‘D’fhéadfadh go bhfuil an chuid eile den tír coicís taobh thiar de Bhaile Átha Cliath’ – NPHET

Déanfaidh NPHET plé inniu ar chás Dhún na nGall, mar a bhfuil an dara ráta is airde den Covid-19 sa stát

‘D’fhéadfadh go bhfuil an chuid eile den tír coicís taobh thiar de Bhaile Átha Cliath’ – NPHET

An Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Deir an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn, go bhfuil imní ar leith ar an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí faoi Dhún na nGall agus faoi scaipeadh tréan an ghalair i measc teaghlach sa chontae sin.

Déanfaidh NPHET cinneadh inniu faoi chás Dhún na nGall agus roinnt contaetha eile a bhfuiltear ag cuimhneamh ar shrianta breise a chur i bhfeidhm orthu.

Cé gur i mBaile Átha Cliath agus Dún na nGall is measa an scéal, dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET go bhféadfadh go bhfuil an chuid eile den stát “coicís taobh thiar de Bhaile Átha Cliath”.

Bhain ceann de gach trí chás i nDún na nGall le daoine idir 15-34 bliain d’aois, a dúirt sé.

“Sé Dún na nGall inniu é, ach d’fhéadfadh gur contae eile a bheadh i gceist amárach,” a dúirt an Dr Ronan Glynn.

Dúirt an Dr Glynn gurb é an líon daoine a gcasfaidh siad leo go sóisialta a laghdú “an rud is tábhachtaí a chaithfidh daoine ar fud na tíre a dhéanamh anois”.

Dúirt an tOllamh Nolan gur údar imní a bhí i ráta scaipthe an ghalair sa stát atá anois idir 1.5 agus 1.7. Tá an galar ag “fás” idir 5-6% gach lá agus tá ardú ag teacht ar líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim.

“Cé nár ardaigh an líon laethúil ná coicísiúil cásanna le cúpla lá, tá sé i bhfad róluath a cheapadh go bhfuil aon athrú tagtha ar phatrún scaipthe an ghalair. Tá an uimhir R nó ráta scaipthe an víris ard le coicís, idir 1.5 and 1.7, agus tá líon na gcásanna ar ardú ag ráta idir 5 agus 6.1, agus an líon sin ag dúbailt gach 12 go 14 lá.

“Más amhlaidh go bhfuil ag éirí linn an víreas a chur faoi chois arís, is fíor-riachtanach nach ligfidh muid ár maidí le sruth anois. Ní mór dúinn bualadh go sóisialta le níos lú daoine agus cuartaíocht idir teaghlaigh éagsúla a chosc. Beidh na chéad 10 lá seo chugainn criticiúil,” arsa an Dr Philip Nolan

An tOllamh Philip Nolan ó NPHET. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné 234 cás nua den Covid-19.

Fógraíodh go raibh beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe de dheasca an ghalair.

Bhain 103 den 234 cás nua le Baile Átha Cliath.

Bhain 30 cás le Dún na nGall, bhí 22 cás i nGaillimh, bhain 21 de na cásanna nua le Corcaigh agus ocht gcás a bhí i gcontae na Mí.

Seachas Baile Átha Cliath, is i nDún na nGall a bhí an ráta is airde den Covid-19 sa tír ar fad sa gcoicís idir an 8-21 Meán Fómhair.

106.2 duine in aghaidh gach 100,000 a tholg an galar sa tréimhse sin i nDún na nGall agus deimhníodh 169 cás nua sa chontae. Bhí an ráta sin cúig uaire níos airde ná an ráta a bhí ann sa gcoicís roimhe sin, 20.7.

Léiríonn na figiúirí ón Lárionad Faireachais ar Chosaint Sláinte gur 136.9 an ráta in aghaidh gach 100,000 duine a bhí i mBaile Átha Cliath mar a bhfuil srianta breise curtha i bhfeidhm ó shin.

Port Láirge a bhí sa tríú háit ar an liosta agus 98.1 an ráta a bhí sa gcontae sin. 114 cás nua den choróinvíreas a deimhníodh sa gcontae idir 8-21 Meán Fómhair.

97.8 a bhí i gcontae Lú, an t-aon chontae eile ina raibh an ráta os cionn an mheáin náisiúnta, 70.7.

Léirigh an Taoiseach Micheál Martin agus an Príomhoifigeach Sláinte Gníomhach, an Dr Ronan Glynn, imní le cúpla lá anuas faoin ardú ar na cásanna sna trí chontae sin – Dún na nGall, Port Láirge agus Lú.

Tá na contaetha Gaeltachta eile ar fad go maith faoi bhun 70.7, an meánráta náisiúnta – an Mhí (32.8), Corcaigh (32.4), Gaillimh (31.8), Maigh Eo (30.6) agus Ciarraí (19.0).

Bhain 13 de chásanna an lae inniu le Cill Mhantáin, 12 cás a bhí i gcontae Lú agus naoi gcás a bhí i gCill Dara.

Bhain an 17 cás eile le 10 gcontae éagsúil.

Pictiúr: Leah Farrell / Rollingnews.ie

Tá sé deimhnithe gur bhain 49% de na cásanna nua le ráigeanna nó le duine a raibh gartheagmháil aige le duine a raibh sé deimhnithe cheana féin go raibh an galar air.

Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 34 cás. Bhí 68% de na daoine a tholg an galar faoi bhun 45 bliain d’aois.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt 220 cás nua Covid-19 ó thuaidh den teorainn le 24 uair an chloig ach ní raibh bás ar bith eile de dheasca Covid-19 le fógairt acu.

Fágann figiúirí an lae inné go bhfuil sé deimhnithe go raibh an Covid-19 ar 1,078 duine ó thuaidh den teorainn le seacht lá.

43,436 cás atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 33,675 cás ó dheas den teorainn agus 9,761 cás ó thuaidh di.

2,371 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,794 duine ó dheas agus 577 ó thuaidh.

D’fhógair an Tánaiste Leo Varadkar inné go mbeadh sé féin ag fanacht amach ó dhaoine mar gur deimhníodh an víreas a bheith ar ghartheagmhálaí leis.

Toradh diúltach a bhí ar an tástáil a cuireadh air, a deir an Taoiseach agus dúirt sé go mbeadh sé ag cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí agus ag obair ón mbaile agus ag seachaint daoine eile.

Iarrtar a dhaoine a mbíonn an Covid-19 orthu fanacht ó dhaoine ar feadh 14 lá, seachas i gcás roinnt eisceachtaí.

An Tánaiste Leo Varadkar an mhí seo caite. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá triúr airí eile ag coinneáil amach ó dhaoine chomh maith leis – an tAire Airgeadais Paschal Donohoe, An tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney agus an tAire Sláinte Stephen Donnelly.

Bhí an tAire Paschal Donohoe i mBeirlín an tseachtain seo caite mar ar bhuail sé le Bruno le Maire, agus deimhníodh ó shin go raibh an víreas tolgtha ag Bruno le Maire.

Tá dhá thástáil curtha ar an Aire Airgeadais ó d’fhill sé as Beirlín agus toradh diúltach a bhí ar an bpéire ach fanfaidh sé as bealach daoine go dtí an Aoine bheag seo.

Bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney sa mBruiséil an tseachtain seo ag cruinnithe de chuid an Aontais Eorpaigh agus tá sé ag fanacht ar thoradh tástála a cuireadh air.

Toradh diúltach a bhí ar an tástáil a cuireadh ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly ar an 15 Meán Fómhair ach tá sé á chuibhriú féin ó shin.

Tá líon na gcásanna den Covid-19 fós ag ardú in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Inné a fógraíodh an líon is mó in aon lá amháin in Albain ó tháinig an víreas an taobh seo domhan.

486 cás nua a deimhníodh in Albain inné agus dúirt an Chéad-Aire Nicola Sturgeon gur “údar imní” an scaipeadh agus gurb é sin an chúis gur cuireadh srianta breise i bhfeidhm.

Is ionann na srianta a cuireadh i bhfeidhm in Albain inniu agus na cinn a cuireadh i bhfeidhm ó thuaidh den teorainn sa tír seo Dé Máirt, agus níl cead ag daoine dul ag cuartaíocht ar thithe a chéile feasta.

Fág freagra ar '‘D’fhéadfadh go bhfuil an chuid eile den tír coicís taobh thiar de Bhaile Átha Cliath’ – NPHET'