D’fhéadfadh cáin charbóin astaíochtaí a laghdú agus an éagothroime ioncaim a mhaolú

D’fhéadfadh cáin charbóin astaíochtaí a laghdú agus an éagothroime ioncaim a mhaolú – taighde nua

D’fhéadfadh cáin charbóin astaíochtaí a laghdú agus an éagothroime ioncaim a mhaolú

Tá ráite ag an ESRI go bhféadfadh cáin charbóin a bheadh leagtha amach go maith astaíochtaí carbóin a laghdú agus an éagothroime ioncaim a mhaolú chomh maith. 

In alt speisialta ar cháin charbóin a d’eisigh rannóg fuinnimh an ESRI inniu, deirtear go mbíonn tionchar ag an gcáin sin ar astaíochtaí carbóin agus ar éagothroime ioncaim araon.

Bhain na taighdeoirí úsáid as sonraí ón Suirbhé Bliantúil ar Bhuiséad Teaghlach (HBS) agus modhanna taighde úr chun ionsamhlú a dhéanamh ar an méid a bheadh daoine sásta a cheannach dá mbeadh cáin charbóin i bhfeidhm sa tír.

D’oibrigh siad amach go laghdófaí na hastaíochtaí carbóin 3.9% sa chás go n-ardófaí an cháin sin €30 an tonna. 10.2% d’ísliú a bheadh ar na hastaíochtaí dá n-ardófaí an cháin charbóin €80 an tonna.

Mhínigh na taighdeoirí go gcaitheann na teaghlaigh is boichte céatadán níos mó dá n-ioncam ar fhuinneamh, agus dá bharr sin ar cháin charbóin, ná mar a dhéanann teaghlaigh atá níos fearr as.

Measann siad mar sin gur cáin chúlchéimnitheach í an cháin seo.

Ach maítear sa taighde chomh maith dá dtabharfaí an t-ioncam a shaothrófaí ón gcáin ar ais do na teaghlaigh go bhféadfaí an tionchar diúltach ar dháileadh ioncaim a chur ina cheart.

Dá roinnfí an sciar céanna den ioncam ón gcáin charbóin (ar a dtugtar ‘seic an charbóin’) ar gach teaghlach, laghdófaí an éagothroime ioncaim 0.5% ach ardú cánach €30 a chur ar thonna nó 1% ach í a ardú €80 an tonna.

Dá ndéanfaí an t-ioncam ón gcáin charbóin a roinnt ar bhealach a dhíreodh ar na teaghlaigh is boichte, d’fhéadfaí an éagothroime a laghdú níos mó fós, 1.2% agus 2.8%, a deirtear.

Tá an laghdú seo ar astaíochtaí carbóin bunaithe ar thaighde ar shuirbhé HBS 2015-2016.

Maítear go bhféadfaí na hastaíochtaí a laghdú tuilleadh ach polasaithe eile a chur i bhfeidhm, córas iompair poiblí níos fear nó táillí a chur ar bhrú tráchta.

Bheadh tionchar ag bearta dá leithéid ar an líon tomhaltóirí a d’athródh a n-iompar agus a thosódh ag úsáid fuinneamh a astaíonn níos lú carbóin, a deirtear.

Agus é ag caint faoi na torthaí, dúirt Miguel Tovar Reaños ón ESRI go léiríonn an taighde “nach gá go mbeadh polasaithe  comhshaoil agus polasaithe dáilte ioncaim ag teacht salach ar a chéile ach iad a leagan amach i gceart”.

Bunaithe ar shonraí na hÉireann, léiríonn taighde an ESRI, a dúirt sé, gur “bealach éifeachtach í an cháin charbóin chun astaíochtaí carbóin a laghdú, rud a thagann  leis an taighde i dtíortha eile ar fud na cruinne”.

Dúirt sé gur léir gurb é an córas cánach agus leasa shóisialaigh atá againn faoi láthair an bealach is éifeachtaí chun ioncam ón gcáin charbóin a athchúrsáil ar bhealach a bheadh dírithe ar dhream ar leith.

“Ba shaoire é a riaradh mar sin ná ‘seic an charbóin’,” a dúirt sé.

Dúirt Miguel Tovar Reaños go mbeadh an ESRI ag tabhairt faoi thaighde amach anseo a dhíreodh ar conas a roinnfí an t-ioncam ón gcáin charbóin trí chóras leasa shóisialaigh agus cáin ioncaim na tíre seo.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh cáin charbóin astaíochtaí a laghdú agus an éagothroime ioncaim a mhaolú'

  • Eoin O Murchu

    Alt chreidimh níos mó ná alt lioghice.
    Má chaitheann duine €40 sa tseachtain ag taisteal sa gcarr chun oibre, cén mhaith a dhéanann sé don aeráid má chuirtear cain charbóin air is go gcosnódh sé €50 an turas céanna a dhéanamh?
    Mura bhfuuil rogha taistil ann, ní cuidiú ar bith é?
    Ach creideann na Glasaigh gur féidir tuilleadh airgid a fháisceadh as na daoine is boichte sa tír le híoc as athraithe eile.
    Ní oibreóidh sé.

  • Eoin O Murchu

    Dála an scéil: an cuimhin le duine ar bith aon uair gur fhoilsigh an tESRI tuarascáil a bhí fábharach don aicme oibre?
    Ní íonadh ar bith é go bhfuil ESRI agus IBEC ag rá an rud ceanann céanna.

  • Gael i gCeanada

    Ta an moladh seo an-chosúil leis an gCain charbóin i gCeanada. Íoctar an chain ag na pumpaí agus sna siopaí ar thairgí agus faightear ar ais í trí chreidmheasa canacha. Is maith an smaoineamh é, ach ta go leor le ra ag Caomhaigh anseo faoi, ní maith leo íoc as fiú ma fhaigheann siad ar ais an méid a d’íoc siad.

  • An Fiach Liath

    Dhá sheanfhocal a rith liom fad a bhí an t-alt seo á léamh agam:
    1) Sílim, dóbair agus b’fheidir, trí ní gan mhaith!
    Agus
    2) Mair a chapaill agus geobhair féar!
    Nach iontach an rud é go réitíonn ardaithe cánach gach fadhb? Bron orainn an t-airgead nach bhfuil le spáráil agat – ach go háirithe sibhse atá ar an ngann-chuid cheanna féin, ag folaingt bochtanais teasa srl. – agus fág fúinne gach rud a réiteach! Ní athrú aeráide, ach easpa teasa a mharóidh tú anois. Nach méanar sin duit.