D’fhéadfadh go n-íocfaidh comhairleoirí contae as vóta faoin gcáin mhaoine

Tá caint ann go gcuirfí caidéis ar an tsuim bhliantúil airgid a fhaigheann gach Comhairleoir ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe le caitheamh

D’fhéadfadh go n-íocfaidh comhairleoirí contae as vóta faoin gcáin mhaoine

D’fhéadfadh sé go n-íocfadh Comhairleoirí Contae na Gaillimhe go daor as cinneadh a thógadar an tseachtain seo caite gan ardú a chur ar an gCáin Mhaoine ar mhuintir an chontae. Sí an Cháin Mhaoine an táille a ghearrann na húdaráis áitiúla ar dhaoine agus í bunaithe ar luach a gcuid tithe. Nuair a caitheadh vóta ar iarratais bhainistíocht na Comhairle go gcuirfí 15% d’ardú ar an gcáin i gContae na Gaillimhe, vótáil 16 Comhairleoir ar a shon sin agus vótáil 17 ina aghaidh. Staon cúigear. Ba é a dheireadh nach ndeachaigh achainí Phríomhfheidhmeannach na Comhairle agus a chomhghleacaithe i gcion ar thromlach na gcomhairleoirí agus go bhfanfaidh an cháin mhaoine i gcontae na Gaillimhe mar atá sí.

Tá ceisteanna polaitiúla taobh istigh de Fhine Gael de bharr na vótála. Staon ball dá gcuid as an taobh ó thuaidh den chontae, Andrew Reddington. Dá mbeadh vóta caite aigesean ar son an ardaithe, bheadh sé ina chomhscór sa vótáil agus chuile chosúlacht ann go gcaithfeadh an Cathaoirleach, an Comhairleoir Peter Keaveney (Fine Gael), an vóta cinniúnach ar son an ardaithe. Tá tuairiscí ann go gcaillfidh an Comhairleoir Reddington fuip Fhine Gael de bharr an cinneadh a ghlac seisean.

Ach níos tromchúisí do chuile Chomhairleoir acu – tá 39 ball i gComhairle Chontae na Gaillimhe – tá caint ann go gcuirfí caidéis ar an tsuim bhliantúil airgid a fhaigheann gach aon Chomhairleoir Contae le caitheamh.

Faigheann Comhairleoirí Contae na Gaillimhe €18,000 an duine le caitheamh ar oibreacha éagsúla. Cé go bhfuil teorainneacha leis an gcaoi ar féidir an t-airgead sin a chaitheamh, tá sé ina chnapshuim thábhachtach, ó thaobh a gcuid oibre go háitiúil agus ó thaobh na polaitíochta de. Coinníonn daoine cuimhne ar chúnamh a bhaineann le bóithre beaga áitiúla, soilse poiblí agus a leithéid agus tagann lá na vótála, luath nó mall.

Ach an deireadh seachtaine seo, dúirt Comhairleoirí ar nós Peter Roche agus Liam Carroll, beirt chomhairleoirí de chuid Fhine Gael as oirthear an chontae, le Tuairisc.ie nach nglacfadh Comhairleoirí le moladh mar sin. Dúradar beirt go ndéantar obair mhaith ar chostas íseal de bharr na gcistí seo.

Airgead is bun agus barr leis an scéal; an chruóg airgid ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Mheabhraigh bainisteoir airgeadais na Comhairle, Gerard Mullarkey, do na baill ag cruinniú na seachtaine seo caite, go mbeadh fiacha €4.5 milliún ar an gComhairle an chéad bhliain eile agus gur theastaigh an t-airgead breise as an gCáin Mhaoine go géar leis an mbearna a laghdú.  Bhí baoite i gceist freisin: dá gceadófaí an t-ardú ar an gcáin mhaoine bheifí ag súil go gcuirfeadh an Stát a oiread eile leis, a deir bainistíocht na Comhairle. Ach, ní raibh go leor Comhairleoirí sásta glacadh leis an ngeallúint sin. Dúirt iarchathaoirleach ar an gComhairle, James Charity as ceantar Átha Cinn, go raibh tuiscint mar sin ann cheana in 2017 ach nár tháinig an t-airgead, fiú agus gur cheadaigh Comhairleoirí na Gaillimhe ardú 10% ar an gcáin mhaoine san am sin.

Bhí baill d’Fhianna Fáil ar an intinn chéanna. Tá stair ag baint leis an gceist seo ó thús, deireadh go tosach.

Nuair a tugadh isteach an cháin mhaoine ar fud na tíre in 2013 socraíodh go gcoinneodh gach údarás áitiúil 80% den airgead a bhaileofaí dá bharr agus cead acu féin é a chaitheamh ina gcontae féin. Thabharfaí 20% den Cháin Mhaoine ar lámh don Státchiste. An Ciste Cothromais a tugadh air sin sa Roinn Comhshaoil, nó pé Roinn a bheadh i gceannas ar an Rialtas Áitiúil ag amanna difriúla. Roinnfí an ciste sin ar na comhairlí contae agus údaráis áitiúla uilig de réir mar a bheadh ag teastáil agus an Roinn a shocródh é sin.

Ach, ar chúiseanna nach bhfuil soiléir go hiomlán, ní go maith atá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag teacht as an roinnt sin ó thús.

Faigheann Contae na Gaillimhe €740 in aghaidh an duine mar thacaíocht as an gCiste Cothromais ach, ar an taobh eile den doras faigheann cathair na Gaillimhe €1,257 in aghaidh an duine. An-íseal atá Contae na Gaillimhe (taobh amuigh den chathair) freisin nuair a chuirtear é i gcomparáid le contaetha móra eile. Faigheann Maigh Eo €1,135 in aghaidh an duine; faigheann Ciarraí €1,072, faigheann Tiobraid Árainn €1,079 agus faigheann Dún na nGall €970.

Tá tuairim ann go ndeachaigh Contae na Gaillimhe róghéar ar an ngearradh siar agus ar an spáráil nuair a tharla an ghéarchéim eacnamaíochta in 2008 agus 2009 agus gur ceapadh nach raibh aon anó mór orthu nuair a tosaíodh ag roinnt as an gCiste Cothromais (an t-airgead ón gCáin Mhaoine).

Luaigh Príomhfheidhmeannach na Comhairle, Jim Cullen, go gcaithfí caiteachas a stopadh ar bhealaí éagsúla an chéad bhliain eile nuair a caitheadh an vóta in aghaidh an ardaithe ar an gCáin Mhaoine an lá cheana. Níor thagair sé do chiste na gcomhairleoirí contae.

Ach, is cosúil go bhfuil an Roinn an-mhíshásta faoi chinneadh na gcomhairleoirí. De réir scéala ó Bhaile Átha Cliath, níl sé i gceist ag an Roinn anois tada a chur leis an airgead tacaíochta bliantúil – an ciste cothromais – a fhaigheann Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Creideann na comhairleoirí Carroll agus Roche as oirthear na Gaillimhe go mbeidh praghas le n-íoc ar bhealach amháin nó ar bhealach eile agus gur dóigh go gcaithfear gearradh siar suntasach a chur ar sheirbhísí.

Socruithe tromchúiseacha conspóideacha a bheadh iontu sin, go háirithe agus Plean nua Contae á dhréachtú agus comhairleoirí – go háirithe comhairleoirí Chonamara – in adharca na bainistíochta cheana féin faoi mhíreanna den Phlean a bhaineann le cead pleanála taobh thiar den Choirib.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh go n-íocfaidh comhairleoirí contae as vóta faoin gcáin mhaoine'