Fathach de chuid na polaitíochta in Éirinn ab ea Dessie Ó Malley. Thug scéala a bháis an tseachtain seo chun cuimhne seachtóidí agus ochtóidí na haoise seo caite i bpolaitíocht na hÉireann. Bhí O’Malley lárnach i gcuid mhór de na heachtraí móra agus is le staraithe breithiúnas a thabhairt an maith nó olc an tionchar a bhí aige. Rud amháin atá cinnte – ní raibh fuacht ná faitíos air riamh a chuid a rá agus a thalamh a sheasamh.
Faoi scáth an Taoisigh Jack Lynch a tháinig Dessie chun cinn sa pholaitíocht mar phríomh-aoire agus rúnaí parlaiminte. Gan é ach dhá bhliain sa Dáil, ceapadh ina Aire Dlí agus Cirt é i 1970. Léiriú ar mhuinín an Taoisigh i bhfear óg a bhí nua sa bpolaitíocht obair chomh dúshlánach a thabhairt le déanamh dó.
Is le linn na tréimhse sin a tharla ceann de na heachtraí polaitiúla ba shuntasaí i stair an Stáit agus Triail na nArm ar bun. Bhí an cás conspóideach agus go dtí an lá atá inniu ann tá doiléire ag baint le céard a tharla le linn an ama sin agus faoin méid a bhí ar eolas ag an Taoiseach, ag an Aire Cosanta agus ag an Aire Dlí agus Cirt, O’Malley. Bhíodh sé thar a bheith cosantach i gcónaí faoi aon chaint go raibh sé ar an eolas faoi phlean le hairm a thabhairt isteach sa tír – níl sé ach roinnt seachtainí ó d’iarr sé soiléiriú ó RTÉ faoin bpodchraoladh dá gcuid Gunplot. Mheas O’Malley go raibh éagóir á déanamh air sa mhéid a dúradh faoi.
Tréimhse chorraitheach na dtrioblóidí ag tús na seachtóidí a bhí ann. Bhí an Luimníoch Óg thar a bheith cáinteach ar ghluaiseacht na Poblachta agus trína chuid oibre sa Roinn Dlí agus Cirt tugadh isteach sraith beartas ar mhaithe leis an IRA a cheansú agus imeaglú ar fhinnéithe a chosc. Tá an tAcht um Chiontaí in aghaidh an Stáit fós ina acht sa reachtaíocht.
B‘údar bróid do O‘Malley freisin bunú na Cúirte Coiriúla Speisialta. Cúirt a ndéantar athnuachan uirthi chuile bhliain le leathchéad bliain ainneoin ceisteanna a bheith ag saineolaithe ar chearta an duine agus cearta sibhialta fúithi. Is mó leas a bhaintear as an Acht anois le coirpigh agus buíonta coirpeach a cheansú ach an bhunaidhm a bhí leis an reachtaíocht an chéad lá na gníomhaíochtaí an IRA a threascairt. Bhí léamh níos leithne ag O’Malley ar an bPoblachtánachas a luaitear le Fianna Fáil ná cás náisiúnta na hÉireann.
Tá ábhar cúpla scór leabhar agus fadscannán nó dhó sa gcoimhlint idir é féin agus Charles Haughey. Chomh maith lena fhearg le Haughey faoi thriail na n-arm, thuig O’Malley an cineál saoil a bhí á chaitheamh ag an iarThaoiseach agus bhí sé amhrasach faoi. Déanta na fírinne is cosúil anois go raibh a fhios ag madraí an bhaile faoi shaol airgeadais agus pearsanta Haughey ach nár dúradh tada.
Níor thaitin sin le O‘Malley agus nuair a fuair Haughey an ceann is fearr ar George Colley do cheannaireacht an pháirtí bhí an Máilleach fágtha leis féin ar an trá fholamh. Chaith Fianna Fáil amach é i 1985 agus faoi dheireadh na bliana sin bhunaigh sé an Páirtí Daonlathach.
Páirtí nua-aimseartha ab ea é a rinne iarracht blaiseadh de pholasaithe eacnamaíochta Margaret Thatcher agus dearcthaí liobrálacha na hEorpa ar cheisteanna sóisialta a mheascadh. Chuaigh siad i gcion go mór ar phobal na tíre ar feadh scaithimh ach bhí sé soiléir ón tús gur chuma cé a bheadh ina cheannaire gur beag a bhí i ndán don pháirtí gan branda an Mháilligh.
An beart is mó a rinne an PD in intinn go leor ná an naimhdeas polaitiúil a chur de leataobh le dul ar ais i gcomhrialtas le Fianna Fáil i 1989. D’éirigh le O’Malley agus Haughey ceart a bhaint dá chéile, comhartha má theastaigh sé gur polaiteoirí críonna ab ea an bheirt. Níor mhair an socrú i bhfad faoi réimeas Albert Reynolds a chuir i leith O’Malley go raibh sé mí-ionraic ina chuid fianaise ag binse na mairteola.
D’éirigh sé as ceannaireacht an Pháirtí Dhaonlathaigh i 1993 agus scoradh an páirtí ar fad in 2009 tar éis dóibh cúpla seal eile a chaitheamh i gcomhrialtas le Fianna Fáil faoi cheannaireacht Mary Harney.
Breithiúnas na staire ar Dessie O’Malley? Polaiteoir a d’oibrigh go crua agus a raibh tuairimí thar a bheith láidir aige faoin mbealach gur chóir an tír seo a riaradh mar phoblacht. Fágfaidh mé an breithiúnas faoi cé acu ceart nó mícheart a bhí na tuairimí sin ag na leabhair staire.
Seán Mag Leannáin
Cur síos meáite cothromach ar O’Malley. Sa bhfadtréimhse is dócha gur chabhraigh sé go mór le briseadh an tsean-mhonaplacht a bhí ag an gcóras dhá pháirtí go leith sa tír agus chuir sé deireadh le pé iarsma den sean-phoblachtánachas a bhí fágtha i bhFianna Fáil ionas gur ionann iad anois le Fine Gael. Aontaím gur fathach i saol na polaitíochta sa tír seo ó na seachtóidí ar aghaidh a bhí ann agus eisean an t-aon duine i bhFianna Fáil na tréimhse sin a raibh faitíos ar Haughey roimhe. Go ndéana Dia a mhaith air anois.
Dónall
Tá Laoch ar lár! Fear a sheas suas in aghaidh na pairimilítigh agus a bhí beag beann ar an gcontúirt uatha.
Sinéad
Tá Laoch ar lár!