D’fhéadfadh eitleán atá le suirbhéireacht a dhéanamh i gConamara cur as do ‘ainmhithe íogaire’

Moltar do dhaoine a bhfuil ainmhithe “íogaire” acu, capaill go háirithe, dul i dteagmháil leis an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha má bhíonn siad buartha go gcuirfeadh an t-eitleán isteach ar a mbeostoc

tellus

Beidh eitleán ag eitilt go híseal os cionn Chonamara an mhí seo chugainn agus é i mbun suirbhéireachta ar charraigeacha, uisce agus ithir an cheantair. Beidh an t-eitleán ag eitilt ag 240m os cionn ceantair uirbeacha ach beidh sé chomh híseal le 60m os cionn ceantair thuaithe.

Moltar do dhaoine a bhfuil ainmhithe “íogaire” acu, capaill go háirithe, dul i dteagmháil leis an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha má bhíonn siad buartha go gcuirfeadh an t-eitleán isteach ar a mbeostoc.

Deir an Roinn go bhfuil fuaim an eitleáin cosúil leis an bhfuaim a bheadh ó leoraí ag dul thar bráid ach go bhféadfadh an torann sin cur isteach ar “ainmhithe íogaire” mar sin féin.

Beifear ag bailiú faisnéis gheoiceimiceach agus gheoifisiceach le linn an tsuirbhé agus cuirfear torthaí an tsuirbhé ar fáil do chách nuair a bheidh an obair déanta. Bainfear leas as an bhfaisnéis a bhaileofar chun léarscáileanna nua geolaíocha a dhéanamh, le cabhrú le bainistiú an chomhshaoil, leis an talmhaíocht agus le measúnú a dhéanamh ar acmhainní nádúrtha.

Tosófar ar an tsuirbhéireacht i mí Bhealtaine agus beidh an t-eitleán ag eitilt os cionn chontae na Gaillimhe agus Mhaigh Eo chomh maith le háiteanna áirithe atá gar don dá chontae sin i Ros Comáin, in Uíbh Fhailí, i gContae an Chláir agus i dTiobraid Árann, i gcaitheamh an tsamhraidh agus an fhómhair. Tá sceideal na n-eitiltí le fáil ar líne ach tá an baol ann go n-athrófaí an sceideal sin ag brath ar an aimsir.

Is iad Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann a bheidh ag déanamh an tsuirbhé.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh eitleán atá le suirbhéireacht a dhéanamh i gConamara cur as do ‘ainmhithe íogaire’'