Deontas €16,500 ceadaithe ag McHugh do thrí ghrúpa Gaeltachta i dTír Chonaill

Tá deontais ceadaithe ag an Aire Joe McHugh do Cheiltigh Ghaoth Dobhair, do Bhanna Ceoil Druma Mór Rann na Feirste agus do chosán siúlóide ar an bhFál Carrach

Deontas €16,500 ceadaithe ag McHugh do thrí ghrúpa Gaeltachta i dTír Chonaill

Tá deontais €16,500 ceadaithe ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Joe McHugh do thrí ghrúpa Gaeltachta i dTír Chonaill. Gheobhaidh an cumann sacair Cumann Cheiltigh Ghaoth Dobhair €8,250 le lomaire páirce a cheannach don pháirc nua imeartha atá ag an gcumann. Caithfear an t-airgead ar an lomaire féin agus ar an mbreosla a theastaíonn lena úsáid.

Dúirt urlabhraí de chuid an chumainn le Tuairisc.ie go bhfuil an cumann an-sásta an deontas a fháil agus go dteastaíonn an lomaire nua leis an bpáirc úr a choinneáil. Dúradh go raibh an cumann ag súil leis an séasúr sacair atá le teacht agus go bhfuil rudaí “ag dul iontach maith” i láthair na huaire. Tá 280 páiste cláraithe le foirne óige an chumainn agus táthar sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag na foirne sinsir le tamall anuas.

Ba iad Ceiltigh Ghaoth Dobhair an chéad chumann in Éirinn ar bronnadh gradam nua de chuid an FAI orthu, an gradam Club Mark. Bronntar an Club Mark ar chumainn a bhaineann an caighdeán is airde amach ó thaobh bainistíochta agus riaracháin de.

Beidh deontas €5,840 ag dul i dtreo Bhanna Ceoil Druma Mór atá lonnaithe i Rann na Feirste. Beidh an t-airgead sin á chaitheamh ar éadaí do bhaill an bhanna agus ar uirlisí nua ceoil. Tá an banna os cionn dhá scór bliain ar an bhfód.

Agus an deontas á fhógairt ag McHugh, dúirt sé gur “dlúthchuid” de phobal na Gaeltachta i Rann na Feirste é an banna ceoil.

Tá €2,430 ceadaithe aige freisin do bhealach siúil ar an bhFál Carrach. Úsáidfear an t-airgead sin chun feabhas a chur ar an gcosán i mBaile Uí Chonaill, áit a mbíonn go leor daoine ag siúl agus an Rith Pháirce ar siúl.

“Cuireann grúpaí na háite go mór le teanga, cultúr agus oidhreacht a gceantair sna trí réimse sin agus tá lúcháir orm a bheith in ann cuidiú leo. Tá maoiniú dá gcuid féin aimsithe ag na trí ghrúpa le haghaidh na dtograí seo fosta,” a dúirt McHugh.

Fág freagra ar 'Deontas €16,500 ceadaithe ag McHugh do thrí ghrúpa Gaeltachta i dTír Chonaill'

  • Léitheoir

    Agus san am céanna maíonn Joe na gCúpla Focal nach bhfuil aon bhaint ag an Dáilcheantar arb as é le dáileadh na ndeontas…

  • Feardorcha

    Níl ach cúpla focal ina phluc ach, by Dad, tá pinginí móra ina phóca!! Treise leat Joe a mhic, buail arís do dhruma mór!