Deontais ar fáil arís do chumainn CLG chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Go dtí seo, ghlac 180 cumann as 27 contae páirt i bhFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus Chumann Lúthchleas Gael

Deontais ar fáil arís do chumainn CLG chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Tá Glór na nGael ag glacadh le hiarratais ar dheontais ó chlubanna Chumann Lúthchleas Gael chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá breis agus €55,000 tugtha go dtí seo i mbliana do chlubanna atá cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus tá fáilte curtha roimh chumainn eile atá ag iarraidh clárú leis an scéim.

Baintear leas as an maoiniú chun gníomhaíochtaí ar leith a chuireann úsáid na Gaeilge chun cinn sa chumann a chur i gcrích.

Go dtí seo, ghlac 180 cumann as 27 contae páirt sa bhFondúireacht, scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus Chumann Lúthchleas Gael.

Tá tús curtha leis an dara babhta den scéim i mbliana agus deontas suas le €500 ar fáil anois do chlubanna.

Cuirfidh an Fhondúireacht maoiniú meaitseála ón chiste ar fáil d’imeachtaí incháilithe ar bhonn €2 in aghaidh gach €1 a chuirfidh an club féin ar fáil. Fágfaidh sin €750 san iomlán le caitheamh ar thionscadal ach síntiús €250 ón chlub á chur san áireamh.

Imeachtaí a tharlóidh roimh an 31 Nollaig 2020 amháin a bheas incháilithe sa bhabhta seo agus is gá an t-iarratas a bheith faighte faoi 5:00in Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le clg@glornangael.ie chun club a chlárú leis an Fhondúireacht a phlé.

Fág freagra ar 'Deontais ar fáil arís do chumainn CLG chun an Ghaeilge a chur chun cinn'