Deontas le fáil d’athchóiriú aghaidheanna siopaí atá i nGaeilge

Tá ciste athoscailte ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a bhfuil sé mar aidhm aige cur le ‘feiceálacht na Gaeilge ar shráid-dreacha’

Deontas le fáil d’athchóiriú aghaidheanna siopaí atá i nGaeilge

Tá ciste fógartha ag an Roinn Tithíochta chun deontais a chur ar fáil do dhaoine le hathchóiriú a dhéanamh ar aghaidheanna siopaí atá i nGaeilge.

Le cáiliú don deontas, idir €15,000 agus €50,000, ní mór go mbeadh na struchtúir ar Thaifead na Struchtúr faoi Chosaint an údaráis áitiúil, nó incháilithe chuige sin.

Táthar ag súil go gcuirfidh an ciste, ar cuireadh tús leis anuraidh, le feiceálacht na Gaeilge ar na sráideanna.

I ráiteas na Roinne Tithíochta deirtear go mbíodh comharthaí Gaeilge le feiceáil coitianta “inár mbailte is sráidbhailte, anallód” ach go meabhraíonn cuid acusan anois dúinn “siopaí atá dúnta le fada”. Uaireanta, a deirtear, is le linn athchóirithe a thagann na comharthaí seo chun solais, iarsma de stair an fhoirgnimh.

Deirtear go bhfuil sé mar aidhm ag an gciste nua seo na seanchomharthaí atá tréigthe go minic “a thabhairt ar ais in ard a réime arís”.

Tá an scéim á maoiniú ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Roinn na Gaeltachta.

Dúirt Malcolm Noonan, Aire Stáit sa Roinn Tithíochta is Rialtais Áitiúil go raibh súil aige go spreagfadh an fógra daoine sa Ghaeltacht agus lasmuigh di chun seanchomharthaí siopaí atá i nGaeilge a chaomhnú.

Dúirt Aire na Gaeltachta Catherine Martin gur “slí mhaith í an scéim seo chun infheictheacht na Gaeilge a mhéadú”.

Mhol Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers d’aon úinéir siopa, nó d’úinéir aon fhoirgneamh a bhíodh tráth ina shiopa, agus a bheadh incháilithe don chiste seo iarratas a dhéanamh faoin scéim.

Fág freagra ar 'Deontas le fáil d’athchóiriú aghaidheanna siopaí atá i nGaeilge'

  • Kirsty Uí Ríain

    An bhféadfá níos mó eolas a thabhairt dom maidir leis an deontas seo le d’thoil.
    Míle Buíochas