Dhá athrú déanta ag Kevin Walsh do chluiche ceannais Chonnacht

Ainmníodh foireann na Gaillimhe do chluiche ceannais Chonnacht ar maidin agus tá beirt nua tagtha isteach ar an bhfoireann a thabharfaidh aghaidh ar Ros Comáin

Dhá athrú déanta ag Kevin Walsh do chluiche ceannais Chonnacht

Bainisteoir na Gaillimhe, Kevin Walsh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá foireann na Gaillimhe a thabharfaidh aghaidh ar Ros Comáin i gcluiche ceannais Chonnacht an deireadh seachtaine seo ainmnithe ag Kevin Walsh.

Dhá athrú atá déanta ag an mbainisteoir ar an bhfoireann a bhuaigh ar Mhaigh Eo an mhí seo caite. Tagann Eoghan Kerin isteach sa líne lánchúil in áit David Wynne. Is sa líne lántosach atá an t-athrú eile déanta agus Eamonn Brannigan, a d’aimsigh pointe in aghaidh Mhaigh Eo nuair a tháinig sé isteach, ag tosú in áit Seán Armstrong, a ghortaigh a dhroim ó shin.

Tá Gaillimh ag iarraidh Craobh Chonnacht a bhuachan don dara bliain as a chéile Dé Domhnaigh den chéad uair ó 2002-2003.

Fuair siad an ceann is fearr ar Ros Comáin i gcluiche ceannais 2016, i ndiaidh cluiche athimeartha. Tá foireann Kevin McStay ag iarraidh Corn Nestor a thabhairt leo den chéad uair ó 2010.

Ainmníodh foireann Ros Comáin cheana féin. Athrú amháin atá déanta ag McStay ón gcluiche leathcheannais, inar bhuaigh siar ar Liatroim, agus Cathal Compton tagtha isteach i lár na páirce in áit Donie Smith.

Cuirfear tús le cluiche ceannais na sinsear  ag 2.00i.n. tráthnóna Dé Domhnaigh i Staid an Phiarsaigh. Imreofar cluiche ceannais na mionúr ag 12.00i.n. agus tabharfaidh an Ghaillimh aghaidh ar Shligeach sa chluiche sin.

Foireann na Gaillimhe

1.   Ruairi Lavelle

2.   Cathal Sweeney

3.   Declan Kyne

4.   Eoghan Kerin

5.   Gary O’Donnell

6.   Gareth Bradshaw

7.   Liam Silke

8.   Fiontán Ó Curraoin

9.   Paul Conroy

10.  Thomas Flynn

11.  Michael Daly

12.  Johnny Heaney

13.  Eamonn Brannigan

14.  Damien Comer

15.  Shane Walsh

Foireann Ros Comáin

1.    Colm Lavin

2.   David Murray

3.   John McManus

4.   Niall McInerney

5.   Sean McDermott

6.   Sean Mullooly

7.   Conor Devaney

8.   Tadgh O’Rourke

9.   Cathal Compton

10. Fintan Cregg

11. Ciaráin Murtagh

12. Enda Smith

13. Brian Stack

14. Diarmuid Murtagh

15. Niall Kilroy

Fág freagra ar 'Dhá athrú déanta ag Kevin Walsh do chluiche ceannais Chonnacht'