‘Déistin’ ar an Taoiseach faoi sceitheadh eolais ó Thuarascáil Scally

Deir an Taoiseach go gcaithfí deis a thabhairt do dhaoine tuarascáil Scally faoin gconspóid CervicalCheck a léamh chun go dtuigfidís an chúis go maítear inti nach mbeadh sé ‘riachtanach ná inmholta’ coimisiún fiosrúcháin a bhunú

‘Déistin’ ar an Taoiseach faoi sceitheadh eolais ó Thuarascáil Scally

Ba “déistineach” an beart é eolas a sceitheadh ó thuarascáil Scally faoin gconspóid CervicalCheck, dar leis an Taoiseach Leo Varadkar.

Dúirt an Taoiseach go raibh “alltacht” air gur sceitheadh roimh ré cuid den eolas sa tuarascáil, atá le foilsiú amárach. Ní ‘gnáthscúp’ iriseoireachta a bhí i sceitheadh an scéil seo, a dúirt sé, toisc gur bhain sé le mná atá an-bhreoite agus, i gcásanna áirithe, le teaghlaigh atá faoi ualach bróin.

I measc na moltaí sa tuarascáil ar sceitheadh leis na meáin iad, deir an Dr Gabriel Scally nár ghá Coimisiún Fiosrúcháin a bhunú faoin gconspóid, mar atá geallta ag an Rialtas.

Dúirt Vicky Phelan, duine de na mná a bhí thíos le scannal na dtástálacha ailse, gur léir gur ‘whitewash’ a bhí i gceist leis an tuarascáil.

De bharr eolas a bheith sceite as an tuarascáil is tráthnóna inniu, seachas amárach mar a bhí beartaithe, a bheidh cruinniú ag ionadaithe na mban a d’fhulaing leis an Dr Scally chun moltaí na tuarascála a phlé.

Dar leis an Dr Scally go bhfuil gach ar gá a fháil amach faoin gconspóid, a raibh 221 bean thíos léi, faighte amach aige.

Dúirt an Taoiseach, atá ar cuairt ar Dhún na nGall inniu, gurb é an dearcadh a bhí ag an Rialtas gur chóir Coimisiún Fiosrúcháin a bheith ann, ach go gcaithfí deis a thabhairt do dhaoine tuarascáil Scally a léamh iad féin chun go dtuigfidís an chúis go maítear inti nach mbeadh sé “riachtanach ná inmholta” coimisiún a bhunú.

“Ní mór dúinn éisteacht lena mbeidh le rá ag na daoine is tábhachtaí sa scéal seo, na mná agus a dteaghlaigh. Agus caithfimid éisteacht chomh maith leis an bhfreasúra mar is gnó don Oireachtas é seo.”

Dúirt an Taoiseach go raibh súil aige go léifí go cúramach tuarascáil an Dochtúra Scally agus go ndéanfaí machnamh ceart uirthi.

Dúirt sé go mbeadh fiosrúchán ann maidir le cén chaoi ar sceitheadh eolas ón tuarascáil, ach gur beag a dhóchas go dtiocfaí ar an té a sceith é.

Fág freagra ar '‘Déistin’ ar an Taoiseach faoi sceitheadh eolais ó Thuarascáil Scally'