D’fhéadfadh an t-aon Ghaeilgeoir líofa sa rás an beart a dhéanamh don Chomhaontas Glas i bPort Láirge

Tá níos mó éiginnteacht i ndáilcheantar Phort Láirge ná mar a bhí le fada ó tharla polaiteoirí aitheanta a bheith ag éirí as

D’fhéadfadh an t-aon Ghaeilgeoir líofa sa rás an beart a dhéanamh don Chomhaontas Glas i bPort Láirge

Marc Ó Cathasaigh

Den chéad uair le roinnt blianta, tá éiginnteacht ann maidir le cé a thoghfar i ndáilcheantar Phort Láirge san Olltoghchán. Tá cúis leis sin, ar ndóigh – tá beirt de na Teachtaí Dála a bhí sa 32ú Dáil éirithe as an bpolaitíocht, mar atá Seanadóir a bhí ina rogha te bruite le bheith tofa anseo. In Olltoghchán 2016, toghadh Mary Butler (FF), David Cullinane (SF), John Halligan (Neamhspleách), agus John Deasy (FG).

Ba é Deasy an chéad duine díobh sin a d’éirigh as an bpolaitíocht agus níor chuir a chinneadh iontas ar mhórán, mar go raibh lucht an pháirtí sa toghcheantar tar éis rún mímhuiníne ann a rith. D’fhág sin an Seanadóir Paudie Coffey ón bpáirtí céanna mar rogha na n-údar lena shuíochán a bhuachaint arís – chaill seisean suíochán in Olltoghchán 2016. Ní raibh seisean róshásta nuair a chinn an páirtí go mbeadh triúr iarrthóirí ar fad ag Fine Gael san olltoghchán seo – é siúd, John Cummins, atá lonnaithe i gcathair Phort Láirge, agus Damien Geoghegan, arb as baile Dhún Garbhán dó. D’éirigh Coffey as an bpolaitíocht i mí na Nollag. Bhí lucht ceannais an pháirtí ag iarraidh ar Liam Brazil seasamh ach dhiúltaigh seisean, rud a fhágann an bheirt iarrthóirí acusan. Seo an chéad olltoghchán ag an mbeirt, ar Comhairleoirí Contae iad beirt. Fíric spéisiúil faoin toghchán deiridh in 2016, bhí 28.7% de na vótaí ag John Deasy agus Paudie Coffey eatarthu. Ní fios cé mhéad de na vótaí sin arbh vótaí pearsanta iad.

Toghadh Mary Butler ar an gcéad chomhaireamh in 2016, agus 20% de na vótaí aici. An t-am seo, beidh an dara hiarrthóir ag Fianna Fáil, an Comhairleoir Eddie Mulligan as an gcathair, ach ní cheaptar go bhfuil mórán seans aige. Ba é John Halligan an tríú ball den Oireachtas a d’fhág slán leis an bpolaitíocht agus sin an suíochán is spéisiúla ar fad an t-am seo. Tá traidisiún fada ag Páirtí an Lucht Oibre i bPort Láirge, cé gur chaill Ciara Conway a suíochán an uair dheiridh. ‘Sé John Pratt a bheas ag seasamh ar a son an t-am seo, fear as Tulach an Iarainn in iarthair an chontae. Ceaptar nach bhfuil ach caolseans aige ar a chéad iarracht. Chríochnaigh David Cullinane sa dara háit in 2016 agus níl aon amhras ach go dtoghfar iarrthóir Shinn Féin arís. Sna toghcháin áitiúla anuraidh, bhuaigh an Comhaontas Glas dhá shuíochán agus is iarrthóir láidir é Marc Ó Cathasaigh as baile na Trá Móire – an t-aon Ghaeilgeoir líofa atá ag seasamh. Is fiú Matt Shanahan a lua chomh maith, comhairleoir neamhspleách a bhain vóta mór amach sna toghcháin áitiúla agus cúrsaí ospidéil mar an chloch is mó ar a phaidrín. Fíric spéisiúil mar fhocal scoir – ó bunaíodh an Stát, toghadh iarrthóir i gcónaí ó iarthair an chontae. Níl ach beirt ón iarthar ag seasamh an uair seo – Geoghegan agus Pratt.

An tuar ná Mary Butler (FF), David Cullinane (SF), Damien Geoghegan (FG) agus Marc Ó Cathasaigh (Comh Glas).

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh an t-aon Ghaeilgeoir líofa sa rás an beart a dhéanamh don Chomhaontas Glas i bPort Láirge'