D’fhéadfadh cúrsaí a bheith ‘ina gcíor thuathail’ má thugtar reachtaíocht don Ghaeilge isteach – dílseoirí

Tá an Státrúnaí Brandon Lewis ag tabhairt an bhille chultúir ar aghaidh toisc gur theip ar pholaiteoirí Stormont an reachtaíocht a thabhairt isteach agus an DUP meáite ar é a bhlocáil

D’fhéadfadh cúrsaí a bheith ‘ina gcíor thuathail’ má thugtar reachtaíocht don Ghaeilge isteach – dílseoirí

Tá rabhadh tugtha ag dílseoirí aitheanta go bhféadfadh cúrsaí a bheith ina “gcíor thuathail” má thugtar reachtaíocht don Ghaeilge isteach in Westminster.

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle na bPobal Dílseach go sáródh an bille atá á mholadh ag Rialtas na Breataine Comhaontú Aoine an Chéasta.

Tá an Státrúnaí Brandon Lewis ag tabhairt an bhille ar aghaidh toisc gur theip ar pholaiteoirí Stormont an reachtaíocht a thabhairt isteach agus an DUP meáite ar é a bhlocáil.

Creideann an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill go dtiocfaidh an pacáiste cultúir i bhfeidhm sna seachtainí beaga seo agus go mbeidh Coimisinéir Gaeilge ceaptha roimh dheireadh an Mhárta.

Tá beirt Aontachtach aitheanta tar éis a rá gurb amhlaidh a chothódh an tAcht Cultúir, nó an t-acht Gaeilge mar a thugann siadsan air, coimhthíos níos mó i measc dílseoirí agus go bhféadfadh sé an “seicteachas a spreagadh arís” i dTuaisceart Éireann.

I gcomhráiteas a d’eisigh David McNarry agus David Campbell, ceannasaí Chomhairle na bPobal Dílseach, dúradh gurb éard a bheadh in acht Gaeilge “an t-ionsaí” is deireanaí ar an “phobal aontachtach fadfhulangach”.

“Bhí na gealltanais i gComhaontú Bhéal Feirste bunaithe ar ‘éileamh cuí’ a chosaint a chinnteodh go mbeadh cead ag lucht na Gaeilge a dteanga a úsáid i gcónaí agus taitneamh a bhaint aisti ach nach mbrúfaí úsáid na teanga mionlaithe sin ar aon duine nár shuim leo í.

“Is bunriachtanas é go mbeadh an chosaint sin i gComhaontú Bhéal Feirste scríofa isteach in aon bhille teanga, bíodh sin in Stormont nó in Westminster. Mura ndéantar sin d’fhéadfadh cúrsaí a bheith ina “gcíor thuathail.”

Iarfheisire in Stormont é David McNarry agus chaith sé féin agus David Campbell tamall ina gcomhairleoirí ag David Trimble. Tá David Campbell, ina cheannasaí ar Chomhairle na bPobal Dílseach, eagraíocht a thugann dílseoirí le chéile agus a bhfuil ceangal aici leis an   UVF, an UDA agus an Red Hand Commando.

Ní den an chéad uair, gealladh reachtaíocht don Ghaeilge mar chuid den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua in Eanáir 2020 agus gealladh go bhfoilseofaí straitéis don Ghaeilge laistigh de shé mhí.

Bhí éirí amach san DUP in aghaidh a n-iarcheannaire Edwin Poots mar gheall ar mhargadh a rinneadh le Rialtas na Breataine go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster mura mbeadh an beart déanta ag lucht Stormont faoin tráth sin.

Tá an DUP ag iarraidh ar Rialtas na Breataine gan dul ar aghaidh leis an reachtaíocht tráth a bhfuil an Prótacal Breatimeachta don Tuaisceart ina údar mór aighnis.

Ba nuair a bhagair Sinn Féin i mí an Mheithimh nach bhfillfidís ar Stormont gan gealltanas a fháil ón DUP go dtabharfaí an reachtaíocht teanga isteach a d’aontaigh Rialtas na Breataine go ndéanfaí an cúram in Westminster dá mba ghá.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh cúrsaí a bheith ‘ina gcíor thuathail’ má thugtar reachtaíocht don Ghaeilge isteach – dílseoirí'