‘D’fhág Rónán Mac Aodha Bhuí a lorg go smior ionam agus spreag sé mé le dul i dtreo na craoltóireachta’

Caitheann Tuairiscsúil siar ar 2023 le roinnt Gael. Inár dteannta an geábh seo, tá Colm Mac Giolla Easbuic, craoltóir le Raidió na Gaeltachta agus aisteoir le Ros na Rún, a bhuaigh Réalta óg na Bliana ag an Oireachtas

‘D’fhág Rónán Mac Aodha Bhuí a lorg go smior ionam agus spreag sé mé le dul i dtreo na craoltóireachta’

Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2023?

Caithfidh mé a rá go raibh bliain iontach agam i mbliana i mo shaol pearsanta chomh maith le mo shaol oibre – tháinig mé in inmhe go mór mar dhuine de bharr na bliana seo. Chaithfinn a rá gurb í an chuimhne is mó atá agam ar 2023 ná Réalt Óg na Bliana a bhaint amach ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo de agus onóir nach beag!

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2023?

Go bhfuair mé féin agus mo ghirseach Grace áit le cónaí. Cé go raibh muid beirt ag roinnt le daoine eile i dtithe eile roimhe sin, bhí muid ag iarraidh áit dár gcuid féin agus cé go raibh obair againn áit a fháil mar gheall ar an ghéarchéim tithíochta, d’éirigh linn sa deireadh! Mar a dúirt mé le Grace ag an am – má tá tú ag iarraidh aithne a fháil orm – tar i do chónaí liom! Go hádhúil – níor fhág sí go fóill mé!

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2023?

Níl amhras ar bith ach gurbh é bás an chraoltóra agus mo chomhghleacaí sa Raidió, Rónán Mac Aodha Bhuí an rud is mó a chuir isteach orm i mbliana. D’fhág Rónán a lorg go smior ionam ó aois óg agus spreag sé mé le dul i dtreo na craoltóireachta. Ní bheinn san áit a bhfuil mé inniu ach ab é Rónán – níl amhras ar bith orm faoi sin. Suaimhneas síoraí dá anam uasal gaelach agus dorn san aer do na Gaeil.

Cén tír nó áit is spéisiúla ar thug tú cuairt uirthi i mbliana?

Bhí mé sa Phortaingéil den chéad uair sa tsamhradh! Bhí sé galánta ach níor stad sé ag cur fearthainne! Beidh mé féin agus Grace ag dul go Nua-Eabhrac don Nollaig – yep, don Nollaig! Ár gcéad N0llaig ar shiúl ón bhaile! Tá muid ag súil leis!

Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?

Bhain mé sult mór as an tsraith Aerfort Dhún na nGall – chuir sé cumha an bhaile orm, ach rinne sé bródúil mé go bhfuil áis chomh hiontach agus chomh luachmhar sin ar leac an dorais ag muintir an bhaile – go háirithe iad siúd a bhíonn ag brath air, macasamhail othair a bhfuil cúram ailse de dhíth orthu i mBaile Átha Cliath agus go ndéanann Aerfort Dhún na nGall an saol rud beag níos fusa do na daoine sin –  ábhar bróid gan dabht.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2023?

Níos mó suilt a bhaint as an tsaol go ginearálta, gan a bheith ag obair barraíocht, agus a bheith go maith daofa siúd atá go maith dom.

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2023?

Níor éirigh faraor agus níl maith ar bith tosú anois! 2024 bliain na rún – tá mé dóchasach!

Fág freagra ar '‘D’fhág Rónán Mac Aodha Bhuí a lorg go smior ionam agus spreag sé mé le dul i dtreo na craoltóireachta’'