D’fhéadfadh chuile dhream a bheith thíos le cogadh feamainne – ceannasaí mháthairchomhlacht Arramara Teo

Beidh comhlacht Arramara Teo ag coinneáil lena iarracht ceadúnas bainte feamainne a fháil ar chóstaí an iarthair lena chinntiú go mbeidh soláthar láidir feamainne ag an gcomhlacht

D’fhéadfadh chuile dhream a bheith thíos le cogadh feamainne – ceannasaí mháthairchomhlacht Arramara Teo

Uachtarán an chomhlachta Acadian Sea Plants (ar leo Arramara Teo), J.P. Deveau, a dúirt an méid sin in agallamh a thug sé as Ceanada an deireadh seachtaine seo.  Bhí an tUasal Deveau ag tagairt do chonspóidí atá tagtha chun cinn i dtionscal na feamainne le cúpla bliain.  Tá an fheamainn ar cheann de na tionscail is mó a bhfuil bunús agus traidisiún ag baint leis sa nGaeltacht.

Dúirt J.P. Deveau go bhféadfadh chuile dhream, bainteoirí feamainne, comhlachtaí agus an pobal, a bheith thíos sa deireadh le ‘comórtas’ praghsanna.  Tá roinnt comhlachtaí ag baint na sála dá chéile ag fiach ar fheamainn bhuí ar chóstaí an iarthair faoi láthair. D’ardaigh Arramara Teo, an comhlacht is mó, an praghas a íocann siad le lucht bainte feamainne go dtí €53 an tonna le gairid.

Ar an bpointe, d’ardaigh comhlachtaí eile a bpraghas ar comhchéim le Arramara, nó buille níos airde.  Ach deir Deveau go bhfuil baol ag baint leis an gcineál seo iomaíochta agus go dtarlódh go dtiocfadh an lá nuair nach bhféadfaí, ar bhonn eacnamaíochta, feamainn a cheannach. “Níl a fhios agam céard é an praghas sin,” a deir sé.

Sa Dáil an tseachtain seo caite, vótáil tromlach na dTeachtaí Dála i bhfabhar Bille a chuirfeadh srian ar chomhlachtaí móra agus a thabharfadh cosaint do chearta traidisiúnta na dtionóntaí áitiúla.  Ag labhairt dó as Ceanada faoi chearta bainte feamainne, dúirt J. P. Deveau, go bhfuil Arramara Teo ag cloí le dlí agus le reachtaíocht na tíre seo san iarratas atá déanta acu ar cheadúnas bainte ar chladaí in iarthar na tíre seo. 

Baineann an t-iarratas atá istigh acu le cuid de chósta an Chláir, le cladaí Chonamara agus le cladaí iarthar Mhaigh Eo.  Ach, tá dreamanna ar nós Choiste Cladaí Chonamara imníoch go bhfaigheadh na comhlachtaí móra an iomarca smachta ar an bhfeamainn agus go gcaillfeadh tionóntaí i mbailte fearainn cois cósta an greim a bhíodh acu ar bhfeamainn go traidisiúnta.

Fágann na cearta traidisiúnta seo go bhfuil píosaí móra cladaigh in áiteanna áirithe nach féidir le bainteoirí drannadh leo.  Ach, tá conspóid freisin faoi na cearta traidisiúnta seo agus an seasamh atá acu mura bhfuil siad daingnithe i scríbhinn ar cháipéisí úinéireachta maoine.

Tá monarcha Arramara Teo i gCill Chiaráin fágtha taobh le trí lá sa tseachtain amanta le cúpla bliain anuas cheal dóthain feamainne.  Ag labhairt dó as Ceanada, dúirt Uachtarán Acadian Sea Plants nach ar son trí lá oibre sa tseachtain a tháinig siadsan go hÉirinn. 

Teastaíonn cúig lá nó seacht lá oibre sa tseachtain in Arramara, a deir J.P. Deveau. Murar féidir deimhniú a thabhairt do bhancanna agus d’institiúidí airgid go bhfuil soláthar dóthanach feamainne ar fáil, ní féidir infheistíocht bhreise a dhéanamh sa gcomhlacht, a deir J.P. Deveau.  Is chuige sin atá an tábhacht ag baint leis an gcóras ceadúnais, a deir sé.   Dá mbeadh an ceadúnas sin ag comhlacht, bheadh a fhios cé mhéad feamainne go díreach a bheadh ar fáil agus d’fhéadfaí bainistiú stuama a dhéanamh ar an gcladach, a deir Deveau, Uachtarán Acadian Sea Plants .  Ghlac Deveau leis, áfach, go mbeadh ar dhaoine a bhainfeadh feamainn sna cladaí atá i gceist an fheamainn sin a dhíol le Arramara Teo dá mbeadh ceadúnas ag Arramara.

Ag tagairt dó do dhíospóireacht na Dála faoi chás na feamainne, dúirt J.P. Deveau go bhfáiltíonn sé féin roimh an mbéim atá á cur ar cheist na gcearta bainte feamainne ag Teachtaí Dála.  Tá rialachán agus bainistiú riachtanach ar mhaithe leis an tionscal, a deir Deveau.   

Dúirt an tUasal Deveau freisin go ndéanfadh Acadian Sea Plants an cinneadh céanna faoi Arramara a cheannach anois, fiú agus dá mbeadh a fhios acu go raibh conspóid agus trioblóid amach rompu.  Ní raibh an chorraíl chéanna ag baint le cúrsaí feamainne nuair a tháinig Acadian Sea Plants go hÉirinn in 2014 agus atá faoi láthair.   

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh chuile dhream a bheith thíos le cogadh feamainne – ceannasaí mháthairchomhlacht Arramara Teo'

  • Sam

    A bhfuil de shaibhreas agus d’acmhainní aiceanta luachmhara iarthar tíre, idir iascach, fheamainn, ghás agus ola, má tá, tugtha ar láimh do chomhlachtaí eachtrannacha. An port a bhíonn ag polaiteoirí go bhfuil daonra óg sároilte sárinniúil agus sárullamh sa tìr seo chun dul i mbun gnó. Cá bhfuil siad? Tuige nach féidir linn/leo siúd bainistiú a dhéanamh ar an maoin seo? A great little country to do business’. Ach an curadh-mhír a bheith ag na heachtrannaigh.

  • Sam

    an churadh-mhír