‘D’fhéadfadh gur thosaigh an coróinvíreas ag scaipeadh anseo anuraidh’ – an Taoiseach

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar chomh maith go raibh ag éirí linn “an cuar a chothromú” agus go raibh sé dóchasach go bhféadfaí tosú ar na srianta a scaoileadh ar an 18 Bealtaine

‘D’fhéadfadh gur thosaigh an coróinvíreas ag scaipeadh anseo anuraidh’ – an Taoiseach

Deir an Taoiseach go ráineodh go raibh an galar Covid-19 in Éirinn ag tús na bliana seo, nó fiú ag deireadh na bliana seo caite.

Ar an 29 Feabhra a deimhníodh an chéad chás den choróinvíreas sa Stát.

Ach dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil inniu go  mb’fhéidir go raibh an galar á scaipeadh anseo i bhfad roimhe sin. Dúirt sé go bhféadfadh an scéal a bheith amhlaidh mar gheall ar an gceangal láidir atá ag an tír seo leis an bhFrainc agus an ceangal láidir atá ag an bhFrainc leis an tSín, mar ar thosaigh an galar anuraidh.

Léirigh an scagadh a rinneadh le déanaí ar bhásanna i dtithe altranais gur síleadh go raibh an galar ar bheirt a bhásaigh i lár mhí Feabhra.

Neosfadh an aimsir, a dúirt an Taoiseach, cathain a fuair Covid-19 greim ar an bpobal.

Tagann ráiteas an Taoisigh sna sála ar staidéar a foilsíodh i bPáras ina dtugtar le fios go raibh an coróinvíreas ar othar ar an 27 Nollaig, mí sular deimhníodh an chéad chás den ghalar sa Fhrainc.

Dúirt an WHO nach “ábhar iontais” torthaí an staidéir sin agus d’iarr siad ar thíortha scagadh a dhéanamh ar sheanchásanna féachaint ar thosaigh scaipeadh an Covid-19 níos túisce ná mar a síleadh.

 Ar an 31 Nollaig a thug údaráis na Síne le fios don WHO gurbh ann don choróinvíreas nua agus ceapadh roimhe seo nár thosaigh sé ag scaipeadh san Eoraip go dtí mí Eanáir.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar chomh maith go raibh ag éirí linn “an cuar a chothromú” agus go raibh dóchas aige go bhféadfaí tosú ar na srianta a scaoileadh ar an 18 Bealtaine mar atá beartaithe i straitéis éalaithe an Rialtais. Dhéanfaí cinneadh faoi sin Dé hAoine an 15 Bealtaine, a dúirt sé.

Dúirt sé go gcaithfí síneadh a chur leis na híocaíochtaí speisialta Covid-19 a raibh sé i gceist deireadh a chur leo i lár mhí an Mheithimh.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go raibh sé thar am ag an Rialtas a rá go soiléir le daltaí na hArdteiste cad atá i ndán dóibh.

Tá Fianna Fáil ag iarraidh go gcuirfí ar ceal na scrúduithe atá in ainm is tosú ar an 29 Iúil.

Fág freagra ar '‘D’fhéadfadh gur thosaigh an coróinvíreas ag scaipeadh anseo anuraidh’ – an Taoiseach'