D’fhéadfaí scéal ‘Ad Astra’ a insint níos fearr gan an domhan seo a fhágaint in aon chor

Saothar eile é Ad Astra atá ag iarraidh scéal stuifiúil a shniogadh as seánra an spáis

D’fhéadfaí scéal ‘Ad Astra’ a insint níos fearr gan an domhan seo a fhágaint in aon chor

Tá raidhse scannán tagtha os ár gcomhair le blianta beaga anuas ina raibh an spástaisteal ina lár istigh. Is saothair chumasacha, thaitneamhacha iad Gravity (2013), Interstellar (2014) agus The Martian (2015) a chráigh sinn mar aon le hábhar machnaimh a thabhairt dúinn.

Saothar eile é Ad Astra atá ag iarraidh scéal stuifiúil a shniogadh as seánra an spáis. Ar an drochuair ní bhfuaireas an blas céanna ar an scannán seo is fuaireas ar na cinn atá eile sin. Cinnte, tá cuma álainn air le cineamatagrafaíocht ealaíonta agus maisiúcháin shnasta. Léiríonn Brad Pitt a dhintiúir aisteoireachta arís eile agus taispeántas breá á thabhairt aige mar Roy McBride; spásaire cumasach, cliste agus mac le Clifford McBride (Lee Jones) spásaire atá sa Táin.

Blianta roimhe seo thug Clifford agus a chriú faoi mhisean go Neptune ar imeall an ghrianchóras agus níor chualathas uathu ó sin. Meastar go bhfuilid ar fad básaithe.

Tá a athair ina dhia beag ag Roy ach, ní nach ionadh, mothaíonn sé coimhthíos leis ag an am céanna. Tá sé bródúil as gaiscí a athar ach tá an ghoimh air leis toisc gur thréig sé é ar mhaithe lena ghairm. An uaillmhian agus dúthracht oibre ag fáil an ceann is fearr ar an ngrá teaghlaigh. Bíonn Roy geanúil ina chaidrimh le strainséirí agus daoine a bhfuil beagán aithne acu air, ach is fear fuarchúiseach díbheo é lena bhean chéile (Tyler). Ina chroí istigh, áfach, tá sé lán le drochmhianach.


 

Beartaíonn na húdaráis Roy a sheoladh chuig Neptune mar go measann siad go bhfuil a athair fós beo agus i mbun gníomhartha atá ag cur an ghrianchórais i mbaol. Vae leis. Is ar  Mars atá a thriall ar dtús agus is deas mar a léirítear an domhan nua seo dúinn. Eitiltí chuig an ngealach ar bhonn tráchtála agus an pláinéad dearg ina ghaiste turasóireachta. Lena chois sin is críoch í atá ina hábhar achrainn agus tá radharc spleodrach againn dár laoch ag éalú i mbugaí spáis ó fhoghlaithe. Bhaineas súp as an gcuid seo den scannán ach níor deineadh an saol agus an domhan sin a mhíniú chun mo shástachta. Níor míníodh i gceart ach an oiread cén fáth nár deineadh iarracht dul chuig Neptune roimhe seo.

Níorbh é radharc na mbugaithe spáis an t-aon radharc aicsin lán teannais sa scannán. I dtosach an tsaothair címid Roy ag titim ón ‘International Space Antenna’, aeróg a théann ón talamh suas isteach sa spás agus ina dhiaidh sin bíonn air dul i mbun comhraic le príomhach sa spás.

I ndeireadh na dála, agus faoi mar a luadh thuas, is scannán é seo faoi athair is mac, agus faoin lorg trom a fhágann imeacht agus tréigean an athar ar an mac. Déantar seo a chíoradh ó thús deireadh an scannáin agus is minic sinn i dtaoibh le seatanna teanna de chuntanós cráite Roy. Dar liom go dtéann rudaí amach ón gcairt ar fad i dtreo an deiridh. I ndeireadh na dála fágadh mé leis an smaoineamh go bhféadfadh an téama seo a bheith cíortha, agus cíortha níos fearr, gan an domhan seo a fhágaint in aon chor.

Fág freagra ar 'D’fhéadfaí scéal ‘Ad Astra’ a insint níos fearr gan an domhan seo a fhágaint in aon chor'