Deontas €63,000 fógartha do Choláiste UISCE i Maigh Eo

Dúirt an tAire Stáit Joe McHugh go spreagann Coláiste Uisce "go leor foghlaimeoirí chun páirt a ghlacadh i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta"

Arial-shot
Coláiste UISCE. Pictiúr: uisce.ie

 

Tá deontas €63,000 fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta do Choláiste UISCE, Co. Mhaigh Eo. Ceadaíodh an deontas chun cur ar chumas an choláiste “réimse beart a thacóidh tuilleadh le treisiú na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh i leithinis Bhéal an Mhuirthead a chur sa tsiúl”. Mar chuid den deontas, tá “allúntas faoi leith” chun go mbeidh Coláiste Uisce ábalta cúrsa Gaeilge a chur ar siúl arís i mbliana “a bheidh dírithe ar dhéagóirí na Gaeltachta agus ar lucht freastail Gaelcholáistí na tíre le hardchaighdeán Gaeilge”.

Dúirt an tAire Stáit: “Tá Coláiste UISCE ina eiseamláir d’achan eagraíocht atá ag cur na Gaeilge chun cinn sa tír. Tugann siad na céadta daoine chuig Ghaeltacht Mhaigh Eo achan bhliain, rud a chuireann go mór le heacnamaíocht an cheantair, chomh maith le bheith ag cur na Gaeilge chun cinn. Ina theannta sin, spreagann siad go leor foghlaimeoirí chun páirt a ghlacadh i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá lúcháir orm a bheith in ann an cúnamh seo a chur ar fáil do Choláiste UISCE don bhliain 2015.”

Fág freagra ar 'Deontas €63,000 fógartha do Choláiste UISCE i Maigh Eo'

  • Glór í Eo

    Bheadh sé go deas cúrsaí a chur ar fáil do dhaoine fásta chomh maith. Ba bhreá liom seal a chaitheamh ag an gcoláiste uisce.