D’fhéadfadh comharthaí Gaeilge a bheith ‘provocative, offensive and intimidatory’ – Ollscoil na Banríona, Béal Feirste

Tá ‘díomá agus fearg’ ar lucht na Gaeilge in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste faoin bhfreagra a tugadh ar a n-éileamh ar chomharthaí dátheangacha

D’fhéadfadh comharthaí Gaeilge a bheith ‘provocative, offensive and intimidatory’ – Ollscoil na Banríona, Béal Feirste

D’fhéadfadh go mbeadh comharthaí Gaeilge ar champas Ollscoil na Banríona, Béal Feirste “provocative, offensive and intimidatory”, dar le húdaráis na hollscoile sin.

Sin an bhrí atá le baint as freagra a sheol oifig an Leas-Sheansailéara in Ollscoil na Banríona ar litir inar éilíodh comharthaí dátheangacha don champas. Tagraíodh sa litir ó oifig an Leas-Sheansailéara do Pholasaí Comhionannais agus Éagsúlachta na hollscoile agus don mhír ann a chuireann roimpi “timpeallacht shíochánta” a chothú.

Deir an mhír sin den pholasaí go bhfuil an Ollscoil tiomanta “to providing a good and harmonious environment free from flags, emblems, posters, graffiti or other materials or actions or language likely to be provocative, offensive and intimidatory”. Cuireadh an mhír sin den pholasaí sa litir, a dúradh, ar mhaithe le “soiléiriú” a thabhairt faoi chúrsaí.

Dúirt an Cumann Gaelach, a rinne an t-éileamh ar chomharthaí dátheangacha, go raibh “díomá agus fearg mhór” orthu faoi fhreagra na hOllscoile.

I ráiteas a chuir siad amach ar na meáin shóisialta, dúirt an Cumann Gaelach gur “léir” go bhfuil na húdaráis “den bharúil” go bhfuil an Ghaeilge “provocative, offensive and intimidatory” agus dúirt siad nach bhfuil siad sásta “glacadh” leis an bhfreagra a fuair siad ar a n-éileamh.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar Ollscoil na Banríona ar mhaithe le soiléiriú a fháil faoina ndearcadh faoin scéal agus éileamh an Chumann Ghaelaigh.

Sa litir a sheol An Cumann Gaelach go dtí údaráis na hOllscoile ag éileamh go dtabharfaí ar ais na comharthaí dátheangacha a bhíodh le feiceáil ar an gcampas cheana, dúradh go raibh “cáil” ar an gcumann as a “bpolasaithe uileghabhálacha” agus as a bheith oscailte do dhaoine ó gach cúlra.

Cuireadh in iúl d’Oifig an Leas-Sheansailéara gur grúpa Protastúnach a bhunaigh an cumann i 1906 agus go raibh an t-éileamh ar chomharthaíocht dhátheangach ag teacht leis an gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

Dúradh go dtacaíonn an Cumann leis an éileamh ar acht Gaeilge.

Sa litir a sheol Oifig an Leas-Sheansailéara go dtí an Cumann Gaelach mar fhreagra ar an méid sin, dúradh go raibh an Ollscoil tiomanta do chothú na héagsúlachta agus do chur chun cinn na gcomhdheiseanna.

“The University seeks to create and sustain a neutral working environment that values and celebrates the diversity of all its staff and its student body.”

Chuir grúpaí agus daoine eile a míshástacht faoi fhreagra na hOllscoile ar éileamh an Chumainn Ghaelaigh in iúl ar na meáin shóisialta. Dúirt an gníomhaí teanga Linda Ervine gur bhain dearcadh na hollscoile siar aisti.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh comharthaí Gaeilge a bheith ‘provocative, offensive and intimidatory’ – Ollscoil na Banríona, Béal Feirste'

  • Síle Ní Chathasaigh

    Seo scannalach. Is teanga dhúchais oileáin na hÉireann í – ní gunna nó arm maraithe eile, nó, fiú, múrmhaisiú polaitiúil í.

  • Breathnóir

    Is léir nach bhfuil hallaí an léinn féin saor ó réamhchlaontaí cultúrtha. Tá sé scannalach go ndéarfadh lucht na hollscoile a leithéid.