Depp os cionn a bhuille mar Whitey Bulger ach rian róláidir Goodfellas ar Black Mass

In ainneoin mhaitheasaí ‘Black Mass’, ba dheacair éalú ón tuiscint nach raibh ann ach scáil ‘Goodfellas’

Black Mass

Black Mass

Stiúrthóir: Scott Cooper

Cliar: Johnny Depp, Joel Edgerton, Benedict Cumberbatch, Dakota Johnson, Kevin Bacon, Peter Sarsgaard, Jesse Plemon, Rory Cochrane.

Bhí cad é bús faoi The Departed (2006) nuair a tháinig sé os comhair an lucht féachana tarrac ar dheich mbliana ó shin. Canathaobh ná beadh? Scorsese ar ais ag rómhar in iomaire an Mafia le léiriú cliathánach ar mhiotaseolaíocht Whitey Bulger; Matt Damon agus Leonardo di Caprio ag comhghuaillíocht den chéad uair (agus an t-aon uair go dtí seo), gan trácht ar aisteoirí cumasacha i rólannaa tánaisteacha, ina measc Mark Wahlberg a thug an svae leis. É sin ar fad agus Jack Nicholson os cionn a bhuille ag caitheamh thairis go bagarthach, greannmhar mar Frank Costello. A leithéid seo:

Frank Costello: How’s your mother?

Fear sa bheár:  Oh… I’m afraid she’s on her way out.

Frank Costello: (ag siúl leis) We all are. Act accordingly.

Ina ainneoin sin ar fad, ba dheacair éalú ón tuiscint nach raibh ann ach scáil Goodfellas, saothar ceannródaíoch a seoladh sé bliana déag roimhe sin. Bhí an scannán sin chomh maith go ndeineadar arís é cúpla bliain ina dhiaidh sin agus thugadar Casino air. Nuair a bronnadh an duais Oscar ar Scorsese as The Departed, ba dheacair gan a shamhlú go rabhthas ag iarraidh éagóir na staire a chúiteamh.

Cá bhfágann sin an saothar seo atá ag iarraidh an t-amhábhar céanna a chíoradh níos lú ná deich mbliana ina dhiaidh sin is é fé anáil an dá shaothar thuas?

Dá fheabhas é Nicholson sa scannán úd, do shleamhnaigh sé i dtreo na geamaireachta ar uairibh, mar is dual dó. Tá carachtar níos téagartha againn anseo agus tá Depp breá ábalta é a fhéachaint le haon mhac máthar ó thaobh chumas aisteoireachta de. Níl Black Mass in ann laincisí aon cheann den dá scannán a chaitheamh uaidh, áfach. Baineann radharc dinnéir ina bhfuil Bulger ag magadh go bagartha fé dhuine macallaí atá róláidir as an radharc clúiteach sin le Joe Pesci.

An t-easnamh is mó atá anseo ná nach dtugtar aon chomhthéacs nó cúlra dúinn: óige Bulger, an ceantar, na buíonta agus na comhghuaillíochtaí difriúla srl. Níl réamhrá, tráchtaireacht, iardhearcaidh ná faic. Cuimhnigh ar radharcanna mearaí Goodfellas le cúlra agus comhthéacs á chaitheamh chugainn nó an réamhrá fada ealaíonta, corraitheach sin i Sleepers (1996).

Ba cheantar sainiúil é Southie na linne sin a bhí lán go gad le hÉireannaigh, pobal dlúth a bhí teann as a ndúchas agus a raibh drochiontaoibh acu as an mbunaíocht. Is carachtar ann féin é an ceantar ach ní bhaintear aon adhmad as anseo. Thar na blianta tá saothair ó Mystic River (2003) go The Town (2010) agus ó Gone Baby Gone (2007) go The Departed (2006) agus Good Will Hunting (1997) tar éis a gcuid féin a dhéanamh de shuaithinseacht an cheantair seo. Ní éiríonn le Black Mass léiriú údarásach a thabhairt ar an gceantar i rith na tréimhse corraithí ina bhfuil sé suite.

Dírítear go hiomlán ar chíoradh beirt charachtar. Bulger brúidiúil, neamhthrócaireach, uaillmhianach le Depp agus an gníomhaire FBI John Connolly (Edgerton). Ní fios riamh cad a spreag Connolly le dul ar bhóthar a aimhleasa: uaillmhian, saint chun cumhachta agus airgid nó a dhílseacht do phobal a áite dúchais?

Ní féidir a shéanadh go dtugann Depp taispeántas thar na bearta uaidh.

De réir scéil, seo an scannán/taispeántas is mó a thaitníonn leis féin agus tá cúis mhaith leis. Tá sé ionann agus do-aitheanta lena fhiacla dubha agus a cheann sceadach. Déantar iarracht daonnacht éigin a chur ann sna radharcanna faoina mhac agus tugann sé na nóimintí seo leis go seoigh. Ach is iad míreanna na mbagairtí agus an fhoréigin is mó a théann i bhfeidhm ort, agus táid ann go rábach.

Tá an t-ábhar bunaithe ar an leabhar Black Mass: The True Story of an Unholy Alliance Between The FBI and The Irish Mob agus taibhsíodh dom nárbh fhéidir leis an scannán éalú ó shrathair na bhfíricí.

D’fhág sin a rian ar an scéal agus na carachtair, a chomharthaí sin an deartháir Whitey (Cumberbatch), carachtar gur cuma ann nó as é.

Taispeántas cumasach ón gceann feadhna, saothar ábalta ach i bhfad ó chumas na n-eiseamláirí.

Fág freagra ar 'Depp os cionn a bhuille mar Whitey Bulger ach rian róláidir Goodfellas ar Black Mass'