Dessie O’Malley agus an ‘dream car’

Is fearr dea-chomhairle ná rogha bhog, mar a léiríonn scéal Des O’Malley agus John DeLorean

Dessie O’Malley agus an ‘dream car’

Fearacht gach duine a ceapadh riamh mar aire rialtais nó mar cheannaire ar pháirtí, ní raibh Des O’Malley gan locht. Léirigh sé stuacacht as cuimse uaireanta chomh maith le crógacht as cuimse uaireanta eile.

Ach thuill sé buíochas agus moladh as cuimse nuair a dhiúltaigh sé tacaíocht a thabhairt do thogra mór tionsclaíoch a bhí beartaithe a lonnú ina dháilcheantar féin. Is eiseamláir do gach aire an cinneadh a rinne sé aird a thabhairt ar dhea-chomhairle in áit rogha bhog lochtach a dhéanamh.

Toghadh an Máilleach den chéad uair mar Theachta Dála i ndáilcheantar Luimnigh Thoir i 1968 agus atoghadh é i ngach olltoghchán anonn go 2002 nuair a d’fhág sé an Dáil. Bhí sé ina Aire Tionscail agus Tráchtála i 1977 nuair a fágadh 1,600 oibrí díomhaoin tar éis dúnadh mhonarcha mhór Ferrenka in Áth an Choite in aice le cathair Luimnigh.

Cuireadh brú nár bheag ar Des O’Malley tionscal nua a mhealladh go dtína dháilcheantar toisc é a bheith freagrach mar aire as an Údarás Forbartha Tionscail (IDA). Ní deacair a shamhlú mar sin an spéis a chuir sé i scéal a tháinig an bhliain dár gcionn ó fhoireann an Údaráis sna Stáit Aontaithe.

Chuala ionadaithe an Údaráis i Chicago ráflaí go raibh John DeLorean, iarfheidhmeannach sinsearach le General Motors, ag beartú comhlacht nua a bhunú ina dtógfaí carr spóirt nua (nó ‘dream car’ mar a thug sé féin air). Fuair siad amach freisin go raibh Detroit agus Puerto Rico ag sárú a chéile  á mhealladh agus na húdaráis sa dá áit ag tairiscint deontais agus tacaíocht eile dó.

Bhí cuma ghalánta ar an gcarr a bhí beartaithe ag DeLorean a chur ar an margadh, go háirithe mar gheall ar an gcabhalra lonrach alúmanaim agus na doirse a d’ardaigh mar chliatháin i dtreo na spéire seachas i leataobh mar is gnáth. Tar éis d’fhoireann an IDA an carr a phlé le díoltóirí agus le saineolaithe gluaisteán sna Stáit, tugadh cuireadh do DeLorean teacht go hÉirinn.

Ní raibh tacaíocht do thogra chomh mór beartaithe roimhe sin ag an Údarás Forbartha Tionscail. Dúirt DeLorean go bhfostófaí 2,000 oibrí sa mhonarcha ina dtógfaí an carr nua, agus dúirt feidhmeannaigh an Údaráis leis gur i monarcha thréigthe Ferrenka a theastaigh uathu í a lonnú.

Phléigh an tÚdarás an scéal le Des O’Malley. Socraíodh go gcuirfí an moladh go dtairgfí 44 milliún dollar do DeLorean faoi bhráid an rialtais. D’aontaigh an rialtais leis an moladh ach, sular síníodh conradh leis an Meiriceánach tháinig tuairiscí eile agus cúis imní ó na Stáit.

Fuarthas amach nach bhféadfaí a bheith cinnte go raibh na bainc thall ag tacú le DeLorean agus nach raibh rún cinnte ag díoltóirí gluaisteán a charr a cheannach. Dúradh le feidhmeannaigh an IDA freisin nach raibh bailchríoch curtha ar dhearadh an chairr. Dá ghalánta a cuma, ní raibh sí réidh fós chun tús a chur leis an déantúsaíocht.

Cuireadh breis imní ar an Údarás agus ar an Máilleach nuair a dúirt DeLorean leo go gcaithfidís níos mó ná $44 milliún a thairiscint dó, agus go raibh sé i gcomhairle leis na húdaráis i dTuaisceart Éireann faoin monarcha a thógáil i mBéal Feirste.

Mhol príomhfheidhmeannach an Údaráis Michael Killeen do Des O’Malley an tairiscint $44m a tharraingt siar, rud a rinneadar.

Dhá mhí ina dhiaidh sin, an 3 Lúnasa 1978, d’fhógair DeLorean agus státrúnaí an Tuaiscirt Roy Mason go lonnófaí an mhonarcha in aice le Béal Feirste. Bhí 2,600 duine fostaithe ann faoin am ar cuireadh tús le táirgeadh an chairr nua i 1981. Bhí scríbhneoir an cholúin seo i láthair nuair a rinne Mason drochiarracht a shásamh a cheilt go raibh togra meallta aige a bhí beartaithe a lonnú sa Phoblacht.

Is féidir an chuid eile den scéal léanmhar a inseacht i mbeagán focal. Theip ar chomhlacht DeLorean i 1982. Theip ar ghlacadóir é a choinneáil ina bheo, agus faoi dheireadh na bliana bhí sé in éag go hiomlán agus £85m caillte ag rialtas na Breataine.

Is léir anois gur thug an cluiche Tadhg an dá Thaobh a bhí ar bun ag DeLorean i 1977 leithscéal áisiúil don IDA an t-airgead a tairgeadh dó lena mhealladh go Luimneach a tharraingt siar. Ach ní beag an chreidiúint a thuill Des O’Malley toisc gur éist sé le comhairle gur chóir droim láimhe a thabhairt do thogra a gcuirfí fáilte mhór roimhe ina dháilcheantar féin.

Ní raibh gach cinneadh a rinne Des O’Malley chomh stuama leis an rogha a rinne sé i gcás DeLorean. Ach sheachnófaí cur amú airgid agus go leor botún eile dá ndéanfadh airí roghanna níos minice, fiú murar léir a stuaim ar an toirt.

Fág freagra ar 'Dessie O’Malley agus an ‘dream car’'