethúil laghdaithe 11%. Mar sin, tá gá le i bhfad níos mó infheistíochta…”

“Tá gach freagracht á chur ar an Aire sóisearach. Cad atá an Taoiseach chun déanamh chun a chinntiú go bhfuil an buiséad ceart agus leordhóthaineach ag na heagraíochtaí atá freagrach as an nGaolainn a chur chun cinn agus chun a chinntiú go bhfuil an Ghaolainn i lár straitéis agus pholasaithe an Rialtais?” a dúirt Ó Laoghaire.

Dúirt an Taoiseach go raibh Coiste Gaeilge an Rialtais ag “breathnú ar na nithe” seo agus dhein sé cosaint ar chur chuige a Rialtais i leith na Gaeilge.

Cruinniú amháin a bhí ag an gCoiste Ealaíon, Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán anuraidh, ar an 13 Deireadh Fómhair, agus cruinniú amháin a bhí acu i mbliana, ar an 27 Feabhra.

Bhí cruinniú den choiste beartaithe don Luan seo caite chun plé a dhéanamh ar an reachtaíocht teanga nua, ach cuireadh an cruinniú sin ar athlá.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le déanaí go gcuirfí an reachtaíocht teanga faoi bhráid an Rialtais roimh dheireadh na míosa seo.

Bhí 18 mí ann idir an t-aon chruinniú a bhí ag Coiste Gaeilge an Rialtais anuraidh agus an cruinniú deireanach a bhí acu roimhe sin, ar an 30 Márta 2015.

Bunaíodh Coiste Rialtais na Gaeilge agus na Gaeltachta chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Ocht gcinn de chruinnithe ar fad a bhí ag an gCoiste ó thús 2013 i leith.

Is é Coiste Rialtais na Gaeilge agus na Gaeltachta an coiste is sinsearaí sa státchóras atá ag plé le cás na teanga. Tá an Taoiseach ina chathaoirleach ar an gcoiste agus bíonn idir Airí agus státseirbhísigh shinsearacha ó na ranna rialtais ag freastal ar na cruinnithe a bhíonn aige.

I mí Iúil na bliana seo caite, cuireadh cúram na n-ealaíon le cúraimí an Choiste a bunaíodh chun plé go sonrach le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, cinneadh a cháin polaiteoirí de chuid an fhreasúra.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív ag an am nach mbeadh sa choiste feasta ach “leithscéal de choiste” agus nach mbeadh an Ghaeilge ach ina “driobaillín” ann.

Dúirt Ó Cuív an tseachtain seo gur léiriú é a laghad cruinnithe a bhí ag Coiste Gaeilge an Rialtais ar an “neamhaird” atá á tabhairt acu ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Dúirt Ó Cuív go raibh sé i gceist gur “Straitéis Rialtais” faoi stiúir an Taoisigh a bheadh sa Straitéis 20 Bliain ionas nach mbeadh ar “Aire bocht na Gaeltachta dul ó roinn go roinn” ag lorg tacaíochta.

Mhaígh Ó Cuív gur mar sin a tharla, áfach, go raibh cúram na teanga ar fad leagtha ar an Aire Stáit agus an Straitéis fágtha “i gcoirnéal beag in intinn an Rialtais”.

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag an Taoiseach ar pholasaí Gaeilge an Rialtais roimh a fhógra go raibh faoi éirí as ceannaireacht FG'