Cheadaigh Bord Fhoras na Gaeilge deontais dar luach €4,264,359 ag cruinniú a bhí inniu acu.
Dáilfear na deontais faoi scéimeanna pobail agus óige an Fhorais.
Baineann formhór an airgid mhaoinithe – €4,081,483 – a fógraíodh inniu leis an Scéim Pobal Gaeilge 2016-2020. Tá an maoiniú faoin scéim sin á chur ar fáil do 22 grúpa ar fud na tíre chun oifigigh forbartha Gaeilge a fhostú go dtí mí an Mheithimh 2020.
Ag saothrú ar son na teanga sa Tuaisceart atá 14 den 22 grúpa ar ceadaíodh deontas inniu dóibh faoin Scéim Pobal Gaeilge.
Ceadaíodh chomh maith deontais €182,876 faoi Scéim na nImeachtaí Óige a bhfuil sé mar aidhm aici spreagadh a thabhairt do dhaoine óga an Ghaeilge a labhairt.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh go ndéanfadh ceadú na ndeontas “leas na Gaeilge” ar fud na tíre.
“Táimid thar a bheith sásta an tsuim mhór airgid a ceadaíodh inniu a fhógairt agus go bhfuil ar ár gcumas cur le líon na ndeonaithe do Scéim Pobal Gaeilge 2016-2020, ach go háirithe, in ainneoin brú leanúnach a bhíonn ar chistí ár scéimeanna maoinithe.
“Aithníonn Foras na Gaeilge tábhacht infheistíocht bhunaidh den chineál seo atá de dhíth ag leibhéal an phobail agus beidh muid ag súil go mór le leas na Gaeilge fud fad na tíre dá thairbhe. Bíonn ró-éileamh i gcónaí ar chistí teoranta ár scéimeanna maoinithe áfach, agus ní bhíonn ar ár gcumas gach iarratas incháilithe dár scéimeanna a cheadú,” a dúirt Mac an Fhailigh.
Na hiarratasóirí a fuair maoiniú faoin Scéim Pobal Gaeilge 2016-2020
An Cumann Gaelach Muineachán, Co. Mhuineacháin
Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtair, Co. an Dúin
Ionadh Uíbh Eachach, Co. Aontroma
Gael-Fhorbairt na Gaillimhe, Co. na Gaillimhe
Pobal ar A’n Iúl, Co. Thír Eoghain
Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire
Cairde Uí Néill, Co. Dhoire
Glór na Spéiríní, Co. Dhoire
An Clár as Gaeilge, Co. an Chláir
Cairde Teo, Co. Ard Mhacha
Conradh na Gaeilge, Craobh an Aonaigh, Co. Thiobraid Árann
Muintir Chrónáin Teo., Co. Bhaile Átha Cliath
Glór na Móna, Co. Aontroma
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Co. Aontroma
An Droichead, Co. Aontroma
Glór Cheatharlach, Co. Cheatharlach
Glór Dhún Geimhin, Co. Dhoire
Cumann Gaelach na hEaglaise, Co. Bhaile Átha Cliath
Ionad na Fuinseoige, Co. Aontroma
Glór Uachtar Tíre, Co. an Dúin
Cumann Gaelach Leath Chathail, Co. an Dúin
Togra Mhaigh Eo, Co. Mhaigh Eo
Cordelia Nic Fhearraigh
Níl a fhios agam an mbeidh treoir ag na hiarratasóirí seo le comhlíonadh agus spriocanna ar leith le baint amach acu?
Agus an bhfuil sé beartaithe líonra na n-iarratasóirí a bhunú sa dóigh is go dtig leo teagmháil a dhéanamh lena chéile, an teangaidh a láidriú ar fud na tíre, tacaíocht a thabhairt dá chéile agus an Ghaeilg a leathnú amach go dtí pobail eile agus go háirithe earnáil an ghnó – dream nach dtabharann aird ar bith ar an Ghaeilg, is cuma más sa Ghaeltacht atá siad nó nach b’é.
Feardorcha
14 as 22 sna Sé chontae.
Bail ó Dhia orthu, caithfidh go bhfuil na clocha féin curtha ag caint acu fén dtráth seo.
AnRógaire
Dá mbeadh éileamh ar sheirbhísí ón earnáil phríobháideach as gaeilge nach gcuirfí ar fáil iad? Tá pobal na gaeilge mór a dhóthain chun seirbhísí a bhaint amach ach is léir go nglacann an chuid is mó againn leis an teanga mar theanga sóisalta amháin (seachas teanga le húsáid le lucht gnó).