Déjà vu don Spidéal agus an tarraingt déanta do Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe 2020

Tá fir an Spidéil curtha i ngrúpa leis na foirne céanna a bhí leo i gcraobh na bliana seo caite agus beidh foirne eile as Conamara ag tabhairt aghaidh ar a chéile chomh maith

Déjà vu don Spidéal agus an tarraingt déanta do Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe 2020

Tá cuid d’fhoirne Chonamara tarraingthe sna grúpaí céanna agus na socruithe do Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe 2020 fógartha.

Rinneadh tarraingt don chraobh níos luaithe i mbliana ach shocraigh bord an chontae atarraingt a dhéanamh agus struchtúr na craoibhe athraithe acu de bharr na paindéime Covid-19.

Bhí An Spidéal, Bearna, Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach agus Naomh Micheál uile sa ghrúpa céanna i gcraobh na bliana seo caite agus tá siad le chéile arís in 2020 agus iad uile i nGrúpa 1.

D’éirigh leis an Spidéal, Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach agus Naomh Micheál áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais anuraidh, ach bhí ar Bhearna cluiche dícháilithe a bhuachan chun fanacht sa phríomhghrád bliain eile.

Tá dhá fhoireann eile as Conamara i nGrúpa 2, Maigh Cuilinn agus Micheál Breathnach. Grúpa láidir atá ann agus An Creagán-Maigh Locha agus Anach Cuain in éineacht leo. Tá Micheál Breathnach ar ais sa Chraobh Shinsir arís i mbliana tar éis dóibh dul chomh fada le cluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí anuraidh.

Tá Réalta Thuama, Cathair Loistreáin, Baile Chláir agus Cill Aithnín i nGrúpa 3 agus dhá fhoireann a bhuaigh craobhacha na hÉireann le chéile i nGrúpa 4A. Bhuaigh Cora Finne Craobh Shinsir na hÉireann don tríú bhliain as a chéile mí Eanáir agus thug Uachtar Ard Craobh Idirmheánach na hÉireann leo seachtain ina dhiaidh sin. Tá Muine Mheá-An Mhainistir le Cora Finne agus Uachtar Ard sa ghrúpa sin.

Tá foireann Ghaeltachta eile i nGrúpa 4B agus peileadóirí na Ceathrún Rua le Baile an Mhuilinn agus Naomh Séamus. D’imir An Cheathrú Rua sna babhtaí dícháilithe anuraidh agus beidh súil acu go n-éireodh níos fearr leo i mbliana.

Rachaidh na foirne a chríochnaíonn sa chéad agus sa dara háit i nGrúpaí 1, 2 agus 3 ar aghaidh chuig na babhtaí ceathrú ceannais. I gcás Ghrúpaí 4A agus 4B, imreoidh an fhoireann a chríochnaíonn sa dara háit in aghaidh na foirne a chríochnaigh sa chéad áit sa ghrúpa eile agus rachaidh buaiteoirí an dá chluiche sin ar aghaidh go dtí na babhtaí ceathrú ceannais chomh maith.

Cuirfear tús leis an gCraobh Dé hAoine, an 31 Iúil, agus tá sé i gceist cluiche ceannais an chontae a imirt ar an 4 Deireadh Fómhair.

Beidh an sceideal céanna i bhfeidhm don Chraobh Idirmheánach. Níl aon athrú i gceist le leagan amach na craoibhe idirmheánaí agus cloífear leis an tarraingt a rinneadh mí Feabhra.

Fág freagra ar 'Déjà vu don Spidéal agus an tarraingt déanta do Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe 2020'