Mar chainteoir cumasach is mó a bhí aithne ag muintir Chonamara ar Shéamus Jaimsie. “Ba mhaith an cainteoir é” an chéad rud a dúirt mo chomharsa béal dorais liom nuair a chuir mé bás Shéamuis in iúl dhó. “Ba mhaith an cainteoir é, ach an oiread le Máirtín [a dheartháir], ”a dúirt sé.
B’fhíor dhó. Bhí sin ag Séamus – caint thíriúil, caint chréúil, caint chraicneach.
Ó mo thaobh féin de, bhreathnaigh mé ar Shéamus i gcónaí mar ambasadóir Inis Mór. Ba é an fear teangmhála é a bhíodh agam ar an oileán. Dá dtarlaíodh go mbíodh feachtas, conspóid ná achrann anseo théinn ar an bhfón chuige go bhfaighinn bunrúta an scéil uaidh.
Bhíodh a bhreithiúnas domhain agus barainneach i gcónaí. Bhíodh agus géar scaití freisin: ní spáráladh sé an teanga ar dhaoine a gceapfadh sé fúthu nárbh é leas an oileáin a bhí á spreagadh beag ná mór.
Thugadh sé roinnt cúnaimh dhom aimsir toghcháin ach ní théadh sé rófhada leis. Bhí an-omós aige d’Éamon Ó Cuív agus sílim go mbíodh imní air go gcuirfeadh sé múisiam ar Éamon ar bhealach ar bith. Ach bhíodh sólás beag amháin aige, nach mbínn féin agus Éamon sa toghchán céanna. D’fhágadh sin saor ó pheaca polaitiúil é an lá a dteastaíodh lámh chúnta uaimse.
Bhí bród ag Séamus as Árainn. Bhí sé bródúil as a mhuintir. Bhí bród faoi leith aige as Máirtín—as a chumas craoltóireachta agus as a bhuanna aisteoireachta. “An fear sin a’ainne”, a thugadh sé air go ceanúil.
Ar ndóigh bhíodh sé ag cur comhairle ar Mháirtín agus by dad bhí jab ansin aige.
Bhíodh sé ag cur comhairle orm féin freisin go mór mór faoi chúrsaí ólacháin. Thug mé suas an t-ól sa deireadh.
“Nach mór is fiú dhom gur éirigh mé as an ól,” a dúirt mise le Máirtín.
“Is mór is fiú don chuid eile againn é ar chuma ar bith,” ar seisean.
Ba í an bharúil chéanna a bhí ag Séamus fúm agus ní bhíodh leisce ar bith air é sin a chur in iúl dhom ach an oiread.
Bhíodh deifir an domhain mhóir ar Shéamus i gcónaí. Níor thúisce thoir ná thiar é. Deirtí faoi mhuintir Nia i gConamara go raibh siad in ann a bheith in dhá áit ag an am céanna. Dé-ionadas a thugtar air i nGaeilge, ‘bilocation’ i mBéarla. Is minic a cheap mé féin go raibh an bua céanna ag Séamus. Dá gcasfaí ort i gCill Rónáin é agus dá mbeifeá in ann a bheith i bhFearann an Choirce an nóiméad céanna, cheapfá go mbeadh sé romhat ansin freisin.
Bhí sé thar a bheith mífhoighdeach. Is cuimhneach libh, tá mé cinnte, an tsraith bhreá agallamh a rinne sé le daoine as Árainn do Raidió na Gaeltachta. Bhíodh Máirtín ag tabhairt cúnamh dhó leis an ábhar a chur in eagar sa stiúideo. Ba dhráma ann féin an lá a mbíodh an obair sin ar bun acu. Foirfeoir ab ea Máirtín -perfectionist. Níor mhaith leis go mbeadh marach dá laghad ar an agallamh. Bhíodh Séamus á bheophianadh go mbíodh cead imeachta aige. An chéad ghig eile a bhíodh ag déanamh imní dhósan.
Go deimhin ba mhaith an cara do Raidió na Gaeltachta é Séamus. Ba mhaith an cara dhomsa é an fhad is a bhí mé ann agus bhí sé amhlaidh le m’iníon Máire Áine ó shin.
Ar maidin hAoine seo caite a labhair sí leis den uair dheiridh— é féin a ghlaoigh ar an bhfón as an ospidéal. Ba í Máire Áine a bhí ar an deasc ar Nuacht an Iarthair. Scéal nuachta a bhí ag Séamus. “Ní raibh a fhios agam cé agaibh a bhí ansin,” a dúirt sé, “níl aon raidió a’m anseo.”
Bhí sé ag cur as dhó nach bhféadfadh sé a bheith ag Féile na bhFlaitheartach agus nach gcasfaí mise leis ann. Bhí cúis leis an gcaint sin.
Cúpla lá roimhe sin d’iarr mé cúnamh air. Dán a rinne Máirtín Ó Direáin in ómós do Threasa Ní Mhiolláin a bhí le léamh agam. Bhí aimneacha bailte sa dán agus bhí faitíos orm nach mbeinn in ann iad a fhuaimniú i gceart.
“Na bíodh imní ar bith ort,” a dúirt sé, “tiocfaidh muid le chéile i gcoirnéal eicínt roimh ré agus gabhfaidh muid tríothu.”
Faraor ní raibh sé i ndán dhó go dtiocfadh. Bhí scamall bróin ar an gcomhluadar nuair a sheas muid go ciúin ar feadh nóiméid Tí Joe Mac Dé Domhnaigh i gcuimhne air. Chuimhnigh mise ar véarsa as dán le Máirtín Ó Direáin faoin mbás agus é ag caoineadh carad leisean a d’imigh go tobann:
‘Gan coinne a tháinig sé fós,
Gan spás leis chugat ná cairde,
Is d’fhág sé mant inár mbeatha—
Bearna a fhanfas gan tógáil.’
Go raibh maith agaibh.
Fág freagra ar '‘D’fhág sé mant inár mbeatha, bearna a fhanfas gan tógáil’ – Séamus Jaimsie ar shlí na fírinne'