‘D’fhéadfadh go mbeidh páistí in ann barróg a thabhairt do Mhamó agus Daideo an samhradh seo’ – Varadkar

Agus fianaise ag teacht chun cinn gur beag den choróinvíreas atá á scaipeadh ag leanaí, deir an Taoiseach go mbeadh athoscailt scoileanna agus ionaid chúraim leanaí ar na beartais is sábháilte a d’fhéadfaí a dhéanamh as seo go ceann cúpla mí

‘D’fhéadfadh go mbeidh páistí in ann barróg a thabhairt do Mhamó agus Daideo an samhradh seo’ – Varadkar

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go mb’fhéidir go mbeidh páistí in ann cuairt a thabhairt ar a seantuismitheoirí an samhradh seo agus barróg a thabhairt dóibh.

D’fhéadfadh sin tarlú mar chuid de scaoileadh na srianta dianghlasála, ag brath ar chúrsaí a bheith ag dul sa treo ceart, arsa an Taoiseach.

Dúirt Varadkar go raibh fianaise ag teacht chun cinn go mbeadh athoscailt scoileanna agus ionaid chúraim leanaí ar na beartais is sábháilte a d’fhéadfaí a dhéanamh as seo go ceann cúpla mí.

Tháinig ráiteas an Taoisigh sna sála ar fhoilsiú tuarascála de chuid an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) a deir go bhfuil an chuma ar an scéal gur beag den choróinvíreas atá á scaipeadh ag leanaí, ina dtithe féin ná i scoileanna. 

Tugtar achoimre i dtuarascáil nua HIQA ar an taighde idirnáisiúnta is déanaí ar ról leanaí i scaipeadh Covid-19:

“Is beag eolas atá ann faoi láthair faoi ról leanaí i scaipeadh SARS-CoV-2. Níl ach fíorbheagán cásanna foilsithe go fóill inar deimhníodh gur ó leanaí a tolgadh an víreas.

“Ón líon beag staidéar a foilsíodh go dtí seo, tá an chuma air gur beag de SARS-CoV-2 atá á scaipeadh i dteaghlaigh ag leanaí go dtí seo. Tá staidéar amháin ann a léiríonn go bhfuil scaipeadh SARS-CoV-2 i measc leanaí ar scoil an-íseal chomh maith,” a deirtear i dtuarascáil  HIQA.

Cuireann HIQA an-bhéim ar a laghad taighde atá déanta go dtí seo faoin ngé sin den víreas.

Breis is 380 cás den Covid-19 a bhí ar leanaí faoi 14 bliain, ach níl sé soiléir cén ról a bhí ag na leanaí sin i scaipeadh an ghalair.

Dúirt an Dr Máirín Ryan, Leas-Phríomhfheidhmeannach HIQA agus Stiúrthóir Measúnú Teicneolaíochta Sláinte: “Rinneadh staidéar san Astráil ar 18 duine a raibh sé deimhnithe go raibh Covid-19 orthu (naonúr scoláirí agus naonúr foirne) agus ar 800 duine a raibh gartheagmháil acu leo i 15 scoil éagsúil agus fuarthas amach nár tholg aon mhúinteoir ná aon bhall foirne eile Covid-19 ó aon duine den 18 duine sin sna scoileanna.

“Tharlódh gur ó dhuine den 18 sin a tholg dalta bunscoile amháin agus dalta meánscoile amháin an galar ina scoil féin.” 

Tá saol oibre beagnach leath (47%) de dhaoine fásta an stáit seo buailte ag Covid-19.  Léiríonn figiúirí nua ón bPríomhoifig Staidrimh (CSO) go bhfuil níos mó ná aon trian (34%) den lucht saothair ag obair ón mbaile.

Chaill 14% d’oibrithe a bpost agus tá 33% eile leagtha amach as obair go sealadach.

Is tráthúil mar a foilsíodh na torthaí sin ar shuirbhé lucht saothair an CSO agus thart ar  1,500 siopa ag réiteach le hoscailt ar an Luan seo chugainn, de réir Retail Excellence.

Beidh cead ag ionaid gharraíodóireachta, margaí feirmeoireachta, siopaí crua-earraí, siopaí táirgí oifige agus siopaí fóin athoscailt an tseachtain seo chugainn, tráth a mbeidh céim a 1 den scaoileadh ar na srianta ag teacht i bhfeidhm,   

Idir an dá linn, beirt eile atá básaithe de thoradh Covid-19, de réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Sláinte an Tuaiscirt. 60 cás nua a deimhníodh. 1,937 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,488 duine ó dheas den teorainn agus 449 ó thuaidh di.

Fág freagra ar '‘D’fhéadfadh go mbeidh páistí in ann barróg a thabhairt do Mhamó agus Daideo an samhradh seo’ – Varadkar'