Deontais ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta

Deontas €36,000 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta do Choiste Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Iarthar Dhuibhneach agus €18,795 curtha ar fáil do Choiste Forbartha Chnoc Fola

Togra nua Gaeltachta ar an mBuailtín
Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Iarthar Dhuibhneach

Tá sé fógartha ag Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, go bhfuil deontas €36,000 ceadaithe aige do Choiste Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Iarthar Dhuibhneach, chun cur ar a gcumas trealamh a cheannach don tseirbhís tacaíochta teaghlaigh sa lárionad nua atá tógtha i mBaile an Fheirtéaraigh.

Dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé “an-sásta” an deontas a cheadú.

“Tá sé tráthúil go bhfuil an obair ar an lárionad nua seo ag teacht chun críche anois agus plean teanga don cheantar le cur i bhfeidhm.

“Beidh an áis iontach nua-aimseartha seo agus an tacaíocht a bheas le fáil ann ina chuidiú mór do phobal an cheantair agus go háirithe do lánúnacha óga an cheantair atá ag tógáil a gclanna le Gaeilge. Tá áthas orm a bheith ag tacú leis an choiste gníomhach ceannródaíoch seo agus guím gach rath ar a gcuid oibre.”

D’fhógair an tAire Stáit chomh maith inniu go bhfuil deontas €18,795 ceadaithe do Choiste Forbartha Chnoc Fola chun fadhb le macalla san ionad pobail ansin a leigheas.