Deontas ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta d’ionad tacaíochta teaghlaigh lena bhfiacha a ghlanadh

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne chomh maith inniu go raibh sé ag súil go gcuirfí tús le feidhmiú phlean teanga Chois Fharraige gan aon rómhoill eile

Deontas ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta d’ionad tacaíochta teaghlaigh lena bhfiacha a ghlanadh

Tá deontas nach mór €230,000 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta d’ionad tacaíochta teaghlaigh i gConamara chun cabhrú leo a bhfiacha a ghlanadh.

Chomh maith leis an maoiniú sin don Ionad Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabhán, d’fhógair an Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne chomh maith go bhfuil €198,000 chun ionad luathoideachais a thógáil sna Forbacha.

Tá lucht an ionaid in Indreabhán ag éileamh le fada go gcuirfí maoiniú ar fáil dóibh chun na fiacha atá ar an ionad ar an gCnoc a ghlanadh.

Dúirt an tAire Stáit chomh maith inniu go raibh sé ag súil go gcuirfí tús le feidhmiú phlean teanga Chois Fharraige gan aon rómhoill eile.

Tá nach mór dhá bhliain ann ó sheol iar-aire stáit na Gaeltachta Joe McHugh plean teanga an cheantair.

Tuairiscíodh an mhí seo caite go raibh eagraíocht phobail nua a chur ar bun sula mbeifí ábalta tús a chur leis an bplean a chur i gcrích.

Dheimhnigh Údarás na Gaeltachta do Tuairisc.ie go raibh gá le “struchtúr” agus “comhlacht nua pobalbhunaithe” i gCois Fharraige chun an plean teanga a chur i bhfeidhm.

“Táim ag súil go mór go mbeidh tús á chur gan tuilleadh moille le feidhmiú phlean teanga Chois Fharraige – atá ceadaithe ag mo Roinn faoin bpróiseas pleanála teanga le tamall anois.

“A thúisce is a tharlaíonn sé sin is ea is túisce a mbeidh pobal an cheantair in ann leas a bhaint as an allúntas bliantúil ar fiú €150,000 atá ceadaithe faoin bpróiseas don cheantar agus is ea is túisce a mbeifear in ann dlús a chur le tuilleadh dul chun cinn ar leas an cheantair trí chéile,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

 

Dúirt an tAire Stáit gur “céimeanna praiticiúla eile… ar leas na Gaeilge sa cheantar” a bhí sa dá dheontas a fógraíodh inniu.

 Dúirt urlabhraí ó Choiste Teaghlaigh Naíonra na bhForbacha go gcabhróidh an deontas chun ionad nua luathoideachais a thógáil ar láthair scoil náisiúnta na bhForbacha go mór le cur chun cinn an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta.

“Cuirtear tumoideachas trí Ghaeilge ar fáil do na naíonáin agus dá bharr seo leagfar bunchloch láidir theangeolaíoch do na gasúir rud a bheidh ina chabhair le pobal Gaelach a neartú agus a bhuanú sna Forbacha sna blianta amach anseo. 

“De thoradh an chúnaimh phraiticiúil atá faighte ón Roinn beidh coiste an naíonra in ann ionad luathbhlianta oiriúnach a chur ar fáil taobh leis an scoil nua anseo sna Forbacha, rud a bheidh ar leas an phobail sa cheantar agus ar leas na Gaeilge i ndeireadh báire.”

 

D’fháiltigh Seán Breathnach, Príomhoide Scoil na bhForbacha roimh an bhfógra freisin.

“Is ábhar mór lúcháire dom a chloisteáil go mbeidh Naíonra na bhForbacha chun ionad nua a fháil i gceartlár an cheantair go luath. Is toradh dearfach é ar an obair atá déanta sa gceantar seo le blianta chun soláthar luathbhlianta i nGaeilge a chur ar fáil do na tuismitheoirí ar mian leo a ngasúir a thógáil sa gceantar Gaeltachta seo.” Dúirt an príomhoide gur “lá cinniúnach don phobal” a bhí ann.

Fág freagra ar 'Deontas ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta d’ionad tacaíochta teaghlaigh lena bhfiacha a ghlanadh'