D’fhéadfadh nach mbeidh aon mhúinteoir breise ar fáil don Pholasaí Gaeltachta go ceann seacht mbliana – Bruton

D’fhéadfadh sé nach mbeadh aon mhúinteoir breise ar fáil faoin bPolasaí Oideachais Gaeltachta go ceann seacht mbliana

D’fhéadfadh nach mbeidh aon mhúinteoir breise ar fáil don Pholasaí Gaeltachta go ceann seacht mbliana – Bruton

An tAire Richard Bruton. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

D’fhéadfadh sé nach mbeadh aon mhúinteoir breise ar fáil faoin bPolasaí Oideachais Gaeltachta go ceann seacht mbliana.

Thug an tAire Oideachais le fios sa Dáil an tseachtain seo nach bhfuil an fógra déanta fós do thairiscintí maidir leis an gclár nua oiliúna do mhúinteoirí atá geallta faoin bpolasaí. Dúirt an tAire Richard Bruton go bhfuiltear ag súil na tairiscintí sin a lorg “an samhradh seo” agus go gcuirfear tús leis an gclár nua oiliúna in 2018/2019 nó in 2019/2020.

Sa chás nach gcuirfí tús leis an gclár nua oiliúna go dtí 2019/2020, d’fhágfadh sé nach mbeadh múinteoirí cáilithe ón gcúrsa nua ceithre bliana go dtí 2024.

D’fhágfadh sé sin nach mbeadh múinteoir ón gclár oiliúna ar fáil do gach scoil Ghaeltachta sa tír go dtí an bhliain 2027. Tá 140 bunscoil sa Ghaeltacht oifigiúil i láthair na huaire agus 30 múinteoir sa bhliain a sholáthrófaí ón gclár nua oiliúna.

Dúirt an Teachta Dála Gaeltachta Aindrias Ó Muineacháin, a chuir ceisteanna ar an Aire Oideachais faoin soláthar múinteoirí don pholasaí, nach bhfuil na freagraí a fuair sé sásúil.

“Ní fhéadfainn a beith sásta leis na freagraí a fuair mé. Is léir nach bhfuil an próiseas ag bogadh tapa go leor agus tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh tréimhse an Pholasaí Oideachais Gaeltachta istigh sula mbeidh na múinteoirí ar fáil.
“Tá scoileanna ag aontú pleananna i láthair na huaire don bhliain seo chugainn agus súil acu stádas Gaeltachta a bhaint amach. Beidh siad ag súil le múinteoirí a bheith ar fáil ó 2018 ar aghaidh. Níl aon chosúlacht ann gurb amhlaidh a bheidh,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Thug an tAire le fios chomh maith go mbeadh bunú an chláir oiliúna ag brath ar an tsuim a léireofaí sa phróiseas tairisceana agus ar an éileamh a bheidh ar an gcúrsa ina dhiaidh sin.

“Tá an phleanáil ar siúl maidir leis an ngníomh seo agus tar éis comhairliúchán a dhéanamh leis na comhpháirtithe cuí, táthar ag súil go bhfoilseofar an glao ar thairiscintí leis an gclár a sholáthar sa Samhradh in 2017 agus táthar ag súil go mbeidh an dáta tosaigh don chlár ceithre bliana seo in 2018/19 nó 2019/20 má éiríonn go maith leis an nglao ar thairiscintí agus má léiríonn dóthain scoláirí féideartha spéis ann,” a dúirt an tAire Oideachais.

Cuireadh fáilte mhór roimh an bPolasaí Oideachais Gaeltachta nuair a seoladh an bhliain seo caite é, an chéad pholasaí stáit don oideachas atá dírithe ar riachtanais an chainteora dúchais Gaeltachta.

Faoin bpolasaí nua, beidh tréimhse cúig bliana ag scoileanna stádas a bhaint amach mar scoileanna Gaeltachta.

Beidh ar aon bhunscoil atá ag iarraidh aitheantas mar scoil Ghaeltachta feasta staonadh ó theagasc an Bhéarla ar feadh an chéad dá bhliain scolaíochta agus polasaí lán-tumoideachais a chur i bhfeidhm.

Le cur le líon na múinteoirí atá in ann teagasc i nGaeilge, agus le feabhas a chur ar chaighdeán an teagaisc sin, gealltar sa Pholasaí Gaeltachta go gcuirfear clár nua oiliúna ar bun.

Caitheadh amhras, áfach, ar an bplean múinteoirí breise a sholáthar leis an bpolasaí a chur i bhfeidhm níos luaithe i mbliana. 

Chuir an tAire Oideachais Richard Bruton trí cinn de choinníollacha leis an ngeallúint sin i mí an Mhárta.

“Tá na spriocdhátaí don chúrsa seo ag brath go mór ar thoradh rathúil an phróisis tairisceana, acmhainní a bheith ar fáil agus líon na ndaoine a roghnóidh an clár oideachais tosaigh múinteoirí seo,” a dúirt an tAire Oideachais.

Deirtear sa pholasaí oideachais go mbeadh 30 múinteoir in aghaidh na bliana ar an gClár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí ó 2018/19, ach meastar anois gur dóichí gur in 2019/2020 a chuirfear tús leis an gclár. 

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh nach mbeidh aon mhúinteoir breise ar fáil don Pholasaí Gaeltachta go ceann seacht mbliana – Bruton'

  • Mánus

    Bheadh sé níos ciallmhara don mhionlach atá ag tógaint clainne le Gaeilge sa “Ghaeltacht” cupla Gaelscoil a bhunú dóibh fhéin mar atá á dhéanamh ar fud na tíre. Is ait nach bhfuil ceann bunaithe fós acu. Níl ann ach líonraí Ghaeilge atá fágtha sna ceantracha ” Gaeltachta” agus ba chóir na líonraí sin a chaomhnú. Níl aon pholasaí Stáit in ann brú an Bhéarla sna scoileanna “Ghaeltachta” a stopadh toisc gur scoileanna pobail iad agus go bhfuil an Béarla in uachtar (nó is gearr go mbeidh) sna pobail “Gaeltachta” sin.