Bhí cúpla craobh contae againn an Domhnach seo caite. I gCill Chainnigh, bhuaigh Baile Héil ar Ghaeil Uí Lochlainn agus a 21ú craobh contae buaite acu. Trasna na teorann i Loch Garman bhí Cumann Naomh Máirtín rómhaith do Ráth an Iúir.
I dTiobraid Árann léirigh Loch Mór-Caisleán Laighnigh arís go bhfuil sé an-deacair buachaint orthu agus iad beagán róchliste agus róláidir d’Aonach Urmhumhan.
Sa Ghaillimh anocht beidh Naomh Tomás ag tabhairt aghaidh ar na seaimpíní, Baile Locha Riach, i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Iománaíochta an chontae, an dá fhoireann chéanna a bhí sa gcluiche ceannais in 2022 nuair a bhuaigh Naomh Tomás le pointe amháin tar éis athimeartha.
D’éirigh le Naomh Tomás áit a bhaint amach ina naoú cluiche ceannais ó 2012 le bua cuimsitheach, 4–18 in aghaidh 0–19, ar a gcomharsana, Creachmhaoil. Sa gcluiche leathcheannais eile a bhí ar siúl déanach an tráthnóna sin faoi shoilse i Staid an Phiarsaigh, chuir Baile Locha Riach deireadh leis an Turlach Mór le scór 1–17 le 0–15.
Ar ndóigh tá cumann Naomh Tomás ag socrú céard is ardchaighdeán ann le breis is deich mbliana anuas. Buaiteoirí na hÉireann in 2023 agus foireann a shroich an chraobh in 2018, ghnóthaigh siad gach corn i nGaillimh ó 2018 go 2023, tréimhse cheannasaíochta ar leith. Roimhe sin, ba iad Port Omna a bhíodh chun tosaigh agus ceithre chraobh Éireann buaite acusan, rud a léiríonn an cumas atá á leíriú go seasta ag iománaithe chlubanna na Gaillimhe – neart nach bhfuil dulta i bhfeidhm ar fhoirne an chontae go fóill.
Ba é cumas Naomh Tomás cúil a aimsiú ba mhó a chinntigh an bua dóibh sa chluiche leathcheannais. Bhí siad chun tosaigh ag leath ama le scór 1–10 le 0–9 tar éis dóibh cóir le gaoithe a bheith acu. Ba é an captaen, Éanna Burke, a fuair an cúl trí nóiméad roimh an mbriseadh, nuair a bhris Conor Cooney liathróid anonn chuige.
Sa dara cluiche an tráthnóna sin, bhí Baile Locha Riach an-láidir sa chéad leath agus iad 0–12 le 0–7 chun cinn ag leatham, rud a thug buntáiste dóibh agus an bháisteach ag éirí níos troime i mBóthar na Trá. D’éirigh le Baile Locha Riach 0–7 in aghaidh 0–1 a scóráil sna deich nóiméad dheireanacha den leath sin. Rinne Darragh Breathnach dhá shábháil iontacha ar an dá thaobh den bhriseadh leathama, gaisce a choimeád An Turlach Mór sa chluiche go dtí am cúitimh gortuithe. Ach chinntigh Baile Locha Riach a mbua nuair a chuaigh iarracht fhada ó Kieran Hanrahan isteach sa líon ag an bhfíordheireadh ar fad.
Anocht, rachaidh foireann atá lán le taithí, Naomh Tomás, i ngleic le seaimpíní 2024 agus iadsan muiníneach agus socair, agus eolas agus taithí na bliana anuraidh mar ugach acu.
Bheinn ag súil le cluiche teann, lán le díocas agus fuinneamh. Má fhaigheann Naomh Tomás cúl nó dhó luath sa chluiche seo, beidh sé fíordheacair buachaint orthu. Ach má thagann Baile Locha Riach amach go láidir ón tús agus má chuireann siad as do rithim Naomh Tomás, tá gach seans acu.
Ag féachaint ar an traidisiún, bheinn claonta i dtreo Naomh Tomás. Is mór an buntáiste an taithí i gcluichí ceannais nuair a thosaíonn na néaróga ag spochadh le himreoirí. Ach mar a dúirt mé tá gach seans ag Baile Locha Riach. Tá ocras na buachana orthu agus cúis acu le fonn díoltais.
Leanfaidh an t-aicsean ar aghaidh i gCúige Mumhan an deireadh seachtaine seo agus cluiche thar a bheith tábhachtach agus suimiúil idir seansheaimpíní an chúige. Tá Na Piarsaigh díreach tar éis coróin Luimnigh a bhuachaint ar ais i ndiaidh am breise i gcoinne An Dúin (2-25 in aghaidh 2-18) agus Baile Gunnair, atá dhá bhliain déag as a chéile ina seaimpíní i bPort Láirge, tar éis bua millteanach a fháil ar Chnoc Sióin (2-35 in aghaidh 1-16) i gcluiche a imríodh beagnach dhá mhí ó shin.
Ar pháipéar, déarfá go mbíonn buíon scórálaithe níos leithne agus taithí níos doimhne ag Baile Gunnair ar laethanta móra, ach tá an luas ag Na Piarsaigh, chomh maith le buntáiste an bhaile agus líne thosaithe fíor-ábalta. Is deacair a rá conas mar a bheidh ag Baile Gunnair. De réir na ngeallghlacadóirí is iadsan a thabharfaidh leo craobh na Mumhan agus na hÉireann i mbliana. Feicfimid linn.
Fág freagra ar 'D’fhéadfadh cumas Naomh Tomás cúil a scóráil a bheith cinniúnach sa Ghaillimh anocht'