Deontas €532,000 ceadaithe do scrúduithe Gaeilge TEG

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta go raibh ‘an-áthas’ air go raibh méadú 100% tagtha ar líon na ndaoine a dhéanann na scrúduithe a reáchtálann Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad

Deontas €532,000 ceadaithe do scrúduithe Gaeilge TEG

Tá deontas €532,000 fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne do Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad chun na scrúduithe TEG, Teastas Eorpach na Gaeilge, a reáchtáil as seo go ceann trí bliana.

Scrúduithe Gaeilge iad scrúduithe TEG a chuirtear ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh cáilíocht aitheanta a bhaint amach sa Ghaeilge.

De réir an eolais is déanaí faoi na scrúdaithe, 1,790 a thug fúthu sa tréimhse 2018/19. Méadú 100% é sin ar líon na ndaoine a rinne na scrúduithe sa tréimhse roimhe sin, a deirtear.

Bíonn scrúduithe TEG ar siúl ar fud na tíre agus thar lear ag amanna éagsúla ó mhí Aibreáin go mí Lúnasa agus tá na scrúduithe seo déanta ag breis is 6,000 duine ó 2006.

Agus é ar cuairt inniu ar  Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne gur “onóir” dó an maoiniú a chur ar fáil do na scrúduithe

“Tá mo Roinn ag tabhairt maoiniú do TEG le hos cionn 10 mbliana anois agus tá áthas orm a chloisteáil go bhfuil méadú 100% tagtha ar an gcóras i mbliana.

“Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcóras seo sa chaoi go dtugann sé cruthúnas d’fhostóirí maidir le cumas teanga. Is deis iontach é freisin do lear mór daoine dul ar ais sa chóras oideachais blianta i ndiaidh dóibh a scolaíocht fhoirmiúil a bheith críochnaithe acu.”

Fág freagra ar 'Deontas €532,000 ceadaithe do scrúduithe Gaeilge TEG'