Deontas €37,440 do Chomharchumann Thoraí Teo

Maoiniú do sheirbhís lastais throim do Thoraigh

Toraigh-ón-aer3

Tá deontas €37,440 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta,  Joe McHugh, do Chomharchumann Thoraí Teo chun cur ar a gcumas seirbhís lastais throim do Thoraigh a mhaoiniú ar feadh tréimhse bliana.

Tháinig an comhaontú maidir leis an tseirbhís i bhfeidhm ar an 1 Deireadh Fómhair agus seasfaidh sé go dtí an 30 Meán Fómhair 2015.  Faoin gcomhaontú, maoineofar suas le 26 seoladh in aghaidh na bliana.

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé “an-sásta a bheith in ann an cúnamh seo a chur ar fáil do Chomharchumann Thoraí Teo i mbliana le go mbeidh siad in ann leanúint orthu lena gcuid gníomhaíochtaí”.