Deontas €2.7m ceadaithe d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Fáilte curtha ag Aire na Gaeltachta roimh phlean an Acadaimh cur le líon na modúl Gaeilge atá ar fáil mar chuid de chláir fochéime in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

An tAcadamh

Tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, inniu go bhfuil deontas €2.7m ceadaithe aige don Údarás um Ardoideachas le tabhairt d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.

Ceadaíodh an deontas le go mbeadh ar chumas lucht an Acadaimh na cúrsaí atá acu ina dtrí ionad Gaeltachta – i nGaoth Dobhair, i gCarna agus ar an gCeathrú Rua – a chur ar fáil as seo go ceann trí bliana.

Dúirt an tAire Stáit McHugh go gcuireann an tAcadamh go mór leis “na deiseanna oideachais trí mheán na Gaeilge atá ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta” agus go mbíonn “tionchar dearfach aige ar shaol sóisialta, geilleagrach, cultúrtha agus teanga na bpobal sin trí chéile”.

Ag tagairt dó do phlean an Acadaimh cur le líon na modúl Gaeilge atá ar fáil mar chuid de chláir fochéime i gColáiste na nDán, na hEolaíochta Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, dúirt an tAire go raibh sé “tábhachtach” go mbeadh “socruithe nuálacha den chineál seo ag teacht chun cinn in áit soláthar traidisiúnta sa réimse seo”.

 Joe McHugh

Dúirt sé go raibh cúrsaí éagsúla á soláthar ag an Acadamh atá ag freastal “ar riachtanais ar leith ó thaobh na Gaeilge de in Éirinn agus san Aontas Eorpach”.

“Tríd an Dioplóma sa Phleanáil agus sa Bhuanú Teanga atá á thairiscint acu arís i mbliana i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, táthar ag cumasú muintir na Gaeltachta ionas gur féidir leo ceannas a ghlacadh ar thodhchaí na pleanála teanga sa Ghaeltacht faoi Acht na Gaeltachta 2012,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh.

Fág freagra ar 'Deontas €2.7m ceadaithe d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge'