D’fhéadfadh an coróinvíreas scaipeadh ‘ráig i ndiaidh ráige’ – an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte

Táthar ag teacht ar chásanna nua den víreas ar fud an domhain agus 14 duine básaithe leis an ngalar faoin tráth seo san Iodáil

D’fhéadfadh an coróinvíreas scaipeadh ‘ráig i ndiaidh ráige’ – an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte

Tá ráite ag an té atá i bhfeighil ar phlean an WHO, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an Dr David Nabarro, go bhféadfadh an coróinvíreas scaipeadh “ráig i ndiaidh ráige”.

“Táthar ag ullmhú ar fud an domhain don a thuilleadh ráigeanna. Níl caite ach seacht seachtaine go dtí seo. Caithfear cur leis an obair ullmhúcháin,” arsa an Dr David Nabarro ar Today with Seán O’Rourke ar RTÉ.

Tháinig an rabhadh is déanaí ón WHO sna sála ar thuar a rinne ollamh le micribhitheolaíocht nach bhféadfaí an galar a sheachaint in Éirinn.

Dúirt an Dr Kim Roberts as Coláiste na Tríonóide ar Morning Ireland nach mbeadh aon éalú ón ngalar in Éirinn ach nár chóir ró-imní a bheith ar dhaoine faoi.

Chaithfí a bheith ullamh chuige agus an dochar a dhéanfadh an galar a laghdú a oiread agus is féidir, a dúirt sí.

Tá cásanna nua den ghalar aimsithe ar fud an domhain. I measc na dtíortha inar thángthas ar an gcéad chás den ghalar le lá anuas, tá an Eilvéis, an Spáinn, an Ghréig, an Danmhairg, an Ostair, an Rómáin, an Eastóin, an Mhacadóin Thuaidh agus an Chóiré Theas. Thángthas chomh maith inné ar an gcéad chás den ghalar sa Bhrasaíl.

Tuairiscíodh inniu go raibh toradh dearfach ar na tástálacha don ghalar a cuireadh ar bheirt othar eile sa Bhreatain, rud a fhágann gur 15 cás atá deimhnithe ansin.

Tá ordú tugtha ag Rialtas na Seapáine go ndúnfaí gach scoil sa tír ar feadh coicíse ar a laghad.

Tá cosc curtha ag an Araib Shádach ar oilithrigh thar tír isteach, cé nach bhfuil aon chás den víreas aimsithe sa tír sin fós.

Dúirt Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron go raibh “eipidéim ar an mbealach” agus 18 cás deimhnithe cheana sa bhFrainc.

Tá 14 duine básaithe leis an ngalar faoin tráth seo i dtuaisceart na hIodáile agus táthar tagtha ar bhreis is 520 cás den choróinvíreas san Iodáil.

Níor thángthas ar aon chás in Éirinn fós ach cuireadh ar ceal an cluiche rugbaí idir Éirinn agus an Iodáil an mhí seo chugainn mar chuid den obair réamhullmhúcháin atá ar siúl.

Tá laghdú ag teacht i gcónaí ar líon na gcásanna nua sa tSín.

433 cás agus 29 bás a bhí i gceist sa tSín inné.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh an coróinvíreas scaipeadh ‘ráig i ndiaidh ráige’ – an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte'